‘Ról imeallach’ ag an nGaeilge ar stáisiúin raidió in ainneoin dualgais reachtúil – taighde nua

De réir taighde nua ní chraolann na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó ach fíorbheagán Gaeilge, agus ábhar ‘siamsúil nó neafaiseach’ a chraoltar lasmuigh de na buaicamanta a bhíonn i gceist den chuid is mó

‘Ról imeallach’ ag an nGaeilge ar stáisiúin raidió in ainneoin dualgais reachtúil – taighde nua

Níl ach “ról imeallach” ag an nGaeilge ar na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó, in ainneoin dualgas reachtúil a bheith orthu an teanga a chur san áireamh ina gcuid cláracha.

De réir taighde nua atá déanta ag an Dr John Walsh agus an Dr Rosemary Day, ní chraolann na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó ach fíorbheagán Gaeilge agus, ar an mórgóir, ábhar “siamsúil nó neafaiseach” a chraoltar lasmuigh de na buaic-amanna a bhíonn i gceist  le soláthar Gaeilge na stáisiún neamhspleách.

Mar chuid den saothar taighde nua deineadh anailís ar na sceidil chraolta ag 59 stáisiún raidió agus tugadh deis do na stáisiúin torthaí na hanailíse a dheimhniú, deis a thapaigh 53 den 59 stáisiún.

Áitíonn na taighdeoirí go bhfuil na míreanna faoin nGaeilge sa reachtaíocht “lag agus neamhbheacht” agus nach leagtar síos “spriocanna cinnte ná céatadáin” maidir le  Gaeilge.

“Ní cosúil go dtugann córas monatóireachta ÚCÉ [Údarás Craolacháin na hÉireann] tús áite d’úsáid na Gaeilge ar an aer,” a deirtear. 

De réir an taighde, tá líon na n-uaireanta craolta i nGaeilge nó go dátheangach “an-íseal” – 3.23 uair sa tseachtain ar an meán, athchraoltaí san áireamh.

Fuarthas chomh maith nach gcraolann ceithre stáisiún tráchtála, Galway Bay FM, KCLR FM, Midwest Radio agus Today FM, agus stáisiún pobail amháin, Ros FM, aon ábhar Gaeilge in aon chor.

Tá na húdair den tuairim go dtaibhsítear do na stáisiúin gurb ionann a ndualgas reachtúil teanga agus “íosmhéid Gaeilge” a chur ar fáil agus í  dírithe “ar ghnáthéisteoirí a bhfuil roinnt Gaeilge acu agus bá acu léi  seachas ar chainteoirí laethúla, líofa Gaeilge”. Deirtear gur léiriú an meon sin “ar chlaonadh sóisialta níos leithne a thugann tús áite do ról siombalach na Gaeilge seachas dá cothú mar theanga labhartha”.

Is é an stáisiún óige iRadio (Northwest agus Northeast & Midlands) is mó a sholáthraíonn cláracha Gaeilge (44.30 uair nó 26 faoin gcéad dá gcláracha) ach is le linn na hoíche a chraoltar an chuid is mó de na cláracha sin. An stáisiún óige Spin (Southwest agus 103.8) a bhí sa dara háit agus sé huaire, nó 2.6 faoin gcéad dá gcláracha, i nGaeilge acu. Bhí Flirt FM, a bhíonn ag craoladh as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun cinn i measc na stáisiún pobail agus ocht n-uaire, nó 10 faoin gcéad, dá chláracha i nGaeilge.

39 den 59 stáisiún a chraolann cláracha Gaeilge nó dátheangacha dá gcuid féin agus athchraoladh ar chláracha seachtracha amháin a bhíonn ag cúig stáisiún. Bíonn ceithre cinn acu sin ag brath go hiomlán ar Raidió na Life dá soláthar Gaeilge – Claremorris Community Radio, Community Radio Youghal, Dublin South FM agus Dundalk FM.

Níl aon chlár Gaeilge ná dátheangach dá gcuid féin ag ceithre stáisiún tráchtála –98FM, C103, Cork’s 96FM agus Q102 – agus is i dtaobh le míreanna Gaeilge nó dátheangacha 60-90 soicind trí nó ceithre huaire in aghaidh an lae atá na stáisiúin sin. Fágann sin go bhfuil naoi stáisiúin ann, nó 15.2 faoin gcéad den iomlán, nach gcraolann aon chlár Gaeilge ná clár dátheangach nó nach mbíonn acu ach míreanna Gaeilge amháin.

Deir údair an taighde go léiríonn teidil na gcláracha Gaeilge a chraoltar cineál an ábhair Ghaeilge a sholáthraíonn na stáisiúin.

“Tugann na teidil leid faoi ábhar agus stíl na gcláracha Gaeilge, mar shampla Ceol agus Caint, Craic agus Ceol, Craic an Lae agus Aon Chraic? Thuigfí uathu seo gur mar chaitheamh aimsire nó ábhar siamsaíochta agus ní mar theanga bheo phobail a fhéachann na stáisiúin ar an nGaeilge. Níl ach líon teoranta cláracha irise ar fáil,” a deir údair an taighde, an Dr John Walsh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus an Dr Rosemary Day, ó Choláiste Mhuire gan Smál.

De réir an taighde ní chuireann aon stáisiún tráchtála ná pobail seirbhís laethúil nuachta Gaeilge ar fáil. Bíonn a leithéid ar RTÉ Radio 1 agus RTÉ lyric fm agus craoltar nuacht Ghaeilge ar RTÉ 2fm ó Luan go hAoine, ach seachas sin is ag brath go hiomlán ar athchraoltaí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhíonn stáisiúin eile RTÉ.

Deir an Dr Walsh agus an Dr Day gur chosúil go bhfuil ag teip ar na stáisiúin raidió a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh mar ba chóir.

“30 bliain tar éis don raidió neamhspleách dleathach teacht ar an bhfód in Éirinn, níl ach ról imeallach ag an nGaeilge ar na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó. Tá sé seo amhlaidh in ainneoin na bhforálacha reachtúla maidir leis an nGaeilge sa phróiseas ceadúnaithe a chuireann iachall ar gach stáisiún í a chur san áireamh ina gcuid cláracha. De ghnáth ní chraolann na stáisiúin ach méid beag Gaeilge agus is lasmuigh de na buaicamanta, den chuid is mó, a bhíonn siad le cloisteáil.

“Ní chraolann ach RTÉ seirbhís nuachta laethúil Gaeilge agus is minic cuma shiamsúil nó neafaiseach ar an líon beag cláracha Gaeilge a chloistear ar na stáisiúin neamhspleácha,” a deirtear sa saothar taighde nua faoi úsáid na Gaeilge ar an raidió.

Deirtear chomh maith nach bhfuil aon ráiteas sonrach straitéise ná cód cleachtais i leith na Gaeilge ag Údarás Craolacháin na hÉireann cé go luaitear “cur chun cinn cláracha Gaeilge” sa Ráiteas Straitéise is déanaí uathu.

Iarrtar ar iarratasóirí ar cheadúnais raidió ráiteas a dhéanamh faoi mhéid agus faoi chineál na gcláracha a chraolfar i nGaeilge agus go dátheangach.

Molann údair an taighde “go dtreiseofaí” na míreanna faoin nGaeilge san Acht Craolacháin 2009 chun go bhféadfadh Údarás Craolacháin na hÉireann “polasaí Gaeilge níos réamhghníomhaí a fhorbairt i bpáirt leis na stáisiúin raidió”.

Idir an dá linn, deirtear gur gá don Údarás Craolacháin “feidhm a thabhairt arís” do Choiste Comhairleach Gaeilge agus d’Oifigeach Gaeilge chun “feasacht faoi agus tuiscint ar an nGaeilge a chothú san earnáil” agus “polasaí réamhghníomhach Gaeilge a fhorbairt”.

Moltar gur cheart do na stáisiúin óige ról ar leith a bheith acu i gcruthú cláracha Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Ról imeallach’ ag an nGaeilge ar stáisiúin raidió in ainneoin dualgais reachtúil – taighde nua'

  • AnRógaire

    Níl dualgas sonrach ann maidir le cláracha gaeilge. Ní gá do na stáisiúin acht tagairt a dhéanamh dó san fhoirm iarratais ar cheadúnas. Má chreidtear gur cheart a leithéid a bheith ann nach ceart go leagfaí dualgas ar chomhluchtaí tráchtála go ginearálta maidir le freastal ar phobal na gaeilge ina dteanga féin.

  • Seán

    “Chreid é nó ná chreid” !

  • Roddy

    Níl an Stát chun aon bhrú anchur urthu. Cén fáth nach gcuireann Gaeilgeoirí iad fhéin in aithne dos na stáisiúin raidió seo seachas do bheith ag ólagón faoin easpa seirbhíse i nGaeilge? B’fhéidir go bhfuil gaolta againn sna stáisiúin seo a bheadh sásta clár i nGaeilge a dhéanamh ach an smaoineamh a chur ina gceann. De réir a chéile a thógtar na caisleáin.