30 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 311 cás nua fógartha

Tá líon na n-othar le Covid-19 sna hospidéil ó dheas faoi bhun 400 den chéad uair i mbliana

30 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 311 cás nua fógartha

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 30 duine eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe.

Deimhníodh 311 cás nua den ghalar.

Tá líon na n-othar le Covid-19 sna hospidéil tite faoi bhun 400 den chéad uair i mbliana.

397 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, agus bhí 95 acusan in aonaid dianchúraim, i gcomparáid le 103 inné. Cuireadh 24 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 373,149 duine agus an dara dáileog faighte ag 149,920 duine.

Ní raibh aon chás eile den ghalar le fógairt i nDún na nGall tráthnóna.

Bhain 21 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 12 cás a bhí i nGaillimh agus 12 cás eile a bhí i gcontae na Mí. Deich gcás a bhí i Maigh Eo, ocht gcás a bhí i bPort Láirge agus bhí níos lú ná cúig chás nua le fógairt i gCiarraí.

Meánráta 161 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Is é contae na Mí (213) an t-aon chontae Gaeltachta ina bhfuil an ráta níos airde ná an meánráta náisiúnta i láthair na huaire. 

Ráta 151 atá i Maigh Eo, 148 atá i nDún na nGall agus 153 atá i nGaillimh.

Ráta 97 atá i bPort Láirge, 67 atá i gCiarraí agus 54 atá i gCorcaigh, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 240 cás nua den ghalar. 222 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 32 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 596,527 duine ó thuaidh agus na dara ceann faighte ag 44,595.

6,531 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,079 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,452 duine ó dheas di.

337,986 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 223,957 cás ó dheas den teorainn agus 114,029 cás ó thuaidh di.

Tá ráite ag Johnson & Johnson leis an Aontas Eorpach go mbeidh deacrachtaí acu maidir le soláthar an 55 milliún dáileog den vacsaín atá geallta do bhallstáit an Aontais sa dara ráithe den bhliain.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid níos luaithe inniu gur beag de vacsaín Johnson and Johnson a thiocfaidh anseo i dtús ama agus gur thart ar 250,000 dáileog sa tseachtain a bheidh chugainn ón Aibreán.

Tá 2.2 milliún dáileog den vacsaín seo ordaithe ag an tír seo mar thús agus is mór an t-údar misnigh go bhfuil an chuma air go bhfuil sí sábháilte agus an-éifeachtach, go háirithe mar nach gá ach snáthaid amháin di.

Meastar go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht don vacsaín an tseachtain seo.

Deir Johnson & Johnson go bhfuil brú orthu mar gheall ar dheacrachtaí lena bpróiseas táirgeachta. Bhí na deacrachtaí céanna acu nuair a tosaíodh ar dháileadh na vacsaíne i Stáit Aontaithe Mheiriceá le déanaí.

Buille mór do chlár vacsaínithe an Rialtais na fadhbanna le soláthar Johnson & Johnson, tráth a bhfuil fadhbanna eile ag cur as don chlár sin cheana.

Bua atá ag an vacsaín seo ó Johnson & Johnson gur féidir í a stóráil ag gnáth-theocht chuisneora ar feadh trí mhí ar a laghad.

Fágann sin gurb éasca go mór í a dháileadh ná vacsaíní Pfizer-BioNTech agus Moderna a chaithfear a stóráil ag teocht fíoríseal agus a dteastaíonn dhá shnáthaid an duine díobh.

Ag labhairt dó inniu, roimh an scéala is déanaí faoi shnáthaid Johnson & Johnson dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “díomá” air mar gheall ar na  fadhbanna soláthair atá ag cur as don phlean vacsaínithe sna chéad trí mhí den bhliain.

Dúirt sé go raibh “dul chun cinn maith” déanta ó thaobh cosaint a thabhairt do na daoine is leochailí ó thaobh an víris, oibrithe sláinte ar an líne thosaigh sna hospidéil agus sna hionaid altranais.

Mí Eanáir bhíothas ag súil go mbeadh os cionn 1.5 milliún snáthaid ar fáil in Éirinn sa gcéad ráithe de 2021.

Faoi dheireadh mhí Feabhra 520,000 dáileog a bhí faighte againn agus meastar nach mbeidh níos mó ná 850,000 dáileog faighte ag an tír faoi dheireadh an Mhárta.

Agus é ag caint le Nuacht RTÉ, dúirt an Taoiseach go raibh díomá ar an Rialtas sa gcéad ráithe den bhliain “le cúpla gné den phlean ach go raibh dul chun cinn maith déanta chun na daoine is leochailí a chosaint”.

Maidir le scaoileadh na srianta dianghlasála dúirt an Máirtíneach go ndíreofaí ar imeachtaí spóirt faoin aer sa gcéad athbhreithniú eile ar na srianta.

Dúirt sé go raibh cúrsaí ag feabhsú a bhuíochas do dhaoine a bheith ag cloí leis na srianta.

“Tá toradh ar na hiarrachtaí sin. Táimid ag laghdú an bhrú atá ar na hoibrithe sláinte ar an líne thosaigh go mór le roinnt seachtainí agus leanfaimid leis sin i rith na míosa seo.

“Fágann sin go mbeidh bail níos fearr ar chúrsaí roimh an 5 Aibreán agus cinneadh stuama á dhéanamh againn.”

Dúirt Ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid nach mbeidh ach 1.1 milliún dáileog de na vacsaíní faighte ag an tír seo ag deireadh na míosa, seachas an 1.2 milliún a rabhthas ag súil leo.

I dtús ama, bhí Éire ag súil le 1.42 milliún dáileog sna chéad trí mhí den bhliain ach tá sin laghdaithe ó shin.

Agus Paul Reid ag caint le Coiste Sláinte an Oireachtais, dúirt sé go raibh “a lán frustrachais” ar dhaoine mar gheall ar an easnamh sa soláthar.

Bhí deacrachtaí leis an soláthar a bhí geallta ó AstraZeneca agus ó Moderna.

I dtús ama, bhí Éire ag súil le 1.42 milliún dáileog sna chéad trí mhí den bhliain ach tá sin laghdaithe ó shin.

Agus Paul Reid ag caint le Coiste Sláinte an Oireachtais, dúirt sé go raibh “a lán frustrachais” ar dhaoine mar gheall ar an easnamh sa soláthar.

Bhí deacrachtaí leis an soláthar a bhí geallta ó AstraZeneca agus ó Moderna agus an rabhadh tugtha anois go mbeidh an cás amhlaidh le Johnson an Johnson.

Fág freagra ar '30 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 311 cás nua fógartha'