Gaeilgeoirí a labhraíonn Béarla lena bpáistí – an tabú ar gá é a phlé

Cinneadh idé-eolaíoch é ag Gaeilgeoirí rogha a dhéanamh gan Gaeilge a bhronnadh ar a bpáistí, cinneadh arbh fhiú iarracht a dhéanamh é a thuiscint

Gaeilgeoirí a labhraíonn Béarla lena bpáistí – an tabú ar gá é a phlé

Maidir le Gaeilgeoirí (mór nó beag le rá) a ghlacann cinneadh gan a bpáistí a thógáil le Gaeilge, nó go dátheangach nó go trítheangach, tá focail Philip Larkin ábhartha:

They fuck you up, your Mum and Dad,
they may not mean to but they do,
they fill you with the faults they had
and add some extra, just for you.

Is amhlaidh gur fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar scoil (Béarla) agus ar ollscoil (Béarla). Anois, níor mhaith liom ‘galar’ na Gaeilge a bhronnadh ar mo chuid páistí gan a gcead. Má léiríonn siad suim sa teanga agus iad níos sine, cuideoidh mé leo í a fhoghlaim ach, dála suim sa cheol, san iomáint, sa litríocht srl, tá leisce orm suimeanna agus claonadh s’agamsa a bhrú ar mo chlann.

(Trácht ar Tuairisc.ie ó dhuine a thug ‘File’ air féin)

A ‘Fhile’ a chara,

Go raibh maith agat as ucht an teachtaireacht fhíorspéisiúil a d’fhág tú faoi alt liom a foilsíodh ar an suíomh seo roimh Nollaig. Tá súil agam nach miste leat má tharraingím aird uirthi anseo. Cuid den aidhm a bhí agam leis na hailt a bhí agam ar Tuairisc.ie le déanaí ná plé a spreagadh faoin ábhar seo, plé ina mbeadh Gaeilgeoirí nár thóg a bpáistí le Gaeilge páirteach. Tá sé deacair do mo leithéidse an feiniméan seo a thuiscint agus níl seans ar bith agam cur le mo chuid tuisceana gan ionchur ó do leithéidse. Dealraíonn sé go bhfuil saghas tabú thart ar an ábhar seo agus is beag plé ceart a dhéantar air dá bharr. Tugaim faoi deara gur ar bhonn anaithnid atá tú fhéin ag cur do thuairim in iúl. Ní maith an rud é go mbeadh scáth nó eagla ar dhaoine labhairt faoi seo go poiblí.

Nuair a deir mé go bhfuil sé deacair do mo leithéidse an dearcadh agat a thuiscint, an rud atá i gceist agam ná seo a leanas…

Tógadh mo thuismitheoirí le Béarla ach thógadar a gclann le Gaeilge. Thugamar Béarla linn ó dhúchas gan stró ón saol inár dtimpeall. Táim fhéin agus – creidim – mo shiblíní ar fad, thar a bheith buíoch dár dtuismitheoirí go ndearna siad é seo. Dar liom gur bhronn siad bronntanas gan luach orm. Dar liom go bhfuil mo shaol i bhfad níos saibhre toisc go bhfuil dhá theanga ó dhúchas agam. Measaim go mb’fhearr liom go mbainfí géag díom ná ceachtar den dá theanga dhúchais atá agam.

Tá sé deacair agam a thuiscint conas a shílfeadh éinne go mbeadh páiste níos fearr as agus Béarla ó dhúchas amháin aige, seachas Béarla agus Gaeilge. Tá roinnt daoine – cosúil leat fhéin is léir – go maith ag foghlaim teangacha agus tá daoine eile nach bhfuil. Níl mise go maith ag foghlaim teangacha. In ainneoin mo dhíchill níl agam ó thaobh labhairt na Fraincise ach an aimsir láithreach amháin. Níl aon slí go mbeadh an leibhéal líofachta seo sa Ghaeilge bainte amach agam murach an tógaint a bhí agam. Dar liomsa bheadh Gaeilge dhúchais séanta ag mo thuistí orm murach gur labhair siad Gaeilge liom.

D’oscail an Béarla go leor doirse dom i saol na craoltóireachta. D’oibrigh mé ar Today with Pat Kenny, Tonight with Vincent Browne, The Dave Fanning Show, Drivetime agus tuilleadh clár nach iad. D’oscail an Ghaeilge doirse eile dom: Léargas, Scannal, RTÉ Raidió na Gaeltachta…

Mar an gcéanna i mo shaol pearsanta. Tá teanga an ghrá agus an chairdis agam in dhá theanga! Agus, ar ndóigh, ní gá ach ‘advantages of childhood bilingualism’ a chur isteach in Google chun teacht ar pháipéir scolártha ó ar fud an domhain ar an ábhar seo.

Tuigim go pointe an rud a deir tú faoi leisce a bheith ort na claonta agus na suimeanna atá agatsa a ‘bhrú’ ar do chlann. Ach domsa ní mhothaím gur ‘brúdh’ aon rud orm. Labhair mo thuistí Gaeilge liom, sin uile. Níor labhair siad mórán faoin nGaeilge. Ní dúirt siad riamh liom ‘labhair i nGaeilge.’ Ní dúirt siad riamh ‘ná labhair i mBéarla’. Tá sé deacair domsa an nóisean gur ‘spéis’ nó ‘claonadh’ í an Ghaeilge a thuiscint. Domsa is teanga í. Domsa is í mo theanga dhúchais í.

Tuigim dar ndóigh go ndeachaigh roinnt Gaeilgeoirí thar fóir. Léigh mé dírbheathaisnéis Hugo Hamilton The Speckled People agus tá a fhios agam nach róbhuíoch a bhí sé siúd i dtaca le fanaiceacht a athar faoin nGaeilge.

Anois tá a fhios agam gur ag brath ar fhianaise starógach atá mé anseo, fianaise den saghas a rabhas fhéin ag tabhairt foláirimh fúithi i m’alt deireanach, ach measaimse gur eisceacht é cás Hugo Hamilton. Chomh fada agus is féidir liomsa a dhéanamh amach tá formhór na ndaoine ar tógadh le Gaeilge iad agus nár chainteoirí dúchais a dtuismitheoirí, breá sásta gur tógadh le Gaeilge iad. Ní fheictear dom go síleann siad gur dochar a rinne sé dóibh, ach a mhalairt. Ach b’fhéidir go bhfuil dul amú orm. Is cinnte go bhfuil ábhar maith taighde ansin do dhuine éigin.

De réir dealraimh tá ardchumas agat sa Ghaeilge agus an-spéis agat inti ach ina ainneoin sin, feictear domsa go bhfuil tú ag plé na ceiste seo i dtéarmaí chruinneshamhail an Bhéarla. Dealraíonn sé gur cinneadh ‘neodrach’ nó ‘neamh-idé-eolaíoch’, dar leat, Béarla a labhairt le do pháistí. Ach domsa is cinneadh thar a bheith idé-eolaíoch é do Ghaeilgeoirí rogha choinsiasach a dhéanamh gan Gaeilge a bhronnadh ar a bpáistí. Ní féidir le Gaeilgeoirí gan teachtaireacht éigin faoin nGaeilge a thabhairt dá bpáistí lena n-iompar teanga féin. Gaeilgeoir a labhraíonn Gaeilge lena pháistí, tá sé ag tabhairt teachtaireacht dóibh gur rud normálta ar shlí éigin é labhairt na Gaeilge. Cén teachtaireacht faoin nGaeilge a fhaigheann páiste an Ghaeilgeora nach labhraíonn Gaeilge leis nó léi? Nílim ag caint anseo faoi dhaoine ar mhaith leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge ach go dteipeann orthu ar chúis amháin nó ar chúis eile.

Maidir len í a bhronnadh orthu ‘gan a gcead’, pé teanga a roghnaíonn muid a labhairt lenár bpáistí nó gan a labhairt leo, déanann muid é ‘gan a gcead’, tógann muid iad le creideamh amháin seachas ceann eile, nó gan creideamh ar bith, ‘gan a gcead’. Má fhreastalaíonn siad ar naíonra nó crèche nó má thugann muid aire dóibh sa bhaile, déanann muid é sin ‘gan a gcead’. Roghnaíonn muid bunscoil le héiteas ar leith dóibh ‘gan a gcead’ agus mar sin de. Ní féidir linn gan tionchar ‘gan a cead’ a imirt ar ár bpáistí, ní féidir gan iad a mhúnlú ar shlí áirithe ‘gan a gcead’. Ní féidir linn ach ár ndícheall a dhéanamh féachaint chuige go bhfuil an méid a bhronnann muid orthu chun a leasa seachas a mhalairt.

An é sin é i ndáiríre atá á rá agatsa agus ag Gaeilgeoirí eile a roghnaíonn gan Gaeilge a labhairt lena bpáistí – go síleann sibh gur chun leasa bhur bpáistí iad a thógáil le Béarla, agus nach chun a leasa iad a thógáil le Gaeilge?

Fág freagra ar 'Gaeilgeoirí a labhraíonn Béarla lena bpáistí – an tabú ar gá é a phlé'

  • Éibhear Neff

    Pléite go sár-mhaith agat. Ní féidir liom ach aontú go hiomlán leat. Thóg me mo bheirt mhac le Gaeilge, bíodh gur tógadh mise agus mo bhean le Béarla.

    Bhronn me dhá theanga orthu mar sin. Ní féidir páiste in Éirinn ach Béarla a fhoghlaim, tá sé mórthimpeall orainn.

    Teanga is ea an Ghaeilge. Agus nuair atá sí agat is domain ar fad eile í.

  • Cabríní de Barra

    Seachas cúrsaí craoltóireachta, aithním féin san alt seo. Táim an-bhuíoch gur tógadh le Gaeilge mé agus as an saol atá agam dá bharr. Nílim go maith ag foghlaim teangacha agus níl slí ar bith go mbeadh aon cumas agam inti seachas í a bheith agam ón chliabháin. Ní féidir liom mo shaol a shamhlú anois gan an Ghaeilge a bheith lárnach ann; an deis a thugann sí dom dearcadh eile a bheith agam ar an saol agus an dlúth cheangailt a thugann sí dom le chultúir mo shínsear nach mbeadh agam mar dhuine aonteangach. Thug mo athair (mar ba é a bhronn an Ghaeilge orm) bronntanas dom nach féidir luach a chur ar agus atá tar éis cur le saibhreas mo shaol. Is le Gaeilge a thóg mé mo bheirt féin (Béarla ag mo chéile) agus déanfaidh siad féin pé cinneadh gur mian leo maidir leis an Ghaeilge. Ach tá an deis tugtha agam dóibh. Tá neart taighde ar fáil ar fud na cruinne maidir le bhuntáistí an dátheangachas. Tá formhór den domhan dátheangach nó ilteangach. Is mionlach iad siúd a thógtar le teanga amháin. Má tá dhá (nó níos mó) teanga agat, cén fáth nach ndéanfá iad a roinnt le do pháistí? Is ar a leas é i gcónaí. Ach is cosúil go bhfuil meon diúltach fós i measc roinnt de phobal na hÉireann, Gaeilgeoirí ina measc i dtaobh an Ghaeilge. Ní dóigh leo go bhfuil sí ar chomhchéim le teangacha eile; is míbhuntáiste í; is constaic í; is teanga an bhochtanais í; is caitheamh aimsir í. Ní thuigim an meoin sin ach is gá é a thuiscint chun gur féidir plé ionraic a bheith ann faoi thodhchaí an Ghaeilge. Mura bhfuil daoine le Ghaeilge sásta Gaeilge a labhairt lena bpáistí féin, cad atá i ndán di?

  • Siobhan bean ui laoire

    Sar alt .aontaim leat.nil gaeilge liofa agam ach is brea liom na cupla focal a labhairt le Mo ghar mac a theann go gaeil scoil agus a bhfuil athas air e a labhairt liom

  • Eoghan Ó Néill

    Chonaic mé seo cúpla uair, daoine le líofacht gaeilge acu a labhraíonn béarla lena bpáistí. Is dócha go measann siad go bhfuil an béarla uachtarach agus gur fearr dóibh bheith mar chuid den chultúr mór Anglo atá caithréimneach ar fud na cruinne – amharc lucht an Trompadóra thall ag ciapadh na Latinos! Ach ní amhlaidh do dhaoine a mothaíonn go bhfuil rian de chultúr na nGael ionntu agus nach Anglos iad ina gcroíthe istigh – is í an ghaelig a labhróidh siad lena bpáistí féin agus le himeacht aimsire lena ngarpháistí. Táid ann nár ghéill ariamh, an dúchas beoga ina gcroí’, seanscéalta ár sinsir ag na paistí, spórt is scléip amuigh ag spraoi!

  • Credo

    Bíodh go bhfuil staitisticí dhearfacha ag Foras na Gaeilge faoi deathoil an phobail sna 26 contae i leith na teanga tá sé i bhfad níos deacra an Ghaeilge a labhairt le do pháistí i nGalltacht na hÉireann ná í a labhairt thar lear. Níl an cúlra neodrach abhus.
    Is minic go mbíonn dearcadh beagnach ciníoch timpeall ar thuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge i nGalltacht na hÉireann. Faoiseamh mór do go leor teallaigh Ghaelacha is ea imeacht leo go tír ar bith eile ar laethannta saoire. Gabh ag saoire in Éirinn in éineacht le teallach Gaelach ar bith agus tuigfidh tú cúrsaí níos fearr ná mar a léiríonn suirbhéanna dearfacha Millward Brown agus Amárach do Fhoras na Gaeilge.

  • Victor

    Tá mé ag ceapadh gurb é atá i gceist ag an ‘File’ ná gurb é saol an Bhéarla an gnáthshaol in Éirinn. Agus tá sé nó sí ag iarraidh go mbeadh gnáthpháistí aige nó aici. Nach mbeadh siad marcáilte go mbeadh siad ag cur an milleán air nó uirthi faoi gur cuireadh an marc seo orthu. Má d’fhoghlaim an ‘File’ Gaeilge ar scoil Bhéarla agus san ollscoil is léir gur spéis éicint a bhí aige nó aici inti. Is ar éigean is féidir Gaeilge a fhoghlaim go leibhéal sásúil i scoil Bhéarla i ngan fhios duit. Caithfidh spéis a bheith agat inti. As an tuairim gur spéis é a d’eascair an tuairim, is dóithí, nach gá do chuile dhuine an spéis céanna a bheith acu, tuairim an-daonna, déarfainn. Ach léiríonn sé tuairim atá ag go leor daoine in Éirinn, Gaeilgeoirí nó daoine nach bhfuil Gaeilge acu, is é sin gur ábhar scoile, nó rud a bhaineann le oidhreacht (agus is ionann é sin beagnach agus stair na meán-aoise) na hÉireann, nó caitheamh aimsire í an Ghaeilge. So ní féidir leat a bheith dáiríre agus Gaeilge a labhairt le do pháistí, sin an meon. Ní rud céanna é agus scoil nó creideamh nó rud ar bith eile a luaigh Fachtna a roghnú don pháiste, de réir an mheon seo. Sin caitheamh aimsire a bhrú ar dhuine. Ní bhaineann Gaeilge le féiniúlacht na ndaoine sin mar theanga labhartha, ach baineann sí leis na siombail, is maith an rud é roinnt Gaeilge a bheith agat ach is léir an méid a fhoghlaimeoidh tú ar scoil. Má tá duine éicint ag iarraidh freagra a fháil ar an gceist cén fáth nach labhraíonn Gaeilgeoirí áirithe Gaeilge lena bpáistí caithfear tuiscint cén fáth a labhraíonn Gaeilgeoirí eile í agus beidh sé soiléir ansin cé atá in easnamh ag an gcéad dream. An fhíric go bhfuil dhá theanga ó dhúchas go maith do shláinte mheabhrach an duine, ní cheapaim gur féidir léi go leor daoine a thiomáint i dtreo teanga áirithe a thabhairt dá bpáistí. Is túisce a bhaineann daoine úsáid as an bhfíric seo, is dóithí, le ceisteanna iontais a sheachaint. Dar liomsa gurb é fís na hathbheochana a thiomáineann go leor dóibh siúd a thógann a gcuid páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. So b’fhéidir gurb é sin an rud nach bhfuil acu siúd nach ndéanann é. Míle buíochas, a Fhachtna, as an gceist seo a ardú.

  • Seán Ó Floinn

    Tá an ceart ar fad agat. Tagann an meon seo ón liobrálachas – ceaptar gur rud tíoránach aon rud a ‘bhrú’ ar aon duine agus go mbeadh gach duine saor a rogha rud a dhéanamh. Ceaptar gur rud seanfhaiseanta é luachanna nó suáilcí a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile, agus tá an rud céanna fíor i gcás na Gaeilge.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Níl mé cinnte, a Fhachtna, an é an rud atá tú a mholadh an rud ba mhaith liom féin. Deir tú go bhfuil dhá theanga dhúchais agat – an teanga a fuair tú sa bhaile (an Ghaeilge) agus an teanga a thóg tú taobh amuigh den bhaile (an Béarla). Deir tú in áit eile i d’alt, faoin Ghaeilge: “Domsa is í mo theanga dhúchais í.”

    Tógadh mise le Gaeilge agus is í mo theanga dhúchais í, dá réir. Níl sa Bhéarla ach teanga eile agam, teanga ab éigean dom a fhoghlaim le go dtiocfadh liom maireachtáil in Éirinn na mBéarlóirí; an dóigh chéanna arbh éigean dom gráinnín Fraincise a fhoghlaim nuair a tháinig mé a chónaí sa Bhruiséil.

    Glacaim leis gur ar thógáil clainne le Gaeilge atá tú ag caint? Tá níos mó i gceist leis sin ná ‘Gaeilge a labhairt le do chlann.’ (Ceist eile ar fad, ceist thábhachtach ba chóir a phlé, fosta: ar chóir na páistí a thógáil le Gaeilge, nó ar chóir iad a thógáil leis ‘an dá theanga’ – cibé is ciall leis sin.)

    Creidim gur ainbhiosáin agus abhlóirí agus díol trua na daoine a bhfuil an Ghaeilge acu ach nach labhrann í lena gclann. Tá siad líonmhar.

    Maidir le ‘File’, tá sé mar atá sé, agus seans gur mór an mhaith dá chuid páistí nach bhfuil sé ag tabhairt a dhath dóibh ‘gan a gcead’ i.e. nach bhfuil sé ag tabhairt a dhath dóibh. Tá súil agam go bhfaighidh a chuid páistí a chúiteamh sin d’oideachas agus d’oiliúint ó dhaoine eile.

    Is suimiúil an méid a scríobh Niall Ó Dónaill sa chaidibil ‘Teanga is Léann’ in Na Glúnta Rosannacha:
    “Tháinig an Béarla chun na Rosann leis na plandóirí tá trí chéad bliain ó shin, ach ba bheag aird a bhí ag an phobal air go deireadh an 18ú céad. Thug sé an chéad chéim ar aghaidh nuair a tógadh an baile cuain ar Inis Mhic Duirn. Chuidigh fás an Chlocháin Léith leis ina dhiaidh sin. Chuidigh na gardaí cósta, na ribhínigh, na péas, na hoifigigh custaim, na giollaí tiarna, na mairneálaigh a tháinig i dtír leis. Ba mhór an cuidiú an imirce agus na scoileanna aige. I ndeireadh ama chuidigh gach uile ní leis: na damhsaí, na haontaí, na siopaí, na cruinnithe, na páipéir, na leabhair; gach uile dhuine a raibh post aige, gach uile dhuine ar mhaith leis comhrá a thabhairt don té a raibh post aige, gach uile dhuine a raibh clann aige le cur chun na coigríche. Spréigh sé as na bailte poirt agus na bailte tráchtála; shiúil sé ar thaobhanna na mbóithre; tháinig sé go briotach as na hallaí agus na beairicí, as na pancanna agus na sráideanna. Tháinig a ghramadach as na scoileanna, a chora cainte as na croisbhealaí, a mhionnaí móra as tithe tábhairne na hAlban. Tháinig a chaithréim as an náire faoina ndúchas féin a chuir ainbhiosáin isteach i gcroí na hóige.
    Fad is a bhí líon na ndaoine ag méadú sna Rosa mhair an Ghaeilge go láidir mar sin féin. Níor chuir sé cúl uirthi go ró-mhór na fir a bheith ag gabháil go hAlbain seal den bhliain chuig an fhómhar. Tháinig meath na teanga le meath an phobail. Nuair a chuaigh an t-aos óg a dhéanamh buanimirce, tógadh an gháir:

    ‘Caidé an mhaith an Ghaeilge do na páistí nuair a fhágfas siad an baile?’

    Ba í sin an gháir abhlánta a scrios an teanga Ghaeilge ar fud Éireann ach sa bheag, agus a rinne díobháil mhór di sna Rosa.”

  • Màire Úna Ní Bheaglaoich

    A chairde,’sè an trua an meon cóilìnithe seo a bheith ag an oiread san Èireannach.Nì léir dom daoine ò aon tìr eile a bhrith chomh suarach ag cáineadh a dteanga féin…teanga chomh saibhir,chomh hàrsa.Thògas mo thriùr inìon trè Ghaelainn i mBaile na nGall i gCiarraì…tà siad ag obair i nGaelscoileanna i mBaile Àtha Cliath inniu.Labhras Gaelainn ar fad lem’ gharchlann, 21,19,agus 5 mbliana,i mBÁC.Ghlacadar leis mar rud nàdùrtha agus nì labhrann siad ach Gaelainn liom.Tàimìd timpeallaithe age Bèarla…mòràn iriseoirì ag sìor- chaitheamh anuas ar an dteanga…cinìochas!Nò ceann èigin, dhà làmhach fèin sa chois!Leanaimìs orainn ag bronnadh na teangan ar an oiread daoine agus is fèidir.Tà gach aon teanga dhá labhairt sa tìr seo,gan nàire ná ceannfè ar na dreamanna ò thìortha eile go bhfuil cònaì orthu sndo.Dhein impireacht Shasana dìobháil agus èagòir in Èirinn ar feadh 800 bliain.Tarraingìmìs lìne fè.Máire Ùna Nì Bheaglaoich.

  • Séamas Ó Scolaí

    BRONNTANAS GAN LUACH???

  • Colin Ryan

    D’fhoghlaimíos an Ghaeilge liom féin fadó. Táim ag labhairt idir Bhéarla agus Ghaeilge le m’iníon le fada an lá, agus tuigeann sí gnáthchaint na Gaeilge. Cuimhnímid uirthi mar theanga de chuid ár dtíre féin (an Astráil), agus tá a leithéid ar siúl ag Gaeilgeoirí i dtíortha eile, cé nach mór a líon. Dála an scéil, tá cuid ollmhór den domhan i muinín teanga amháin – an chuid is mó de na Sínigh, na Francaigh, na hIodálaigh, na Seapánaigh – is liosta le háireamh iad. Finscéal é an t-ilteangachas, mórán.

  • Séamas de Barra

    Freagra ó Shéamas de Barra ar alt le Fachtna Ó Drisceoil, ‘Gaeilgeoirí a labhraíonn Béarla lena bpáistí –– an tabú ar gá é a phlé
    Cad is Gaeilgeoir dúchais ann? An leor gan ach Gaeilge a labhairt le leanbh chun gurbh í an Ghaeilge teanga dhúchais an linbh sin? An faoi na tuisimitheoirí amháin atá sé a shocrú cén teanga dhúchais a bheidh ag a gclann? Nach é an míniú is ciallmhaire ar an téarma ‘teanga dhúchais’ an teanga is nádúrtha a thagann le duine. Ní gá gurb í an chéad teanga a labhraítear le leanbh an teanga is nádúrtha aige/aici ar ball.
    Tá sé cruthaithe ag an teangeolaí, Brian Ó Curnáin, agus ag a chairde, nach bhfuil ag éirí le leanaí na Gaeltachta sa lá atá inniu ann an Ghaeilge a shealbhú i gceart mar chéad teanga, fiú mura labhraítear leo ag baile ach Gaeilge. Níl ach mionlach beag go leor de thuismitheoirí na Gaeltachta nach bhfuil ach ag labhairt Gaeilge lena gclann ag baile. Más mar sin atá i nGaeltacht an lae inniu, conas gur fearr i bhfad a bheadh an scéal sa Ghalltacht?
    Áitíonn an Dr Ó Curnáin go bhfuil gá leis an nGaeilge a athbheochan sa Ghaeltacht féin, agus molann seisean gan Béarla a mhúineadh do leanaí na Gaeltachta ar scoil go dtí go mbíonn greim maith acu ar an nGaeilge ar dtús.
    Táimse ag siúl ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ó Mheán Fómhair 1970. Deirtear liom gurb í an Ghaeilge gnáth–theanga gach uile thí ar an mbaile fearainn a mbímse ag fanacht ann nuair a thugaim tamall sa Ghaeltacht sin. Deirtear san am céanna liom gur Béarla ar fad a labhraíonn leanaí an bhaile le chéile chomh luath agus a bhíonn siad lasmuigh de dhoras a dtí féin. Béarla a chloisimse ag leanaí na háite.
    An bhfuil leigheas ar an scéal, nó an ea nach bhfuil faic i ndán don Ghaeilge ach an bás? Is fearr a éiríonn le leanaí cloí leis an nGaeilge nuair is muirear mór a bhíonn ann. Is fearr chomh maith an Ghaeilge a bhíonn acu, má bhíonn teacht go héasca acu ar sheanamhráin na Gaeilge. Tugaim é sin faoi deara ar leanaí fiú amháin nuair nach mbíonn Gaeilge acu ach ó aon tuismitheoir amháin. Tá cuid de theaghlaigh Ghaeilge Bhaile Átha Cliath an–dílis don Aifreann Gaeilge, agus tugann sé sin deis nádúrtha dóibh comhrá a bheith go rialta as Gaeilge lena chéile acu.
    Déanaim féin amach go bhfuil gá ag leanaí na Gaeilge leis go múinfí foghraíocht na Gaeilge ar scoil dóibh. Má bhíonn dhá theanga ag leanbh, is minic a tharlaíonn sé go meascann sé/sí foghraíocht an dá theanga le chéile. Ba cheart a oiread de shaibhreas na Gaeilge a thabhairt dóibh agus is féidir, dar shampla, úsáid cheart na réamhfhocal, agus na bhforainmneacha réamhfhoclacha: tá duine ag an madra; tháinig a chuid sin caorach isteach orainne; bhí Muintir Cheallaigh aréir againn. Is úsáidí iad sin nach mbeadh go nádúrtha ag an duine nach í an Ghaeilge an chéad teanga aige/aici. Tá an–ghontacht ag baint le húsáid an ainm bhriathartha sa Ghaeilge: tá líonadh ar phionta; tá lagú ann; tá marú ann. Déan iarracht ar na habairtí sin a aistriú go Béarla, agus tuigfidh tú láithreach go mbíonn comhthéacsanna teanga ann ar mó is gonta an Ghaeilge ná an Béarla. Ní mar a chéile córas treise na Gaeilge agus córas treise an Bhéarla, agus is gá é sin a mhíniú do leanaí a bhfuil an dá theanga acu. Nach bhfuilimid bodhar ag éisteacht le cainteoirí dúchais, nó leathdhúchais, ar Raidió na Gaeltachta féin, ag rá ‘sin é DO thuairim’, agus abairtí eile mar é. Bhíodh abairt ghrinn sa Ghúm fadó againne: ‘tá sé as DO mheabhair.’
    Ní beag sin.
    Mise,
    Séamas de Barra.

  • Tómás Taobh Istigh

    Ceann de na nithe is mó a chuireadh olc orm féin, agus a chuireann cantal fós orm, go bhfeicinn lucht léinn na Gaeilge, ollúna ollscoile, léachtóirí, múinteoirí agus a leithéidí, a bhí ag baint slí mhaireachtála as an nGaeilge, ag tóigeáil a gclann le Béarla. Feicim fós iad, leabhair mhóra agus ailt fhada scríofa i mBéarla acu, nó i nGaeilge fiú, faoin teanga agus gan ag a gclann ach bruscar de theanga. Ní fiú trácht ar na polaiteoirí, ar aire na Gaeltachta ná ar aon dream eile mura bhfuil sé de mhisneach ag muintir na Gaeltachta féin agus acu siúd a bhaineann gaisneas as an teanga í a labhairt lena gclann agus a chinntiú go bhfuil sí ar a dtoil acu.

  • Brian Ó Broin

    Is cuimhin liom gur cuireadh mac ollaimh mhóir le Gaeilge in aithne dom tráth. Dúirt mé i nGaeilge go raibh sé go deas bualadh leis.
    “Oh, that’s Daddy’s work language,” arsa seisean. “I don’t speak it.”
    Ní féidir liom oiread is focal ón ollamh úd a léamh anois gan cuimhniú ar an gcomhrá sin lena mhac.