50 bliain ó shin a imríodh an chéad chluiche ceannais i gcraobh peile na mban – ní raibh focal faoi aon áit

Beidh súil go mbeidh os cionn 50,000 duine i bPáirc an Chrócaigh inniu nuair a thosóidh an imirt sa 50ú cluiche ceannais idir Ciarraí agus Áth Cliath

50 bliain ó shin a imríodh an chéad chluiche ceannais i gcraobh peile na mban – ní raibh focal faoi aon áit

Mar ba ghnách, nuair a tháinig an Domhnach 13 Deireadh Fómhair 1974, bhí fáil ar nuacht spóirt an deireadh seachtaine ar na leathanaigh spóirt den Sunday Independent.

Bhain na scéalta sacair ba mhó le bua Manchester United ar Notts County in Old Trafford de bharr an chúil a scóráil Sammy McIlroy ansiúd, le bua Chelsea ar Tottenham agus leis na cúil a scóráil Kevin Keegan agus Ian Callaghan do Liverpool i gcluiche arbh é Steve Heighway laoch na himeartha.

Ba é Jack Charlton a bhí ina bhainisteoir ar lucht caillte na himeartha, Middlesbrough.

Bhí an chéad bhabhta de Shraith Náisiúnta Iomána CLG le bheith ar bun an tráthnóna sin agus ba dó sin a thagair formhór na bpíosaí a bhain leis na Cluichí Gaelacha – ní bhíodh aon chluichí  á n-imirt ar an Satharn an uair úd.

Seacht gcluiche sraithe a bhí liostáilte ar an Domhnach sin, mar aon le dornán cluichí ceannais contae. Tugadh an leagan amach freisin a bheadh ar dhosaen cluichí a bhí le n-imirt i Sraith Shinsir Chlubanna Átha Cliath sa bpeil.

Trácht ná tuairisc ní raibh le fáil sa nuachtán, ná in aon cheann eile dá ndéarfainn sin, ná go deimhin ar cheachtar den dá stáisiún raidió a bhí sa tír (RTÉ agus RnaG) ar chluiche thar a bheith stairiúil a bhí le n-imirt i nDarú i gcontae Laoise ag 3.30pm an lá sin.

An chéad chluiche ceannais i gCraobh Shinsearach Peile na mBan.

Beidh súil go mbeidh os cionn 50,000 duine i bPáirc an Chrócaigh inniu nuair a thosóidh an imirt sa 50ú cluiche ceannais idir Ciarraí agus Áth Cliath.

300 ar a mhéid a bhí i nDarú an Domhnach sin nuair a fuair Tiobraid Árann bua cúilín ar Uíbh Fhailí (2-3 in aghaidh 2-2) . Oiread agus focal faoi ní raibh lá arna mhárach ar na leathanaigh spóirt ach an oiread. Lena cheart a thabhairt do Scéala Éireann, bhí alt nuachta ar an bpríomhleathanach faoi mar aon le pictiúr den chaptaein bhuacaigh Kitty Ryan agus an corn in airde aici – bhí pictiúr gránach eile a tógadh le linn na himeartha ar leathanach a ceathair.

Ina contae féin freisin neamhshuim a rinneadh do ghaiscí Kitty Ryan agus a foireann – sílim nach raibh toradh na himeartha féin sa Nenagh Guardian ná sa Tipperary Star. Tugadh ómós níos mó don imirt i lár tíre – bhí pictiúir de mhná Uíbh Fhailí in eagrán an nuachtáin The Westmeath-Offaly Independent ar an Aoine dár gcionn agus cuntas breá le fáil ar an imirt.

Má léann tú an stair a bhaineann le Peil na mBan, tá sé ráite gur eagraíodh sraithchomórtas do mhná agus do chailíní i bparóiste Chill Mhic an Dill Mhic an Duáin in iarthar an Chláir beagnach céad bliain ó shin, i 1926. Féach go raibh caoga bliain eile caite nuair a tháinig an eagraíocht fhoirfe, náisiúnta atá ann inniu ar an saol.

I dtús na 1970idí a bhí féilte áitiúla agus carnabhail ina neart sa tír seo. Bhíodh siadsan a bhí i mbun a n-eagair de shíor ar thóir seifteanna saoithiúla le lucht féachana a mhealladh agus a gcuid cistí a neartú. Thuigeadar go raibh na seanchleasanna ar nós na laethanta spóirt, rásaí asail agus rothair, tarraingt téide agus a leithéid ag imeacht as an bhfaisean. Ansin chuimhnigh duine éirimiúil éicint ar an bplean mná a chur ag imirt peile.

Bhí a leithéid ar bun ag Féile Dhún Garbhán ó 1968 agus an bhliain dár gcionn d’imir oibrithe ban Chomhairle Contae Thiobraid Árann agus Oifig an Phoist i gCluain Meala a chéile ar mhaithe le hairgead a bhailiú don ghorta a bhí ar bun i Biafra ag an am.

As sin tháinig sraithchomórtas do na clubanna i dTiobraid Árann agus i samhradh 1970 cuireadh tús le craobhchomórtas dá leithéid i bPort Láirge agus de réir a chéile mhéadaigh an tóir a bhí ar an spórt.

Sa mbliain 1973 imríodh an chéad chluiche idirchontae – Corcaigh in aghaidh Chiarraí i mBántír. Ba é Dinny Long, peileadóir a bhí ar fhoireann Chorcaí a thug Corn Mhig Uidhir cois Laoi níos luaithe an bhliain sin, a rinne réiteoireacht. Beidh a mhac Darrragh ar dhuine de bhainisteoirí Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Faoin tráth sin bhí an cluiche á imirt chomh forleathan agus go raibh Craobhchomórtais Idirchontae chun cinn ar leic na tairsí. Ar an 18ú Iúil 1974 bunaíodh Cumann Peile na mBan in Óstán Hayes i nDurlas Éile, áit a dtáinig CLG ar an saol ceithre scór go leith bhliain roimhe.

Ba é bua Thiobraid Árann ar Uíbh Fhailí clabhsúr na craoibhe sin.

Tiobraid Árann freisin a bhuaigh an dara craobh shinsir – an ceann ab fhearr acu ar Ghaillimh in mBaile Átha Í agus an bhliain dár gcionn Ciarraí ar Uíbh Fhailí 4-6, 1-5 ar an mBaile Beag i gCo. Thiobraid Árann.

A gcaptaen Mary Geaney as Oileán Ciarraí a scóráil 3-2 d’iomlán a foirne. Ba ise réalt a linne, ní hamháin ar pháirceanna na peile, ach freisin ag camógaíocht, cluiche inar imir sí le Corcaigh. Leathdhosaen uair a d’imir Mary i gcluiche ceannais na fuinseoige idir 1978 agus 1988, ina captaen nuair a bhuaigh siad i 1980.

Trí bliana dár gcionn bhí Mary ar fhoireann haca na hÉireann a bhuaigh Corn Idir-Ilchríocha na mBan.

Aisteach go leor, bhí breis agus deich mbliana eile caite sular tháinig bonn faoi Pheil na mBan sa gceantar is treise daonra sa tír. Ba i mí na Bealtaine 1985 a tháinig Coiste Átha Cliath le chéile den chéad uair – gan i láthair ach ionadaithe as trí chlub – Ráth Cúil, Roibeard Emmet agus Raonaithe na Páirce.

Go gairid ina dhiaidh sin tháinig Naomh Áine Portobello, Tomás Dáibhis, Sáirséalaigh Leamhcáin agus Naomh Finín ar an bhfód. Ráth Cúil a bhuaigh an chéad chraobh a reáchtáladh (1985). Mary Harney T.D. a chuir an corn ar fáil.

Dhá bhliain dár gcionn bhuaigh Áth Cliath Craobh Shóisir na hÉireann. Bhí a chostas féin ag baint lena bhfeachtas – rótharraingt £619 sa mbanc i gceist a tugadh le fios ag cruinniú coiste.

Buicéid a cuireadh timpeall Pháirc an Chrócaigh lá na craoibhe a chealaigh sin!

Ba é a gcliseadh in aghaidh na Gaillimhe in 2004 an chéad uair ar shroich Áth Cliath cluiche ceannais na sinsear. Buadh i bpéire eile orthu sular chuireadar Corcaigh ó mhaith in 2010 agus iadsan ar thóir an séú bua as a chéile.

Agus an chéad chluiche ceannais imeartha thug Cluiche Ceannais Peile na mBan camchuairt na tíre go dtáinig 1985. Ó shin is ar Pháirc an Chrócaigh a imríodh é agus gan ansin ach an ceart.

Athruithe chun feabhais ar fad atá tagtha ón lá stairiúil údaí i ndeisceart Laoise i 1974. Suas agus anuas atá an cheannasaíocht imithe freisin – 9 gcraobh as a chéile ag Ciarraí idir 1982-1990, Port Láirge, Muineachán agus Laois ag teacht chun cinn ina dhiaidh sin nó gur facthas foirne iontach Chorcaí a thug Corn Bhreandán Uí Mháirtín leo 11 uair idir 2005 agus 2016.

Ar fhágáil na páirce dóibh ar an mBaile Beag agus Craobh na hÉireann 1976 buaite, thug Mary Geaney agus a comrádaithe aghaidh ar theach tábhairne a bhí in aice láimhe. Ansiúd chuireadar a gcuid lámha ina bpócaí gur cheannaigh siad ceapairí, tae, caife agus cúpla deoch ar a gcostas féin.

“Níor fhág muid é go dtáinig am dúnta,” a dúirt duine acu ina dhiaidh, ach ná ceap go mba é an ceiliúradh amháin ba chúis leis sin, mar a thug sí le fios sa méid eile caite a rinne sí.

“Cá mbeadh ár dtriall? Bhí a fhios go maith againn cuma cén t-am a mbainfeadh muid an baile amach, nach mbeadh aon tinte cnámh, agallaimh ná ceiliúradh le déanamh.”

Scéal eile a bheas anocht ann agus nach maith sin.

Fág freagra ar '50 bliain ó shin a imríodh an chéad chluiche ceannais i gcraobh peile na mban – ní raibh focal faoi aon áit'

  • Seán

    Cuir animneacha leis an ngrianghraif thuas ldt.