34 duine marbh i ndiaidh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil

Tá faitíos ar dhaoine sa Bheilg nach bhfuil deireadh go fóill leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta agus tá ordú tugtha d’aon saighdiúirí de chuid na Beilge atá ar saoire teacht ar ais chun na Bruiséile

390447083

Tá sé deimhnithe go bhfuil ar a laghad 34 duine marbh i ndiaidh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil ar maidin. Maraíodh 20 duine san ionsaí a deineadh ar stáisiún Metro Maelbeek agus gortaíodh 55 duine san eachtra chéanna. Tuairiscítear go bhfuil deichniúr acu sin a bhfuil a mbeatha i mbaol.

Thug Aire Sláinte na Beilge, Maggie de Block, le fios gur maraíodh 14 duine agus gur gortaíodh 81 duine eile sna buamaí in Aerfort na Bruiséile.

Tá dianslándáil ‘leibhéal 4’ i bhfeidhm ar fud na Beilge anois. I ndiaidh na n-ionsaithe i bPáras i mí na Samhna ní raibh an leibhéal dianslándála sin i bhfeidhm ach amháin sa Bhruiséil féin.

Tuairiscítear go bhfuil sé ina chíor thuathail sa Bhruiséil ó mhaidin agus tá iarrtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Didier Reynders ar dhaoine gan dul amach.

Tá an córas iompair ina stad agus tá daoine á n-aistriú amach as foirgnimh poiblí agus ionaid siopadóireachta agus áiteanna eile dúnta.

Tá roinn dlí na Beilge ag iarraidh ar iriseoirí agus seirbhísí nuachta gan aon eolas a thuairisciú faoi ghníomhaíochtaí na bpóilíní atá ag fiosrú na n-ionsaithe.

Tá ruathair ar siúl faoi láthair ag na póilíní sa chathair agus iad sa tóir ar na sceimhlitheoirí.

Dúirt an Príomh-Aire Charles Michel go mbeifí ag tabhairt tosaíochta anois do chás na marbh agus na ndaoine atá gortaithe.

“Bhí faitíos orainn go dtarlódh ionsaí agus tharla sé,”  a dúirt Charles Michel.

Tá ceithre lá ann ó gabhadh Salah Abdesalam sa Bhruiséil as a pháirt sna hionsaithe ar Pháras i mí na Samhna agus tá tuairimíocht ann go raibh baint ag a ghabháil le hionsaithe na maidine.

Meastar, áfach, fiú más beart ‘díoltais’ a bhí i gceist go raibh na hionsaithe pleanáilte roimh ghabháil Salah Abdesalam.

Tá faitíos ar dhaoine sa Bheilg nach bhfuil deireadh go fóill leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta agus tá ordú tugtha d’aon saighdiúirí de chuid na Beilge atá ar saoire teacht ar ais chun na Bruiséile.

Fág freagra ar '34 duine marbh i ndiaidh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil'

  • Seán

    An gcuirfidh daoine an milleán ar an gcoilíneachas nó ar chiníochas na mBeilgeach don ionsaí seo freisin? Ní mór dúinn dúisiú agus a aithint go bhfuil fadhb mhór ann leis an radacachas Ioslámach agus go bhfuil an baol ann go mbeidh cogadh sibhialta ann mura dtugaimid faoi fheachtas i gcoinne na hidéolaíochta seo. Ní mór dúinn freisin ceist na hinimirce a réiteach – an smaoineamh maith é na milliúin Moslamach sa bhreis a ligean isteach nuair atá fadhb chomh mór againn cheana leis an bpobal Moslamach san Eoraip?

  • alan

    Sceimhle ainspianta anseo sa Bhruiséil inniu, sléacht agus ár déanta san Aerphort agus sa Métro. Buamadóirí féinmharaithe ar an bhfód anseo anois agus iad meáite ar mhurchadh a dhéanamh. Níorbh aon ‘earrach’ acu é -téarma amaideach amach is amach- ach deis a chun armtha ag na trodaithe Ioslamacha agus deis chun díoltas a agairt ar na hainchreidmhigh. Cad as a dtagann an fuath fuilteach seo? na hairm? an liútar-éatar?an maoiniú? an oiliúint? Cé pháirt a d’imir agus a imríonn fórsaí an Iarthair sa mhuirthéacht seo ? Ana-chuid ceisteanna le freagairt agus nílimid ach i dtús na sceimhle.