Nach deas é? – ‘Is maith an mustard an sliabh…’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? – ‘Is maith an mustard an sliabh…’

Is maith an mustard an sliabh, a deiridís fadó i gCúige Mumhan, i.e., tar éis a bheith tamall ag siúl an tsléibhe thiocfadh goile ocrais do dhuine. D’íosfadh sé an oiread le carraera an uair sin. Bheadh goile muice aige, slán an tsamhail.

Dá mbeadh do ghoile i gcúl do ghlaice agat bheadh an-ocras ort.

Deirtear gur goile seanduine is é a bheith ina shláinte an goile is fearr ar bith.

Seo ráiteas deas eile a bhí ar bhéal daoine fadó:

Is fíor gur fearr an tsláinte mhór,

Ná na táinte bó amuigh ar féar,

Ach fear gan airgead i mbaile mór,

Is bocht an lón dó a ghoile géar.

Bíonn caint i gcónaí ar an ngéarú goile ach bí san airdeall mar ní ghéaraíonn ubh ghlugair goile. Scríobh fear alt os cionn céad bliain ó shin faoin gcuach agus faoin riabhóg a bhíonn ag freastal uirthi. Is fada óna chéile goile na cuaiche agus goile na riabhóige, a dúirt sé. B’fhurasta don riabhóg a heagán féin chomh maith lena gearrcaigh a shásamh, ach is cinnte go gcuireann eagán mór craosach na cuaiche saothar uirthi.

Más ionann fad agus leithead duit ní hionann lón is goile duit, a deirtí le duine leitheadach is gan a dhíol le hithe aige.

Cuimhnigh i gcónaí gur fearr a bheith ag lorg bia ná ag lorg goile.

Tá leagan cainte i mBéarla ‘to make him swallow his words’. Cuirfidh mise a chuid cainte ina ghoile dó, a déarfá i nGaeilge.

Dá mbeadh pian i do cheann agus do ghoile bunoscionn b’fhearr dhuit cuairt a thabhairt ar an dochtúir, b’fhéidir.

Ar ndóigh, dá mbeadh caint ghránna ar bun ag duine eicínt chuirfeadh sé iompú i do ghoile freisin.

Fág freagra ar 'Nach deas é? – ‘Is maith an mustard an sliabh…’'

  • derry O'SULLIVAN

    Álainn!