Tá 20 bliain á gceiliúradh i mbliana ag IMRAM, an fhéile litríochta Gaeilge, agus clár na bliana seo seolta acu.
Agus an clár á fhógairt aige, dúirt Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, gur oiriúnach an teideal a roghnaíodh don fhéile 20 bliain ó shin.
“Nuair a shocraíos ar fhéile litríochta Gaeilge a bhunú scór bliain ó shin, ba é an file Gabriel Rosenstock a thug IMRAM ar an tionscadal mar is ar aistear taiscéalaíochta a bheimis ón lá sin ar aghaidh. Ar an aistear sin, theastaigh uainn lucht féachana a thabhairt linn ar thuras liteartha ilmheánach a chuimseodh prós, filíocht, scannánaíocht agus ceol.”
Tá féile IMRAM roinnte ina dhá cuid i mbliana agus í ar siúl idir an 18-21 Deireadh Fómhair agus an 10-18 Samhain.
Ar imeachtaí na féile i mbliana tá Rabhadh gan Ghníomh/Alarmed and Inactive, a phléann leis an athrú aeráide i seó a mheascann an ceol turgnamhach leis an bhfilíocht, an ealaín agus an dealbhóireacht.
Léamh drámatach é Dracula an Chuirrínigh ar aistriúchán Sheáin Uí Chuirrín ar shaothar clúiteach Bram Stoker agus dráma aonair é Feisteas an tSaoil a dhéanann ceiliúradh “ar shaol na mban san fhichiú haois”.
Leagan Caitríona O’Leary de Kunstlieder Franz Schubert é Geimhreadh Anama/The Winterreise Project agus tá an ceol agus an fhilíocht i dteannta a chéile in Emain Ablach.
Sa saothar Lost Moon Sisters, tugann Dairena Ní Chinnéide faoi “chomhrá mistéireach” leis an bhfile “radacach feimineach” Diane di Prima.
Le linn na féile seolfar coirscéinséir nua Anna Heussaff, Sa Pholl Báite.
Ag mórsheoladh leabhar na bliana seo seolfar trí shaothar nua, ag dul i bhfad le Alan Titley, Fáinne Geal an Lae le Éilís Ní Dhuibhne agus Inside Innti: A New Wave in Irish Poetry, curtha in eagar ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Tristan Rosenstock.
Beidh Éilís Ní Dhuibhne i mbun comhrá le Cathal Póirtéir faoina leabhar nua An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair.
Le linn na féile chomh maith bronnfar Duais Haiku Basho ar bhuaiteoir an chomórtais haiku a reáchtáladh do dhaltaí iar-bhunscoile agus reáchtálfar babhta ceannais náisiúnta Guth na hÉigse, comórtas filíochta ó bhéal.
Tá sonraí uile na féile, chomh maith le heolas faoi thicéid ar fáil anseo.
Arsa Liam Carson, stiúrthóir IMRAM agus clár na féile á fhógairt aige. ‘Tá an fhís sin á ceiliúradh againn i gcónaí agus réimse leathan de nualitríocht na Gaeilge á chur os comhair an phobail againn, ón úrscéal coireachta de chuid Anna Heusaff, Sa Pholl Báite, go dtí an cuntas inspéise ar Ghaeltacht Dhún na nGall sa naoú haois déag a scríobh Cathal Póirtéir, An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair’.
‘Cuimsíonn clár na bliana seo imeachtaí ilmheánacha; mórthionscadail cheoil; lainseálacha leabhar agus agallaimh le scríbhneoirí; imeachtaí do scoileanna, ina measc an comórtas haiku (Duais Bashō) agus Guth na hÉigse, comórtas aithriseoireachta do Scoileanna Iar-Bhunoideachais I gcomhar le Éigse Éireann.’
Fág freagra ar '20 bliain á gceiliúradh i mbliana ag IMRAM'