581 cás nua fógartha, ardú breis is 25% tagtha ar líon na n-othar sna hospidéil le seachtain anuas

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 570 cás nua den ghalar deimhnithe ansin, an líon is mó a fógraíodh ó thuaidh in aon lá amháin ó dheireadh mhí Eanáir

581 cás nua fógartha, ardú breis is 25% tagtha ar líon na n-othar sna hospidéil le seachtain anuas

Pictiúr: Leon Farrell/RollingNews.ie

581 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

60 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, ardú breis is 25% le seachtain anuas. Tá 17 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 2,613,558 duine anseo ó dheas agus tá an dara dáileog faighte ag 9 1,873,441.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 570 cás nua den ghalar deimhnithe ansin, an líon is mó a fógraíodh ó thuaidh in aon lá amháin ó dheireadh mhí Eanáir.

Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

43 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá ceathrar acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i gcúig cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,177,136 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 912,250.

Maratón Bhaile Átha Cliath an ócáid mhór is deireanaí atá buailte ag an gcoróinvíreas, rás a bhí le rith ar an 24 Deireadh Fómhair. Seo an dara bliain ar stop an víreas an rás. Agus an cealú á fhógairt ag an lucht eagraithe ar maidin inniu dúradh go raibh “an iomarca rudaí nach eol dúinn” faoin víreas le leanúint leis an maratón faoi Shamhain, go háirithe “an t-eolas is déanaí faoin samhaltú maidir le scaipeadh an Covid-19”.

Dúirt Stiúrthóir an rása, Jim Aughney go raibh an-aiféala orthu an rás a chur ar ceal ach nach bhféadfaidís a bheith cinnte go mbeadh ar a gcumas “gach duine a choinneáil slán sábháilte ag an imeacht” de bharr an méid rudaí “nach eol dúinn”.

Aon duine a bhfuil iarratas déanta acu do mharatón na bliana seo beidh siad istigh ar mharatón 2022 ach más fearr leo, aisíocfar an táille leo.

Ón lá amárach ar aghaidh ní ghlacfar le haon iarratas nua ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) agus an Rialtas ag súil nach gcuirfear aon srianta i bhfeidhm arís a chuirfeadh daoine as obair. Bhí an scéim seo le stopadh an tseachtain seo caite ach cuireadh síneadh léi nuair a cuireadh athoscailt na hearnála fáilteachais ar athlá go dtí an 19 Iúil.

Dúirt an tAire Heather Humphreys go rabhthas ag súil le mar a bheadh daoine vacsaínithe go dtiocfadh cúrsaí eacnamaíochta agus athoscailte chun feabhais agus go mbeadh an 221,000 duine atá fós ar an PUP ag filleadh ar a gcuid oibre. Tá feabhas ar chúrsaí fostaíochta mar bhí 598,000 duine ag fáil íocaíocht na paindéime mí Bealtaine anuraidh.

Meastar go bhfuair breis is 900,000 duine an íocaíocht seo ag tráth éigin ó bhuail an phaindéim an tír. Mí Márta 2020 a tugadh an scéim seo isteach agus é i gceist go mbeadh an íocaíocht á híoc ar feadh trí mhí ach tá €8.2 billiún íoctha faoin tráth seo. Tá sé i gceist an íocaíocht a laghdú ón 14 Meán Fómhair.

Ar an taobh eile den domhan tá an dianghlasáil a cuireadh i bhfeidhm i Sydney na hAstráile ar an 26 Meitheamh agus a bhí le críochnú Dé hAoine beag seo le fanacht i bhfeidhm seachtain eile agus an chathair ag iarraidh an ráig is déanaí den chineál Delta a chur faoi chois. Beidh na scoileanna ag athoscailt an tseachtain seo chugainn ach is ón mbaile a dhéanfar an scolaíocht. 350 cás den víreas, i gcathair ina bhfuil 25 milliún duine ina gcónaí, atá deimhnithe ansin ó fógraíodh an chéad cheann trí seachtaine ó shin.

Fág freagra ar '581 cás nua fógartha, ardú breis is 25% tagtha ar líon na n-othar sna hospidéil le seachtain anuas'