A bhuaic sroichte inné ag scaipeadh an choróinvíris in Éirinn de réir staidéir nua

De réir staidéar a rinne an Institute of Health Metrics and Evaluation in Ollscoil Washington, faoi mhí Lúnasa beidh os cionn 200 duine eile básaithe ó dheas de thoradh na paindéime

A bhuaic sroichte inné ag scaipeadh an choróinvíris in Éirinn de réir staidéir nua

Tá a bhuaic sroichte ag scaipeadh an choróinvíris ó dheas, ach beidh os cionn 200 duine eile básaithe de thoradh na paindéime faoi mhí Lúnasa, de réir staidéar nua a rinneadh in Ollscoil Washington.

De réir an staidéar a rinne an Institiúid Méadracht agus Meastóireacht Sláinte in Ollscoil Washington ba ar an 4 Aibreán ba mhó a bhí éileamh ar leapacha ospidéil agus ICU sa tír seo agus ní bheidh a leithéid d’éileamh arís orthu, fad is go gcloítear leis an scoitheadh sóisialta as seo go dtí mí Lúnasa.

Maítear sa staidéar chomh maith gur ar an 6 Aibreán a bhain líon na mbásanna sa stát seo buaic amach, lá ar tuairiscíodh 22 bás.

De réir an staidéir ar thíortha na hEorpa tá Éire, an Iodáil, an Spáinn, an Fhrainc, an Ostair, an Ísiltír, an Phortaingéil agus Lucsamburg ar na tíortha ina bhfuil a buaic sroichte ag an ráig, nó ina bhfuil sí ar tí a buaic a bhaint amach.

Tá tíortha amhail Phoblacht na Seice agus an Rómáin leathshlí go dtí buaic na ráige agus tá an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin, an Iorua agus an Ghréig áirithe ar na tíortha a dtiocfaidh borradh faoi líon na mbásanna iontu as seo go ceann coicíse nuair a bhainfidh siad buaic na ráige amach.

Tá na réamh-mheastacháin ar fad faoi scaipeadh an ghalair sa taighde bunaithe ar bheartais a bhaineann leis an scoitheadh sóisialta a bheith i bhfeidhm go dtí mí Lúnasa.

De réir an staidéir gheobhaidh 66,300 le Covid-19 bás sa Ríocht Aontaithe faoin 4 Lúnasa agus beidh sé ar an áit is measa a bheidh buailte san Eoraip faoin tráth sin. Bainfidh líon na mbásanna a bhuaic amach ar an 17 Aibreán sa Ríocht Aontaithe agus 2,932 bás á dtuar an lá sin.

Ar an 17 Aibreán a bhainfidh an Ríocht Aontaithe buaic amach i dtaobh úsáid leapacha dianchúraim agus ar an 20 Aibreán a bhainfear buaic amach maidir le líon na mbásanna.

Os cionn 19,000 bás atá á dtuar sa Spáinn, os cionn 20,000 atá i gceist san Iodáil agus meastar go gcuirfidh an víreas breis is 15,000 duine den saol sa Fhrainc.

 

Dúirt Stiúrthóir an IHME an Dr Christopher Murray go raibh “fianaise dhoshéanta” ann go n-éiríonn leis an scoitheadh sóisialta, nuair a chuirtear i bhfeidhm i gceart é, an eipidéim a shrianadh agus líon na mbásanna a laghdú.

“Na tíortha sin ar buaileadh go dona iad chuir siad srianta diana i bhfeidhm maidir leis an scoitheadh sóisialta agus b’fhéidir go bhfuil an chuid is measa den ráig curtha díobh acu agus dul chun cinn á fheiceáil acu i dtaobh líon na mbásanna a laghdú.

Dúirt Murray gur “in olcas go mór” a rachadh cúrsaí in aon tír a dhéanfadh níos boige na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an ngalar agus go gcaithfí beartais nua a thabhairt isteach chun an dara ráig den víreas a sheachaint.

“Chun an baol maidir leis an dara ráig a laghdú in áiteanna inar cuireadh faoi smacht an chéad ráig leis an scoitheadh sóisialta dian, chaithfeadh rialtais cuimhneamh ar olltástáil a thabhairt isteach chomh maith le cuardach teagmhálaithe agus coraintíní dóibh siúd atá ionfhabhtaithe,” a dúirt sé. Chaithfí sin a dhéanamh go dtí go mbeadh vacsaín ar fáil agus teacht go forleathan uirthi.

De réir na réamh-mheastachán ó lucht Scoil Leighis Ollscoil Washington 151,680 duine a gheobhaidh bás le linn “na chéad ráige” de Covid-19, níos mó ná dúbailt líon na mbásanna atá anois ann. 81,766 bás atá á dtuar acu do Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

247 duine atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 73 ó thuaidh den teorainn agus 174 ó dheas di.

6,619 cás atá deimhnithe den choróinvíreas faoin tráth seo, 5,364 ó dheas agus 1,255 ó thuaidh.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan tráthnóna inné go raibh “dóchas” aige go n-éireodh leis na beartais a tugadh isteach chun bac a chur le scaipeadh an ghalair toisc nach raibh aon mhéadú as cuimse feicthe ar líon na gcásanna.

Meastar go bhfógrófar síneadh ama an tseachtain seo leis na beartais dianghlasála atá i bhfeidhm go dtí an 12 Aibreán.

Fág freagra ar 'A bhuaic sroichte inné ag scaipeadh an choróinvíris in Éirinn de réir staidéir nua'