5,265 cás nua den víreas fógartha, 4,673 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

5,265 cás nua den víreas fógartha, 4,673 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

5,265 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 4,673 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

708 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 31 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 71 díobhsan in aonad dianchúraim, ochtar níos mó ná mar a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 4,243 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

387 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 22 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '5,265 cás nua den víreas fógartha, 4,673 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'