‘Is baol dár ngnó a bheith ag craoladh i nGaeilge,’ a deir stáisiúin raidió

Deirtear i dtuarascáil taighde nua go bhfuil an méid Gaeilge a bhíonn le cloisteáil ar na stáisiúin raidió neamhspleácha fós an-íseal ach go bhfuil deiseanna forbartha ann

‘Is baol dár ngnó a bheith ag craoladh i nGaeilge,’ a deir stáisiúin raidió

Tá stáisiúin raidió neamhspleácha den tuairim go mbaineann baol ó thaobh gnó le cláir Ghaeilge a chraoladh, de réir taighde nua. 

Thug stáisiún amháin, nach n-ainmnítear sa taighde nua, le fios d’údar na  tuarascála, an Dr John Walsh, gurb é “an dúshlán ba mhó” ó thaobh craoladh as Gaeilge ná “an baol a chruthódh níos mó clár Gaeilge dá shamhail ghnó agus ioncam fógraíochta”. 

Léirigh roinnt stáisiún an tuairim chéanna nuair a cuireadh agallamh orthu don taighde nua.

Cháin an stáisiún tráchtála an ceangal reachtúil atá air ábhar a chraoladh i nGaeilge.

Thug stáisiún tráchtála eile, Newstalk, le fios go raibh go leor dúshlán roimhe ó thaobh na Gaeilge in imeacht na mblianta. Dúirt Newstalk go raibh easpa daoine cáilithe ar fáil ag a bhfuil meascán scileanna, an Ghaeilge ina measc.  

De réir an taighde nua, tá an méid Gaeilge a bhíonn le cloisteáil ar na stáisiúin neamhspleácha go léir fós an-íseal agus ní chloistear an Ghaeilge orthu den chuid is mó ach taobh amuigh de na buaicuaireanta craolta.

Sin a deirtear sa taighde is déanaí atá déanta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi úsáid na Gaeilge ar sheirbhísí raidió ceadúnaithe Béarla na hÉireann.

In ainneoin a laghad Gaeilge a bhíonn ar na stáisiúin, deir údair na tuarascála, a rinneadh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go bhfuil “cláir rathúla Ghaeilge” ag roinnt stáisiún le fada an lá. Deirtear chomh maith go bhfuil meon “dearfach” ann maidir le tuilleadh clár i nGaeilge a fhorbairt. 

Deirtear go dteastaíonn níos mó tacaíochta ó gach stáisiún neamhspleách chun cuidiú leo cláir Ghaeilge a fhorbairt. Is mó an dúshlán do na stáisiúin raidió pobail mar gheall go bhfuil siad ag obair ar bhonn deonach, a deirtear.

Deir na stáisiúin féin gur mhaith leo comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge agus scoileanna agus gur constaic roimh chláir Ghaeilge easpa ama agus acmhainní.

Feictear do na stáisiúin go bhfuil deiseanna forbartha ó thaobh na Gaeilge ag baint leis an bpodchraoladh, leis na meáin shóisialta agus le tionscnaimh oideachais. 

Molann an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gur cheart go bhfaigheadh Oireachtas na Gaeilge tacaíocht níos buaine dá chuid oibre sa réimse seo.

Moltar chomh maith d’Údarás Craolacháin na hÉireann “soiléiriú a thabhairt ar obair a fhoirne Gaeilge”.

Ba cheart freisin, a deirtear, féachaint ar na cláir atá ann cheana a roinnt nó ábhar sindeacáite nua a chruthú i nGaeilge. 

Moltar do chraoltóirí urraíocht a lorg d’ábhar Gaeilge agus go luafaí maoiniú d’ábhar closamhairc nua Gaeilge sa Bhille nua um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne.

Deir an Dr John Walsh chomh maith gur cheart an tAcht Craolacháin a leasú chun a chinntiú go mbíonn a n-ábhar Gaeilge féin á chruthú ag gach stáisiún raidió agus gur chóir go mbeadh níos mó ábhar i nGaeilge ag stáisiúin atá lonnaithe in áiteanna ina bhfuil ceantair Ghaeltachta. 

Cé go bhfuil roinnt cláracha Gaeilge ar ardchaighdeán le clos ar stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla, léiríonn an tuarascáil seo gur beag Gaeilge a chraoltar ar stáisiúin raidió na tíre, stáisiúin a bhfuil limistéar Gaeltachta ina gceantar ceadúnais san áireamh,” a deir an Dr John Walsh.

Deir sé go dteastaíonn “tuilleadh tacaíochta agus comhairle” ón earnáil raidió maidir le forbairt ábhar Gaeilge agus go bhfuil deis ann comhoibriú le heagraíochtaí Gaeilge. 

“Faoin reachtaíocht nua faoi shábháilteacht ar líne agus rialáil na meán atá á plé faoi láthair, is féidir déileáil leis na ceisteanna seo agus áit lárnach a chinntiú don Ghaeilge i dtírdhreach na meán amach anseo,” a deir sé.

Seo an tríú céim den taighde seo faoi úsáid na Gaeilge ar na stáisiúin neamhspleácha.

Moladh roimhe seo chóir d’Údarás Craolacháin na hÉireann machnamh a dhéanamh ar ‘chuóta Gaeilge’ a chur sna conarthaí craolacháin a aontaítear le stáisiúin raidió atá lonnaithe i gcontaetha Gaeltachta.

Fuarthas amach chomh maith nach bhfuil ach “ról imeallach” ag an nGaeilge ar na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó, in ainneoin dualgas reachtúil a bheith orthu an teanga a chur san áireamh ina gcuid cláracha.

Fág freagra ar '‘Is baol dár ngnó a bheith ag craoladh i nGaeilge,’ a deir stáisiúin raidió'

  • Seosamh Ó Beirgin

    An brí a bhainim as seo ná go bhfuil stáisiúin ann a bhfuil sásta cláracha Gaeilge a fhorbairt agus a chraoladh. Ócé, más fíor sin, tuige nach dírtear orthu siúd agus tacaíocht agus cúnamh airgid a tabhairt dóibh chun cláracha fiúntacha Gaeilge a dhéanamh agus neamhaird a dhéanamh ar na stáisiúin eile.