727 cás nua fógartha agus an tríú maidhm den víreas againn

Deir an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go bhfuil cúrsaí 'an-an-tromchúiseach' agus líon na gcásanna den víreas ag ardú 'an-sciobtha'

727 cás nua fógartha agus an tríú maidhm den víreas againn

Tá 727 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte. Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt acu.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go bhfuil cúrsaí “an-an-tromchúiseach”.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go bhfuil líon na gcásanna nua den ghalar ag fás idir 5-7% in aghaidh an lae agus go bhfuil an galar á scaipeadh níos sciobtha anois ná mar a bhí aon uair ón earrach.

Ba shoiléir, arsa Nolan, go bhfuil “an triú maidhm” den Covid-19 againn.

D’fhéadfadh go bhfuil ráta atáirgthe an ghalair anois idir 1.5 agus 1.6, a dúirt sé.

Dúirt Nolan go bhfuil rudaí chomh holc anois i mBaile Átha Cliath is a bhí nuair ba mheasa an dara maidhm mí Dheireadh Fómhair. Fógraíodh 311 cás nua i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

Má leanann an galar ag scaipeadh mar atá beidh 1,300 cás sa lá sa stát faoin 6 Eanáir, a deir Nolan. 1,800 cás a bheadh ann le fás 7%.

Tá NPHET ag moladh do dhaoine fanacht sa bhaile agus éirí as a bheith ag bualadh le daoine go sóisialta.

Bhain 44 den 727 cás nua inniu le Dún na nGall, 44 cás eile a bhain le Corcaigh, 24 cás a bhí i gCiarraí agus 24 cás a bhí i gcontae na Mí.

16 cás a bhí i bPort Láirge, 15 cás a bhí i nGaillimh agus níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i Maigh Eo.

241 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 29 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 555 cás nua den ghalar deimhnithe ansin le lá anuas agus go raibh seachtar eile a raibh an galar orthu básaithe.

Tá 446 othar sna hospidéil agus an galar tolgtha acu agus tá 30 acusan in aonad dianchúraim.

Tá ráta scaipthe an Covid-19 sa stát anois imithe suas go dtí 122.4 cás in aghaidh gach 100,000.

Is i nDún na nGall atá an ráta is airde go fóill – 274. Tá an ráta i gCiarraí – 125 -os cionn an mheánráta náisiúnta freisin.

Ráta 119 atá i gcontae na Mí, 111 atá i Maigh Eo, 108 atá i bPort Láirge, 59 atá i gCorcaigh agus 52 atá i nGaillimh.

Is maith an seans go mbeidh taisteal ó chontae go contae ar cheann de na hábhair a phléifidh an Rialtas amárach agus srianta breise á bplé acu. Sin a bhí le rá ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney ar maidin. Dúirt sé chomh maith go measann sé go gcuirfear na srianta breise sin i bhfeidhm roimh Lá Nollag an mBan, an 6 Eanáir.

Bhí an rud céanna le rá ag an Aire Iompair Eamon Ryan agus é den tuairim go bhfógrófaí srianta breise amárach. Dúirt Ryan gur drochsheans go scaoilfí an cosc ar thaisteal as an mBreatain roimh an Nollaig.

Cé gur oth leis a gcás, dúirt Eamon Ryan nach mbeadh na hÉireannaigh atá ina gcónaí sa mBreatain in ann filleadh abhaile i gcomhair na Nollag.

Bhí pleananna á réiteach ag an Rialtas chun daoine a chónaíonn in Éirinn agus atá sáinnithe sa mBreatain a thabhairt abhaile. Daoine iad sin a bhí ag teacht thar sáile trí aerfort sa Bhreatain nó a bhí thall i mbun oibre. Seachas iadsan, daoine atá riachtanach ó thaobh a gcuid oibre amháin a ligfear anall.

Dúirt Simon Coveney go ndéanfaí chuile iarracht tiománaithe leoraithe, atá sáinnithe sa Ríocht Aontaithe agus iad ar a mbealach chun na Mór-Roinne, a thabhairt abhaile.

Bhí thart ar 250 leoraí as an tír seo sáinnithe thall i Sasana ó chuir an Fhrainc deireadh leis an trácht ar fad ón Ríocht Aontaithe chun na tíre sin – bíodh sin ar bóthar, ar muir nó san aer. Tá an cosc i bhfeidhm ó mheán oíche aréir go ceann 48 uair an chloig agus iarracht atá ann an cineál nua den choróinvíreas atá an-tógálach agus atá ag scaipeadh go rábach in oirdheisceart Shasana a choinneáil amach as an bhFrainc.

Dúirt Aire Iompair na Fraince, Jean-Baptiste Djebbari, go nglacfaí le prótacal ag leibhéal an Aontais Eorpaigh “lena chinntiú go bhféadfadh an córas iompair ón Ríocht Aontaithe feidhmiú arís”.

Tá sé deimhnithe ag Aire Oideachais Stormont, Peter Weir go mbeidh daltaí iarbhunscoile sa Tuaiscirt nach bhfuil scrúduithe stáit acu i mbliana ag foghlaim ón mbaile ón 25 Eanáir go dtí saoire lár téarma mhí Feabhra.

Dúirt an tAire Weir leis an bhFeidhmeannas: “Ag brath ar an staid ina mbeidh cúrsaí sláinte phoiblí, táim ag moladh go mbeadh daltaí ag foghlaim ó chian ón 25 Eanáir go dtí an lár téarma, gach dalta dara leibhéal nach bhfuil scrúdú stáit acu i mbliana.”

“Caithfimid na daltaí is mó atá i mbaol ó thaobh na sláinte a chosaint, teastaíonn uainn na scoileanna speisialta a choinneáil ar oscailt agus soláthar a dhéanamh do na daltaí is leochailí atá againn,” a dúirt an tAire Weir.

Bhí Aire Sláinte Stormont, Robin Swann, tar éis amhras a chaitheamh ar athoscailt na scoileanna roimhe sin. Dúirt Swann go raibh sé ag glacadh comhairle ón bpríomhoifigeach sláinte agus ón gcomhairleoir eolaíochta. “Ní dóigh liom go mbeifear ábalta filleadh ar an scoil mar is gnáth i mí Eanáir,” a dúirt Swann.

3,361 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,158 duine ó dheas den teorainn agus 1,203 duine ó thuaidh di.

142,764 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 80,267 cás ó dheas agus 62,497 ó thuaidh.

Thug rialálaí cógais leighis na hEorpa, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, ceadú coinníollach do vacsaín Covid-19 Pfizer/BioNTech inniu. Ní thabharfar an vacsaín d’aon duine san Aontas Eorpach nó go mbeidh cruinniú ag an gCoimisiún Eorpach arú amárach ag a bpléifear faomhadh na vacsaíne.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, an tseachtain seo caite go gcuirfí tús leis an vacsaíniú san Aontas Eorpach idir an 27-29 Nollaig.

Cheadaigh an rialálaí cógais san Eilvéis an vacsaín ag an deireadh seachtaine.

Fág freagra ar '727 cás nua fógartha agus an tríú maidhm den víreas againn'