36 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas, an líon is mó básanna in aon lá amháin

283 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 73 duine ó thuaidh den teorainn agus 210 ó dheas di. Nach mór 7,000 cás atá deimhnithe

36 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas, an líon is mó básanna in aon lá amháin

Tá 36 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas, an líon is mó básanna in aon lá amháin ó thosaigh an ráig.

283 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 73 duine ó thuaidh den teorainn agus 210 ó dheas di.

345 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna agus 97 cás nua a deimhníodh ó thuaidh.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh triúr eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe sa Tuaisceart.

6,964 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn, 5,709 cás ó dheas agus 1,255 ó thuaidh.

Tá ardú suntasach tagtha arís ar líon na gcásanna in ionaid altranais agus in ionaid chónaithe eile agus 119 braisle cásanna anois iontu, i gcomparáid le 99 roimhe seo.

42,484 tástáil don choróinvíreas atá déanta ó dheas go dtí seo, ardú 12,271 ón tseachtain seo caite.

Tá tástáil curtha ar 9,158 duine ó thuaidh.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur léirigh na figiúirí is déanaí go raibh an “víreas fós anseo agus é fós contúirteach”. Dúirt sé go gcaithfeadh daoine a bheith cúramach gan éirí “bailithe” de na srianta agus nach mór cloí leo chun beatha daoine a shábháil.

Bhí an víreas fós á scaipeadh “ar bhealach atá ina údar imní againn”, arsa an Dr Holohan. Dúirt sé go gcaithfeadh daoine coinneáil leis an iarracht a bhí ar bun acu agus cur leis an iarracht sin.

Údar imní eile é na tuairiscí go raibh daoine ag fágáil an bhaile gan gá, ar sé.

Thug an Taoiseach Leo Varadkar rabhadh do dhaoine tráthnóna fanacht ag baile agus gan imeacht go dtí tithe saoire.

“Ná téigí go dtí teach saoire ná carbhán deireadh seachtaine na Cásca. Tá moill curtha againn ar scaipeadh an víris ach  d’fhéadfadh daoine a bheadh ag taisteal borradh a chur faoi arís agus é a scaipeadh go dtí áiteanna a bhí slán uaidh go dtí seo,” arsa an Taoiseach.

Maidir leis an 36 bás eile a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, seachtar ban déag agus naonúr fear déag a bhí i gceist. San oirthear a bhí 27 duine de na daoine a bhásaigh, bhí seisear i dtuaisceart na tíre agus i ndeisceart na tíre a bhí an triúr eile. In iarthar na tíre a bhí an duine eile. Bhí fadhbanna sláinte eile ag 24 duine acu. Ba í an aois mheánach ná 81.

Dúirt an Dr Tony Holohan nach bhféadfaí brath ar staidéar nua ó Ollscoil Washington inar maíodh go raibh a bhuaic sroichte ag scaipeadh an choróinvíris abhus.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 5,593 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 46.4% de na cásanna agus mná iad 52.7%
  • 270 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 989 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,345 duine
  • As na daoine sin, cuireadh 194 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 1,388 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 3,061 cás, nó 54.7%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 421 cás, nó 7.5%
  • 128 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.3%), 117 a bhí i gcontae Chiarraí (2.1%), 104 cás a bhí i nDún na nGall (2%), 126 cás a bhí i Maigh Eo (3%), 49 cás a bhí i bPort Láirge (0.9%) agus 168 cás a bhí i gcontae na Mí (3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 65% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 12%

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí ó Shráid Downing inniu go bhfuil “bail sheasmhach” ar Boris Johnson i ndiaidh dó a chéad oíche a chur isteach in aonad dianchúraim in Ospidéal St. Thomas.

Dúirt urlabhraí Phríomh-Aire na Breataine go raibh “gnáthchúram ocsaigine” á chur air ach nár theastaigh aon chabhair eile uaidh le hanálú.

Fógraíodh aréir go raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson aistrithe go dtí aonad dianchúraim in ospidéal St Thomas i Londain toisc go ndeachaigh na siomptóim atá air de thoradh an choróinvíris in olcas inné.

Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing gur aistríodh an Príomh-Aire ar chomhairle a dhochtúirí agus go raibh “aire iontach” á tabhairt dó.

Dúirt urlabhraí Johnson inniu gur nár aistríodh an Príomh-Aire go dtí an ICU ach ar fhaitíos na bhfaitíos go dteastódh aerálaí uaidh. “Bhí bail sheasmhach ar an bPríomh-Aire ón oíche aréir agus spion maith air i gcónaí,” arsa an t-urlabhraí.

Tá 6,169 duine básaithe de bharr Covid-19 sa Ríocht Aontaithe, méadú 786 le lá anuas.

Tá nach mór 80,000 duine curtha den saol ag an bpaindéimó thosaigh an víreas sa tSín ag deireadh na bliana seo caite.

Fuair 743 duine eile bás sa Spáinn de réir na bhfigiúirí is déanaí, rud a a d’fhág gur thráigh an dóchas de bheagán sa tír sin a raibh laghdú tagtha ar líon na mbásanna inti ar feadh ceithre lá as a chéile roimhe seo. 13,798 duine atá curtha den saol ag an ngalar Covid-19 sa Spáinn.

Tá 604 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe san Iodáil, ach níor tháinig ach ardú 0.9% ar líon na gcásanna nua, an t-ardú is lú ó cuireadh an tír faoi dhianghlasáil. 17,127 duine ar fad atá básaithe.

Sa Fhrainc, tá os cionn 10,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas anois.

Pictiur: TWITTER/@BAPSCharities

Níor tuairiscíodh aon bhás de bharr an choróinvíris sa tSín inné, an chéad uair nár tuairiscíodh aon bhás in aon chor ó tosaíodh ar fhoilsiú figiúirí i dtaobh na ráige sa tír sin mí Eanáir. Dúirt Coimisiún Sláinte Náisiúnta na Síne gur 32 cás nua den ghalar a bhí ann inné, i gcomparáid le 39 cás Dé Luain.

Tugadh cead do dhaoine in Wuhan, mar ar thosaigh an víreas, an chathair a fhágáil inniu den chéad uair ó mhí Eanáir. Dúradh go mbeadh cead ag daoine a raibh “cód glas” tugtha dóibh ar aip shláinte áirithe an chathair a fhágáil.

Is i ndéine atá na srianta ag dul in áiteanna eile. I bPáras na Fraince tá cosc curtha ar dhaoine aclaíocht a dhéanamh taobh amuigh idir 10am agus 7pm.

I Meiriceá atá an líon is mó cásanna den ghalar anois. Tuairiscíodh tráthnóna go raibh 3,202 duine curtha den saol ag  an gcoróinvíreas i gcathair Nua-Eabhrac, níos mó daoine ná mar a fuair bás ansin in ionsaithe sceimhlitheoireachta 9/11.

Cruinniú Rialtais aimsir na géarchéime. Pictiúr: Leo Varadkar/Twitter

Fógraíodh inniu chomh maith go raibh meabhrán tuisceana sínithe ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas Thuaisceart Éireann chun cur leis an gcomhoibriú maidir leis an gcoróinvíreas.

Luaitear sa mheabhrán comhoibriú maidir le beartais sláinte agus srianta eile, fógraí sláinte phoiblí, taighde agus obair réamh-mheastacháin.

Cuirfear san áireamh chomh maith comhoibriú maidir le teacht ar threalaimh, sa chás go mba bhuntáiste é don dá dhlínse.

Dúirt Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swann gur dúshlán do chách a bhí sa ghéarchéim, dúshlán nár chonacthas a leithéid riamh cheana. “Leanfaimid orainn ag déanamh gach ar féidir chun obair le chéile ar leas an uile dhuine,” arsa Swann.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go mbeadh cur chuige an dá rialtais i leith na paindéime “cosúil lena chéile” nuair “ba chuí sin” agus nuair a bheadh sé sin ag teacht le comhairle na bpríomhoifigeach leighis, thuaidh agus theas.

“Paindéim dhomhanda í seo. Tá sí dall ar gach teorainn agus ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Tá sé riachtanach go ndéanfaí gach ar féidir ar an oileán go léir chun dul i ngleic leis an bpaindéim,” a dúirt Simon Harris.

Dúirt an dá aire go raibh comhoibriú maith ann roimhe seo.

Tá ráite ag saineolaithe áirithe gur beag ciall atá le dhá chur chuige éagsúil a bheith ar aon oileán amháin le linn na géarchéime.

Dúirt Gabriel Scally, Ollamh le Sláinte Phoiblí in Ollscoil Bristol, mar shampla, go gcaithfidh an t-oileán seo oibriú mar aonad amháin in aghaidh an choróinvíris.

Dúirt Scally go raibh an baol ann go gcuirfeadh muid amú go fánach an buntáiste tíreolaíochta atá againn toisc gur oileán muid de bharr polasaithe éagsúla sláinte a bheith á gcur i bhfeidhm ar dhá thaobh na teorann.

Dúirt sé nach “rudaí fánacha” iad na “neamhréireachtaí” idir polasaithe an dá dhlínse.

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar chomh maith go bhfuil sé “níos deacra” dul i ngleic leis an gcoróinvíreas agus dhá chur chuige éagsúil ann.

Fág freagra ar '36 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas, an líon is mó básanna in aon lá amháin'