Cothrom an lae inniu, Dé Máirt, 900 lá ó shin a sheol na Rúisigh an t-ionradh ar an Úcráin agus ar feadh 600 de na laethanta sin bhí aird an domhain mhóir dírithe ar an gcogadh is mó san Eoraip ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda.
Mhair an aird sin go dtí ionsaithe Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh agus ar bhealach níl mórán tráchta ar an gcogadh le déanaí. Ní hionann sin agus nach bhfuil mórán ag tarlú san Úcráin.
Idir an dá linn tá an cogadh tar éis éirí níos déine. De réir foinsí oscailte, tá an dá thaobh tar éis níos mó trealaimh mhíleata a chailleadh ar an meán in aghaidh an lae ná sa tréimhse roimh an 7 Deireadh Fómhair.
Cé nach féidir brath ar fhoinsí chun líon na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh a fháil, is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil méadú tagtha ar an líon ag an ráta céanna a bheag nó a mhór agus atá tagtha ar an méid trealaimh a cailleadh sa tréimhse chéanna.
Gan amhras tá méadú tagtha ar líon na n-ionsaithe diúracáin a sheol na Rúisigh ar áiseanna bhonneagar na hÚcráine. De réir tuairisce ó na Náisiúin Aontaithe, bhí mí Iúil ní ba mheasa do shibhialtaigh na hÚcráine ná aon mhí eile ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2022 ann.
Mar gheall ar na hionsaithe seo, de réir Ionad an Léinn Oirthearaigh tá an Úcráin tar éis 90% den ghiniúint cumhachta teirmí agus níos mó ná leath den ghiniúint cumhachta hidrileictrí a chailleadh. Meastar go bhfuil thart ar leath d’acmhainn giniúna na tíre ar fad scriosta faoi láthair.
Dul chun cinn na Rúiseach
Tá an cogadh ar an talamh tar éis éirí níos déine fós ó thús an tsamhraidh. D’éirigh leis na Rúisigh talamh a ghabháil beagán ar bheagán lá i ndiaidh lae siar ó chathair Avdiivka i gCúige Donetsk tar éis dóibh í a ghabháil i mí Feabhra. Nuair a chuirtear an méid talún ar an ais seo atá gafa acu le chéile tá dul chun cinn suntasach déanta acu.
Tá a n-aghaidh tugtha ar phríomhlínte soláthair na nÚcránach anois agus má éiríonn leo iad a bhriseadh beidh an chuid eile de Chúige Donetsk atá faoi sheilbh na hÚcráine i mbaol.
Anuas air sin d’oscail na Rúisigh fronta nua thart timpeall ar chathair Kharkiv i mí na Bealtaine chun “crios maolánach” a bhunú, dar leo. D’éirigh leo talamh breise a ghabháil ach cé gur tháinig na hionsaithe aniar aduaidh ar na hÚcránaigh bhí siad in ann iad a stopadh agus is sprioc é sin nach féidir a bhaint amach faoi láthair.
É sin ráite tá na Rúisigh tar éis dul céim chun tosaigh i mbeagnach gach láthair chogaidh.
Léiríonn sé seo cé chomh tábhachtach agus atá earnáil déantúsaíochta arm na Rúise. Tá an chuma ar chúrsaí gur féidir leo cur suas leis an méid trealaimh mhíleata agus líon na saighdiúirí atá á gcailleadh acu agus go mairfidh siad níos faide ná na hÚcránaigh.
Iarrachtaí na nÚcránach
Ach níl na buntáistí go léir acu. D’fhág feachtas na hÚcráine i gcoinne chabhlach na Mara Duibhe go raibh orthu an chuid is mó dá gcuid long a tharraingt amach ó chalafort Sebastopol sa Chrimé ghafa agus iad a bhogadh go Novorossiya sa Rúis.
Nuair a fuair na hÚcránaigh diúracáin ar a dtugtar ATACMS ó na Stáit Aontaithe i dtús an tsamhraidh sheol siad feachtas i gcoinne chórais frith-aerárthaí na Rúise sa Chrimé. Scrios siad roinnt mhaith acu ach is dóichí ná a mhalairt go bhfuil an feachtas mar chuid de na hullmhúcháin chun córais frith-aerárthaí sa Chrimé a lagú sula gcuireann siad a scairdtrodairí F-16 nua san aer.
Is deacair a shamhlú go mbeidh tionchar suntasach ag na buanna seo ar dhul chun cinn an chogaidh. Níl sé ar a gcumas ionsaithe a dhéanamh ar an talamh chun an Chrimé a athghabháil agus ar deireadh thiar thall is é an méid talún atá gafa ag an dá thaobh a shocróidh toradh an chogaidh.
Kursk
Níos mó ná bliain ó shin sheol na hÚcránaigh frithionsaithe chun cuid de na críocha gafa i ndeisceart na tíre a athghabháil ach theip orthu. Seachtain ó shin sheol siad feachtas nua i dtuaisceart na tíre trasna na teorann ar Chúige Kursk sa Rúis, rud a tháinig go hiomlán aniar aduaidh ar na Rúisigh agus tuairiscítear go bhfuil siad tar éis bogadh níos faide laistigh de sheachtain ná mar a bhog siad laistigh de dhá mhí agus iad ar an bhfrithionsaí anuraidh.
Ag an bpointe seo is deacair a thuiscint go hiomlán cén fáth go ndearna siad an t-ionsaí seo ag an am seo agus iad ag cailleadh talún san oirthear i gCúige Donetsk. B’fhéidir gurb é is aidhm do na hionsaithe trasna na teorann ná cur isteach ar línte soláthair na Rúise nó deireadh a chur leis na hionsaithe airtléire laethúla ón Rúis ar bhailte agus sráidbhailte Chúige Sumy san Úcráin.
Ach tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil sé mar phríomhsprioc ag na hÚcránaigh talamh a ghabháil chun na Rúisigh a mhealladh ó láithreacha cogaidh eile agus de réir foinsí Rúiseacha tá sé seo ag tarlú cheana féin.
Tá an feachtas seo ar scála i bhfad níos mó ná na ruathair a rinne siad trasna na teorann ar Chúige Belgorod anuraidh agus tuairiscítear go bhfuil aonaid a bhfuil a lán taithí acu páirteach sna hionsaithe agus níl ach coinscríofaigh Rúiseacha ina gcoinne ar na chéad línte cosanta.
D’éirigh leis an bhfórsa roinnt mhaith coinscríofach a ghabháil agus seans freisin go mbeidh siad in ann seilbh a ghlacadh ar thalamh na Rúise ach beidh orthu cosaintí a thógáil chun é a choimeád.
Má éiríonn leo an fód a sheasamh go fadtéarmach ní hamháin go dtabharfaidh sé sin ardú meanman dóibh ach beidh siad in ann an buntáiste seo a úsáid mar mhír mhargántaíochta in aon chainteanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, rud a luaigh urlabhraí ó oifig an Uachtaráin an tseachtain seo caite.
Ach déanfaidh na Rúisigh gach iarracht a gcríocha a athghabháil agus ag an bpointe seo is deacair a shamhlú nach mbeidh na deacrachtaí céanna ag na hÚcránaigh agus atá acu i gCúige Donetsk san oirthear faoi láthair.
Fág freagra ar '900 lá ó cuireadh tús le hionradh na Rúise, tá an cogadh san Úcráin ag dul i ndéine'