5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Loner Deluxe – Winters Last Fire

Is cumadóir oilte, samhlaíoch é Keith Wallace, ceannasaí lipéid Rusted Rail na Gaillimhe, fear a chumann ceol faoin ainm Loner Deluxe. Bhí sé de phribhléid agam cead a fháil uaidh an rian seo a chnuasú ar mo bhailiúchán ceoil ATT Vol 7 anuraidh agus anois tá sé ar fáil don gcéad uair ann féin, ar an Snowed Under EP ar leathanach Bandcamp Rusted Rail. Tá físeán nua cruthaithe don amhrán agus tá glór gleoite Cecilia Danell le clos air. Ná déan neamhaird ach an oiread ar an dá amhrán eile ar an EP mar tá na poirt sin gan locht chomh maith.


Jessy Lanza – It Means I Love You

Ó chuala don gcéad uair í sa bhliain 2013, táim glan as mo mheabhair i ndiaidh gach ní atá eisithe ag an amhránaí seo ó Cheanada. Seo an chéad singil uaithi i mbliana, an chéad bhlaiseadh óna halbam úr On No, atá léirithe ag Jeremy Greenspan ón ngrúpa The Junior Boys. Pop-amhrán tarraingteach eile é seo, ach é ag preabadh ag 160 buille sa nóiméad, luas i bhfad níos tapúla ná na rithimí níos moille (cibé r’n’b nó disco atá i gceist) atá curtha amach acu go dtí seo.


Tortoise – Yonder Blue

Tá cáil ar an mbanna Tortoise ó Chicago mar gheall ar a gceol spéisiúil uirlise. Táid ar an mbóthar le fada an lá agus iad ina gceannródaithe ar an stíl iar-rac (rianta fada cruthaithe le gnáth uirlisí rac-cheoil, ach iad níos cosúla le snag-cheol ó thaobh an struchtúir de). Tá roinnt mhaith samplaí den stíl seo ar a n-albam úr The Catastrophist ach tá stíl eile ar fad acu ar an amhrán eisceachtúil seo. Ní dóigh liom gur chum an banna riamh amhrán (canta ag Georgia Hubley ón mbanna Yo La Tengo) chomh simplí, chomh rómánsúil ná chomh mealltach leis an gceann seo.


Strength – Northern Ireland Yes

Ó Dhoire don ghrúpa Strength agus táid ar cheann de na rac-bhannaí is suimiúla in Éirinn i láthair na huaire. Formhór na rac-ghrupaí dúchasacha a chloisim na laethanta seo, níl aon ní a sheasann amach mar gheall orthu ach iad ar fad ag cumadh amhrán leamh, gan anam, déanta do na pop-stáisiúin raidió tráchtála, faoi mar a bheidís cruthaithe go speisialta d’fhógraí YouTube nó d’fhógraí teilifíse (leithéidí Kodaline, The Script srl). Ach ní fhéadfadh aon duine a leithéid a chur i leith Strength. Is léir go bhfuil ómós ceart acu do na bannaí cruthaitheacha a tháinig amach as an dtréimhse iar-punk, leithéidí James White & The Blacks nó A Certain Ratio, bannaí a chruthaigh rianta cumasacha as dord láidir agus geonaíl an sacsafóin. Níl aon amhras in aon chor orm ach gur banna fíor-thábhachtach atá anseo agus tá súil agam go dtógfaidh mórán daoine ceann dóibh i mbliana.


Ceann ón gCartlann

Harvey Mandel – Cristo Rendentor

Duke Pearson a chum an t-amhrán álainn seo agus bhí aithne agam le fada an lá ar an leagan de a chuir Donald Byrd amach sna seascaidí. Míle buíochas le mo chara Sarah a chuir an leagan seo ar mo shúile dom. Giotáraí é Harvey Mandel a rugadh i Detroit seachtó bliain ó shin agus a bhí le clos ag casadh le bannaí mar The Rolling Stones agus Canned Heat go dtí gur eisigh sé a chéad albam aonair sa bhliain 1968. Cristo Redentor a thug sé ar an albam agus, sea, seo an chéad rian atá le clos air.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'