ANAILÍS: Is gá staitisticí faoi labhairt na Gaeilge thuaidh agus theas a phlé go hionraic, gan faitíos gan náire

Spreag anailís a foilsíodh ar Tuairisc.ie le déanaí faoi fhigiúirí de chuid na Roinne Oideachais ó thuaidh go leor ceisteanna agus freagraí. Seo iarracht dul i ngleic le cuid acu…

ANAILÍS: Is gá staitisticí faoi labhairt na Gaeilge thuaidh agus theas a phlé go hionraic, gan faitíos gan náire

Ar an 26 Samhain d’fhoilsigh Meon Eile alt faoin teideal seo: ‘EISIACH: Titim ar líon na ndaltaí scoile ó thuaidh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí acu’. 

Scríobh Ciarán Dunbar san alt sin:

Tá meath suntasach tagtha ar an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh ó thuaidh, de réir figiúirí de chuid na Roinne Oideachais. Dar leis na figiúirí sin bhí an Ghaeilge mar theanga an tí ag 481 pháiste bunscoile agus meánscoile i dTuaisceart na hÉireann anuraidh. Sin beagnach leath an mhéid a bhí ann cúig bliana ó shin nuair a cláraíodh 821 dhalta a raibh an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu.

Ar an 6 Nollaig rinne mise iniúchadh níos doimhne ar na figiúirí in alt ar Tuairisc.ie. D’éirigh liom briseadh síos a fháil ar na figiúirí i gcomhair gach uile scoil i dTuaisceart na hÉireann. Léirigh mé go raibh mírialtachtaí áirithe sna figiúirí agus ba é toradh na hanailíse gur caitheadh amhras mór ar iontaofacht na bhfigiúirí féin. 

Ó foilsíodh na haltanna seo tá a lán ceisteanna ardaithe agus a lán rudaí ráite ag daoine éagsúla sna meáin, ar na meáin shóisialta, agus liomsa go pearsanta faoin scéal seo. Is dóigh liom gur fiú iarracht a dhéanamh eolas chomh cruinn agus is féidir a chur ar fáil faoi roinnt de na ceisteanna agus na pointí seo. 

Cén fáth gur fhoilsigh an Roinn Oideachais ó thuaidh na figiúirí seo agus an amhlaidh go bhfuiltear ag iarraidh dochar a dhéanamh don Ghaeilge?

Lorg an t-iriseoir Ciarán Dunbar na figiúirí seo ón Roinn Oideachais agus thug siad dó iad. Níor lorg aon iriseoir na figiúirí orthu riamh cheana. Bailítear an t-eolas seo ó gach tuismitheoir i dtuaisceart na hÉireann agus a bpáistí ag tosú ar scoil – mar sin ní rún stáit é go bhfuil a leithéid d’eolas á bhailiú, go háirithe don té a bhfuil páistí aige ag freastal ar scoil i dTuaisceart na hÉireann. Mar a luaigh mé cheana lorg mé féin briseadh síos ón Roinn Oideachais ar na figiúirí i gcomhair gach uile scoil i dTuaisceart na hÉireann. Chuir siad na sonraí sin ar fáil dom in ainneoin gur chuir siad ar mo chumas amhras a chaitheamh ar bhailíocht na bhfigiúirí.  Ón bhfianaise atá againn, níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon chomhcheilg nó uisce faoi thalamh ar bun anseo.

‘Déanta na fírinne bhí mé rud beag amhrasach (faoi na figiúirí) mar bhí an sampla chomh beag sin.Ní raibh i gceist ach 5000 daoine agus níl a fhios agam go díreach caidé a insíonn sin go díreach do dhuine ar bith.’
(Pilib Ó Ruanaí, Iontaobhas na Gaelscolaíochta ar Meon Eile)

 raibh na figiúirí bunaithe ar shampla a thógáil de 5000 duine ach ar dhaonáireamh ar gach uile dhalta ar gach uile bhunscoil agus meánscoil oifigiúil i dTuaisceart na hÉireann – 14,0545 dalta meánscoile agus 183,453 dalta bunscoile. 

Tá breis agus 6,000 dalta san earnáil Gaelscolaíochta sa Tuaisceart faoi láthair. Bheadh breis agus 1,000 eile in earnáil na naíscolaíochta. Tá ar a laghad 700 duine atá ag obair san earnáil sin atá ag plé leis an nGaeilge sa ghnáthlá oibre. Insíonn sé sin níos mó ná mar a insíonn rud samplach ar 5000 duine, rud randamach.
(Pilib Ó Ruanaí, Iontaobhas na Gaelscolaíochta ar Meon Eile)

Is beag a insíonn na staitisticí sin dúinn faoi líon na bpáistí arbh í an Ghaeilge teanga an tí acu. Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na nGaelscoileanna i bPoblacht na hÉireann ó na seachtóidí, ach níl aon fhianaise go raibh tionchar mór ag an méad sin ar líon na bpáistí atáthar a thógáil le Gaeilge. I 1972 bhí níos lú ná 20 Gaelscoil i bPoblacht na hÉireann agus gar do 200 atá anois ann. Mhéadaigh an líon scoileanna fá dhó a bheag nó a mór gach deich mbliana idir 1972 agus 2002 agus chuaigh an ráta fáis i léig ina dhiaidh sin. 

Líon na scoileanna lán-Ghaeilge thuaidh agus theas ó 1972

Bliain Bunscoileanna Iar-bhunscoileanna
1972 11 5
1982 27 9
1992 72 16
2002 144 33
2012 176 41
2018 180 50

Líon na scoileanna lán-Ghaeilge ó dheas amháin

Bliain Bunscoileanna Iar-bhunscoileanna
1972 10 5
1982 27 9
1992 68 15
2002 119 31
2012 141 36
2018 145 44

An tslat tomhais is fearr atá againn le líon na bpáistí atáthar a thógáil le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i bPoblacht na hÉireann, ná an líon páistí 3-4 bliain d’aois a ndeirtear fúthu sa daonáireamh go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais. Is é 2006 an chéad bhliain a bhfuil na figiúirí sin ar fáil di. 

 

Bliain Líon na bpáistí 3-4 bliain d’aois a labhraíonn Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais %  na bpáistí 3-4 bliain d’aois a labhraíonn Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais
2006 1268 1.1%
2011 1533 1.1%
2016 1473 1.1%

(Nóta – Buíochas le Donncha Ó hÉallaithe a chabhraigh liom leis na staitisticí seo)

Léiríonn na figiúirí seo:

  1. Formhór iardhaltaí Gaelscoile i bPoblacht na hÉireann ní thógann siad a bpáistí le Gaeilge
  2. Ní thagann méadú ar líon na bpáistí atáthar a thógáil le Gaeilge i gcomhréir leis an bhfás i soláthar na Gaelscolaíochta i bPoblacht na hÉireann
  3. Tá amhras fiú an bhfuil tionchar suntasach ar bith ag fás na Gaelscolaíochta ar líon na bpáistí atáthar a thógáil le Gaeilge i bPoblacht na hÉireann ach caithfear fanacht daonáireamh nó dhó eile chun é sin a shoiléiriú. 

Faraor, tá an ceangal idir Gaeilge a bheith ag daoine agus na daoine sin a bheith ag tógáil a bpáistí le Gaeilge níos laige ná mar ba mhaith linn. Roinnt de na Gaeil is Gaelaí dá bhfuil ann – de réir gach cosúlacht eile – níor thóg siad a bpáistí féin le Gaeilge, ina measc scríbhneoirí Gaeilge mór le rá, scoláirí Gaeilge, craoltóirí Gaeilge, iriseoirí Gaeilge, daoine atá ag tuilleamh a slí bheatha ón nGaeilge, daoine mór le rá a bhíonn ag freastal ar Oireachtas na Gaeilge srl. Tá an feiniméan seo ar cheann de na driseacha cosáin is mó roimh fhás na Gaeilge mar theanga dhúchais. Má ligeann muid orainn nach ann don fhadhb, ní féidir linn dul i ngleic léi. 

Nach bhfuil níos mó ná 481 páiste arb í an Ghaeilge teanga an tí acu i mBaile Andarsain amháin?

Mhaígh daoine liomsa go príobháideach nó go poiblí go raibh líon ard páistí arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh acu i scoil nó i gceantar ar leith. Dúradh é seo mar fhianaise go raibh an líon páistí arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh acu i bhfad níos airde ná mar a thugann na figiúirí oifigiúla le fios.

Mar shampla, thug Máirtín Ó Muilleoir le fios i ngiolc gur shíl sé go bhfuil níos mó ná 481 páiste dá leithéid i mBaile Andarsain amháin.

Tá bunscoil lán-Ghaeilge amháin i mBaile Andarsain – Bunscoil Phobal Feirste. De réir na bhfigiúirí oifigiúla tá 51 páiste, nó 14%, sa scoil sin arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh acu.– figiúr sách ard. Níl aon mheánscoil lán-Ghaeilge i mBaile Andarsain ach níl sé rófhada ó Choláiste Feirste. Ba léir ó mo chuid taighde nach bhfuil na figiúirí oifigiúla do Choláiste Feirste iontaofa. Mar sin glacaimis le meastachán phríomhoide Choláiste Feirste féin, go bhfuil 46 páiste sa scoil sin, nó 7%, arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh acu. Bímis flaithiúil agus deirimis gur as Baile Andarsain leath acu siúd. D’fhágfadh sin 74 páiste as Baile Andarsan atá ag fáil oideachais lán-Ghaeilge agus arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Cá mbeadh an 406 páiste eile? I scoileanna Béarla an cheantair? Fiú mura nglacfá leis an bhfigiúr oifigiúil do Bhunscoil Phobal Feirste rachadh sé dian ort 481 a bhaint amach nuair nach bhfuil ach 355 dalta ar fad sa scoil sin.

Tuigim dar ndóigh go bhféadfadh teaghlaigh dhátheangacha a bheith curtha as an áireamh sna staitisticí seo, ach is ag cur oráistí i gcomparáid le horáistí atáim. De ghnáth maíonn scoileanna go bhfuil tuairim is an méid céanna páistí i dteaghlaigh ina bhfuil tuismitheoir amháin ag labhairt Gaeilge leo is atá i dteaghlaigh ina bhfuil na páistí á dtógáil le Gaeilge. 

Níor chóir do Chiarán Dunbar na figiúirí sin a fhoilsiú i Meon Eile agus cúrsaí mar atá i dTuaisceart na hÉireann mar go bhféadfadh naimhde na Gaeilge leas a bhaint astu.

Ní hé ról iriseoirí a bhfuil Gaeilge acu a bheith mar bholscairí do Ghluaiseacht na Gaeilge, agus ní chun leas Ghluaiseacht na Gaeilge a bheadh a leithéid san fhadtéarma. Aon staitisticí agus taighde iontaofa atá againn – mar shampla daonáireamh Phoblacht na hÉireann agus an Staidéar Cuimsitheach ar Staid na Gaeilge sa Ghaeltachta – léiríonn siad go bhfuil géarchéim ann ó thaobh sheachadadh na teanga ó ghlúin go glúin. Ní chun leas Ghluaiseacht na Gaeilge ligint orainn nach amhlaidh atá. Tá easpa sonraí ann i dtaobh staid na Gaeilge mar theanga dhúchais i dTuaisceart na hÉireann agus táimid ag brath cuid mhór ar eolas starógach ó dhaoine atá páirteach sa ghluaiseacht sin. Ach mar atá léirithe agam thuas, ní féidir brath i gcónaí ar na meastacháin neamheolaíocha sin. 

Bhréagnaigh m’alt ar Tuairisc.ie an méad a bhí ar Meon Eile

Is maith liom moladh chomh maith le duine ar bith eile, ach níl sé seo cruinn. Rinne Ciarán Dunbar tuairisceoireacht chruinn bheacht ar figiúirí oifigiúla ó dhaonáireamh scoile Thuaisceart na hÉireann. Chuir sé na figiúirí sin ar fáil go poiblí, rud a chuir ar chumas aon duine ar mhian leo a ndúshlán a thabhairt lena mhalairt d’fhianaise. Tá spéis ar leith agamsa san ábhar seo agus eolas agam faoi mar gheall ar obair a rinne mé cheana, rud a chuir ar mo chumas na ceisteanna cearta a chur, agus an scéal a fhorbairt dá réir. Ní bheinn ábalta sin a dhéanamh murach go bhfuair Dunbar na figiúirí sin ar an gcéad dul síos – ní bheadh a fhios agamsa gurbh ann dóibh. Thug Ciarán Dunbar gach cabhair agus tacaíocht dom agus mé ag iniúchadh na bhfigiúirí. Is iad na figiúirí féin atá faoi amhras, agus ní obair Chiaráin Dunbar. 

Cad is féidir linn a rá go cinnte faoi na figiúirí i dtaca le líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann? 

Is féidir linn a rá go cinnte i gcás scoileanna áirithe go bhfuil na figiúirí oifigiúla míchruinn agus ró-íseal – mar shampla Coláiste Feirste (7) agus Scoil an Droichid (0). Is féidir linn a rá go cinnte go bhfuil na figiúirí oifigiúla cruinn i gcás scoileanna eile, ag áireamh scoileanna a dtuairiscítear nach bhfuil oiread is páiste amháin iontu atá á thógáil le Gaeilge. Dhearbhaigh na príomhoidí féin i roinnt de na scoileanna sin liom go raibh na figiúirí sin cruinn. 

Agus sin an méid gur féidir linn a rá go cinnte. 

Focal Scoir

Mar fhocal scoir ba mhaith liom dul i muinín na tuairimíochta, tuairimíocht atá bunaithe ar thaithí agus eolas cuibheasach maith a bheith agam, dar liom féin, ar staitisticí a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga dhúchais nó theaghlaigh.

Ní chreidim go raibh laghdú 50% in imeacht cúig bliana ar líon na bpáistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu i dTuaisceart na hÉireann. Ach tá amhras orm freisin faoi cé chomh hard is atá na figiúirí oifigiúla i gcás roinnt scoileanna i dTuaisceart Éireann. Mar shampla, tá amhras orm go bhfuil 73 dalta arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh acu ag freastal ar Scoil Chlochar Naomh Iosaef i nDomhach Mór, scoil Bhéarla ina bhfuil aonad Gaeilge i mbaile beag i gCo Thír Eoghain. Agus tá amhras orm faoi roinnt de na ráitis starógacha a dhéantar faoi staid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh i measc phobal Thuaisceart na hÉireann. 

Fás ar an nGaelscolaíocht sna 26 Contae lasmuigh den Ghaeltacht: 1972‐2018

Fás ar an nGaelscolaíocht sna 32 Contae lasmuigh den Ghaeltach: 1972-2018

Mar iriseoir leanfaidh mé orm ag déanamh mo dhíchill anailís atá bunaithe ar fhianaise agus ar fhíricí a sholáthar faoin ábhar seo. 

Tá ceist iompar teanga i dtearmann an teaghlaigh i bhfad níos casta ná Gaeilge a bheith ag daoine nó an Ghaelscolaíocht a chur ar fáil dóibh. Tá gá le taighde oibiachtúil agus plé oscailte ionraic gan faitíos gan náire chun dul i ngleic leis an dúshlán seo. 

Iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta é údar an ailt seo. Tá sé ina léiritheoir ar an gclár cúrsaí reatha Pléscéal

Fág freagra ar 'ANAILÍS: Is gá staitisticí faoi labhairt na Gaeilge thuaidh agus theas a phlé go hionraic, gan faitíos gan náire'

  • CaféLatteDeDhíthOrm

    ‘Faraor, tá an ceangal idir Gaeilge a bheith ag daoine agus na daoine sin a bheith ag tógáil a bpáistí le Gaeilge níos laige ná mar ba mhaith linn. Roinnt de na Gaeil is Gaelaí dá bhfuil ann – de réir gach cosúlacht eile – níor thóg siad a bpáistí féin le Gaeilge, ina measc scríbhneoirí Gaeilge mór le rá, scoláirí Gaeilge, craoltóirí Gaeilge, iriseoirí Gaeilge, daoine atá ag tuilleamh a slí bheatha ón nGaeilge, daoine mór le rá a bhíonn ag freastal ar Oireachtas na Gaeilge srl. Tá an feiniméan seo ar cheann de na driseacha cosáin is mó roimh fhás na Gaeilge mar theanga dhúchais’

    Leag an colúnaí a mhéar air ansin – bíonn drogall orainn mar phobal labhartha sin a adhmháil. Cén bhunús atá ag an bhfeiniméan seo? An amhlaidh go mbíonn baill de phobal labhartha na Breatnaise ag ligeant orthu féin go mbíonn siad ag tógáil páistí le Breatnais agus Béarla amháin á labhairt acu sa mbaile?

    Tuigtear cé chomh deacair agus atá sé clann a thógáil le Gaeilge sa lá atá inniu ann ach measaim go bhfuil sé iomlán fimíneach luach saothair a bhaint ón nGaeilge agus gan a bheith sásta an beart is tabhachtaí a dhéanamh ar a son.

    An-alt!

  • Éamonn Mac Niallais

    Alt iontach shuimiúil anseo ó Fhachtna.

    ‘Faraor, tá an ceangal idir Gaeilge a bheith ag daoine agus na daoine sin a bheith ag tógáil a bpáistí le Gaeilge níos laige ná mar ba mhaith linn. ‘

    Ta an fíric sin ar eolas againn go maith sa Ghaeltacht le fada an lá! É sin uilig ráite, cé gur mhaith liom féin go mór go mbeadh an ceangal sin níos laidre agus, da n-iarrfaí comhairle orm, go mbeinn ag moladh do dhaoine a gclann a thógail le Gaeilge, tá drogall ollmhór orm bheith ag cáineadh éinne nach bhfuil ag déanamh sin. Ó mo thaithí, bíonn cuid mhór fachtóirí difriúla a mheas ag daoine agus iad ag déanamh an cinneadh pearsanta sin agus níl sé suas agamsa breithiúnas a thabhairt orthu sin. Tá sé suas agamsa mo chuid féin a dhéanamh do mo chlann féin agus cuidiú agus comhairle a thabhairt do theaghlaigh eile a iarrann é sin. Aontaím le Fachtna gur fearr plé ionraice agus oscailte bheith ann bunaithe ar thaighde oibiachtúil(má tá a leithéid ann!).

  • Seán Ó Riain

    An-alt, go deimhin! Tréaslaím leat, a Fhachtna! Ar mhilliún Euro ní labharfainn Béarla, teanga Chromail, le mo pháistí, bíodh go bhfuil cónaí orthu lasmuigh d’Éirinn. Ach tá ‘Gaeil mhóra’ ann atá sásta é a dhéanamh soar in aisce!

  • Proinsias Brinkley

    Eisimleár iontach sibh, dúinne Ó Dheas. Cairn Tóchair, agus Béal Feiriste,an dá áit a raibh sé de phriobláid agam cuairt a thabhairt ortha go fóill. Sasanaigh ab ea mo mhuintir ar Yao has amháingo dtí go dtáinig mo shean athair go h-Éireann (le arm Shasana!) in ainneoin sin throid a mhac i gcoinne iar arm a athair ar son Saoirse. Nï fhéadfainn aon duine do mhuintir mo shean athair, siar go 1539, a dteanga a thréigint.

  • Liam Ó Briain

    Níor léigh mé alt níor fearr riamh ar staid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh. Anailîs beacht ionraic a Fhachtna

  • Colm

    Maith thú Fachtna. An cheart agat. Seans gur cheart comhdháil a eagrú ionas gur féidir seo uilig a phlé? Éinne sásta é a eagru!!!???

  • Tomás

    Tá aithne againn go léir orthu; baineann an Ghaeilge leis an obair (airgead) ach ní mór ‘sos’ a ghlacadh uaithi tar éis na hoibre, ag am lóin, ag am siamsaíochta, ag an mbriseadh, sa bhaile! Níl sí ‘maith go leor’ mar theanga .i. ar an teanga atá an locht agus ní orthu féin. Tá ‘ardaistritheoirí gairmiúla’ ann a dtálann an Ghaeilge go fial flaithiúil orthu, nach fiú leo í a labhairt lena bpáistí ná eatorthu féin, bíodh go bhfuil teangacha eile (mórtheangacha) ar a dtoil acu féin agus ag a bpáistí. Tapaíonn cuid acu an deis chun an Ghaeilge (an teanga oibre) a aithisiú. Is cuma faoi chaighdeán na hoibre toisc ‘nach léifidh éinne’ é ar chaoi ar bith. Cuireann siad a soiniciúlacht in iúl trí ‘bhotúin’ Ghramadaí a dhéanamh d’aon ghnó; ‘trasna an sráid’ mar shampla agus ‘nílimid ag obair anois’ mar leithscéal aige. Meon a bhaineann le muintir na hÉireann amháin é seo, “an sluamheon Éireannach”, a bheirim air, meon aigne atá searbh, meata, cóilínithe. Fimíneach mín mánla ‘cultúrtha’ a bhfuil speilp air agus stiúir faoi.

  • file

    Maidir le Gaeilgeoirí (mór nó beag le rá) a ghlacann cinneadh gan a bpáistí a thógáil le Gaeilge, nó go dátheangach nó go trítheangach, tá focail Philip Larkin ábhartha:

    They f**k you up, your Mum and Dad,
    they may not mean to but they do,
    they fill you with the faults they had
    and add some extra, just for you.

    Is amhlaidh gur fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar scoil (Béarla) agus ar ollscoil (Béarla). Anois, níor mhaith liom ‘galar’ na Gaeilge a bhronnadh ar mo chuid páistí gan a gcead. Má léiríonn siad suim sa teanga agus iad níos sine, cuideoidh mé leo í a fhoghlaim ach, dála suim sa cheol, san iomáint, sa litríocht srl, tá leisce orm suimeanna agus claonadh s’agamsa a bhrú ar mo chlann.