Ba chóir d’Údarás Craolacháin na hÉireann machnamh a dhéanamh ar ‘chuóta Gaeilge’ a chur sna conarthaí craolacháin a aontaítear le stáisiúin raidió atá lonnaithe i gcontaetha Gaeltachta agus gan aon chlár Gaeilge in aon chor ag cuid de na stáisiúin sin.
Deirtear i saothar taighde nua faoi úsáid na Gaeilge ar stáisiúin raidió na hÉireann gur cheart do stáisiúin a bhfuil limistéir Ghaeltachta ina gceantair shaincheadúnais “i bhfad níos mó Gaeilge a chraoladh”.
De réir an taighde leis an Dr John Walsh agus an Dr Rosemary Day, ní chraolann Galway Bay FM, atá ag craoladh sa chontae ina bhfuil an ceantar Gaeltachta is láidre sa tír, aon ábhar Gaeilge. Sa chontae céanna, craolann an stáisiún réigiúnach iRadio Northwest líon ard cláracha Gaeilge.
Ní chraolann aon cheann de stáisiúin áitiúla Chorcaí – C103, Cork’s 96FM agus Red FM – cláracha iomlána Gaeilge, in ainneoin dualgas a bheith ar stáisiúin tráchtála soláthar a dhéanamh don Ghaeilge. Léiríonn an taighde go gcraolann Spin Southwest sa chontae céanna, sé huaire sa tseachtain as Gaeilge, nó 3.6 faoin gcéad dá sceideal.
Craolann Radio Kerry trí uair an chloig i nGaeilge gach seachtain, timpeall 2 faoin gcéad dá sceideal. Ní chraolann Highland Radio i nDún na nGall ach 3:37 uair sa tseachtain i nGaeilge, timpeall 2 faoin gcéad dá sceideal, cé go bhfuil an ceantar Gaeltachta is mó tír sa chontae sin. Ní chraolann Midwest Radio i Maigh Eo aon ábhar Gaeilge ach oiread.
Ní chraolann an stáisiún áitiúil WLR i bPort Láirge ach leathuair an chloig Gaeilge sa tseachtain, timpeall 0.25 faoin gcéad dá sceideal. Craolann BEAT 102-103 an stáisiún réigiúnach sa chontae Gaeltachta sin 4:25 uair sa tseachtain i nGaeilge, timpeall 2.7% dá sceideal.
Níos lú ná 1.5 faoin gcéad dá sceideal, nó 2:35 uair sa tseachtain, a bhíonn i nGaeilge ag LMFM, stáisiún a bhfuil Gaeltacht na Mí ina cheantar saincheadúnais.
De réir an taighde nua atá déanta ag an Dr John Walsh, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus an Dr Rosemary Day, Coláiste Mhuire gan Smál, ní chraolann na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó ach fíorbheagán Gaeilge, agus ábhar “siamsúil nó neafaiseach” a chraoltar lasmuigh de na buaic-amanna a bhíonn i gceist den chuid is mó le soláthar Gaeilge na stáisiún neamhspleách.
Braoin
Éisteoir minic radio mé agus is mór an trua é gur fíorbheag neafaiseach an méid Gaeilge a bhíonns le cloisteáil ar na stáisiúin áitiúla a mbím ag éisteacht leo sa gcarr…
Ba bhocht an scéal é dá mbéarfadh an meon sin greim ar RnaG aon lá ar bith feasta…