5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Rollers/Sparkers – Kodiak

Níl mórán bannaí sa tír atá níos fearr ná Rollers/Sparkers na hardchathrach, dream a d’eisigh a dtríú halbam, Interior Memory, le gairid gan puinn rí-rá ná mórán bolscaireachta ina thaobh.  Chun an fhírinne a insint, is ceann d’ard-albaim na bliana é seo, saothar atá chomh maith le haon albam eile atá cloiste agamsa go fóill i mbliana.  É sin ráite, is cosúil gurb é an cur chuige atá ag an mbanna nótálta seo ná a gcuid ceoil a scaoileadh amach gan puinn poiblíochta agus scaoileadh leis na hamhráin a dturas ciúin séimh a dhéanamh timpeall na cruinne ag cur lúcháir ar pé éisteoir a chasfaidh orthu. Uaireanta, sin é do dhóthain. Faoi mar a dúirt Charles Rosen “The musical canon is not decided by majority opinion but by enthusiasm and passion, and a work that ten people love passionately is more important than one that ten thousand do not mind hearing”.

Shura – Touch (Four Tet Remix)

Ó Mhoscó na Rúise Shura ach tá sí ag cur fúithi i Londain le blianta beaga anuas.  Dhá bhliain ó shin d’eisigh sí a céad singil ‘Touch’, amhrán tarraingteach R&B a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine.  Anois tá léamh nua déanta ag Four Tet ar an amhrán céanna.  Tá a leagan nua níos tapúla agus tá dord-líne níos téagartha ann ach éiríonn leis an tréith is tábhachtaí den saothar a thabhairt leis: binnghlór pop an bhunleagain.

Mark Pritchard – Beautiful People (feat. Thom Yorke)

Bhí cáil ar Mark Pritchard sna 1990í as an gceol a chum sé agus é ina bhall den ghrúpa Global Communication agus le blianta beaga anuas tá athmheascáin á gcur amach aige faoin ainm Harmonic 313, ina measc sin ceann a dhein sé ar Thom Yorke ó Radiohead sa bhliain 2011.  Tá an léiritheoir is an t-amhránaí i dteannta a chéile arís ar Under The Sun, albam úr sainiúil le Pritchard a bheidh ar fáil ón lipéad Warp i mí na Bealtaine.  Cloisfear anseo Pritchard ag baint úsáid as gaothuirlisí adhmaid, cordaí séimhe sintéiseora agus cnagadh téagartha chun amhrán sícideileach a chruthú i dteannta Yorke.

Mary Lattimore – Ferris Wheel, January

Dhá bhliain ó shin, thug an cumadóir is an cruitire Mary Lattimore léi comhaltacht ó Institiúid Ealaíon agus Oidhreachta Pew – deis nach dtugtar ach do dháréag duine gach bliain – agus le cúpla dollar sa bhreis ina cuntas bainc, bheartaigh sí turas bóthair a thabhairt timpeall Mheiriceá.   Chum sí an píosa áirithe ceoil seo agus í ag féachaint amach ar an Muir Chiúin ó ché Santa Monica i gceartlár an gheimhridh.  Tá sé le clos ar a halbam úr At The Dam, ar saghas dialann bóthair ceoil é.

Ceann ón gCartlann

Mish Mash feat Lois – Speechless

Seo ceirnín dioscó ón mbliain 2005, a chuireann ‘Don’t Stop Till You Get Enough’ le Michael Jackson i gcuimhne dom.  D’eisigh an lipéad Crosstown Rebels an singil agus bhíos á chasadh sna clubanna chomh luath is a fuarthas greim air.  Ar chúis éigin, níor éirigh leis an gceirnín a rian a fhágáil ar dhiosc-mharcaigh is ar rinceoirí na linne, agus is dá bharr sin atá sé á tharraingt amach as an gcófra arís agam chun iachall a chur ort éisteacht leis!  Bí cinnte go mbeidh sé im’ sheilbh agam aon áit a bhead ag casadh na gceirníní an samhradh seo.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'

  • Colin Ryan

    Maith an scéal. Ach cén fáth sa diabhal nach bhfuil amhráin úrchumtha dá leithéid á soláthar i nGaeilge? I gcúrsaí amhránaíochta tá an Ghaeilge báite go hascaill sa seansaol. Ní bheadh a fhios agat go bhfuil aois nua ann.

    • Séamas

      Colin, a chara, ceart agat gur alt maith é seo ach nach bhfuil tú feasach ar an dul chun cinn atá déanta le tamall de bhlianta anois i gcur chun cinn an cheoil nua as Gaeilge? Beidh féile nua ann sa samhradh – táthar ag súil! – darb ainm Ravelóid ag a mbeidh bannaí nua Gaeilge ag seinnt agus bhí gradaim cheoil fiú ag an iris Nós le déanaí chomh maith. Misneach a bhuachaill!