Instealladh amháin de vacsaín Johnson and Johnson ‘sábháilte agus an-éifeachtach’

Léiríonn sonraí nua ón Údarás Bia agus Drugaí sna Stáit Aontaithe go bhfuil cosaint thréan le fáil ón vacsaín seo ó dhrochthinneas nó bás de bharr an Covid-19

Instealladh amháin de vacsaín Johnson and Johnson ‘sábháilte agus an-éifeachtach’

De réir Údarás Bia agus Drugaí sna Stáit Aontaithe tá an-chosaint le fáil ó vacsaín Johnson and Johnson, nach gá ach snáthaid amháin di, in aghaidh bás nó drochráig tinnis ón Covid-19. Cé go gcaithfear tuilleadh taighde a dhéanamh, léiríonn an anailís go bhféadfadh nach scaipfeadh duine a mbeadh an vacsaín seo faighte aige an víreas chomh mór céanna.

Tá 2.2 milliún dáileog den vacsaín seo ordaithe ag an tír seo mar thús agus is mór an t-údar misnigh go bhfuil an chuma air go bhfuil sí sábháilte agus an-éifeachtach.

Agus an Taoiseach Micheál Martin ag caint ar 7Lá ar TG4 an tseachtain seo caite, dúirt sé gur “mhór an cúnamh” do chlár vacsaínithe na tíre seo a bheadh i vacsaín Johnson & Johnson agus go bhféadfadh go mbeadh cuid di ar fáil níos túisce ná mar a ceapadh.
Rinneadh iarratas ar cheadúnas coinníollach ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) an tseachtain seo agus táthar ag súil le cinneadh uathusan faoi lár an Mhárta.

Tá éifeachtúlacht 72% aici sna Stáit Aontaithe agus 64% san Afraic Theas, áit a bhfuil cineál an-tógálach den víreas ón bhfómhar agus é ar an gcineál is coitianta ansin faoi láthair.

In aghaidh drochrabhait den Covid-19 sna Stáit Aontaithe bhí 86% éifeachtúlacht ag an vacsaín agus 82% aici san Afraic Theas.

Bua atá ag an vacsaín seo ó Johnson & Johnson gur féidir í a stóráil ag gnáth-theocht chuisneora ar feadh trí mhí ar a laghad.

Fágann sin gurb éasca go mór í a dháileadh ná vacsaíní Pfizer-BioNTech agus Moderna a chaithfear a stóráil ag teocht fíoríseal agus a dteastaíonn dhá shnáthaid an duine díobh.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go raibh an-mhuinín aige féin go mbeadh an vacsaín faighte ag 80% de dhaoine fásta na tíre seo faoi dheireadh an Mheithimh.

Faoi mhí na Bealtaine nó an Mheithimh beidh “an-difríocht go deo” á déanamh ag an vacsaín do líon na ndaoine a bhíonn an-bhreoite leis an víreas nó a fhaigheann bás dá bharr. Fágfaidh sin a deir an Tánaiste go mbeidh an Rialtas “in ann cinntí a dhéanamh nach féidir linn a dhéanamh faoi láthair”.

Fág freagra ar 'Instealladh amháin de vacsaín Johnson and Johnson ‘sábháilte agus an-éifeachtach’'