13 ainmniúchán IFTA do scannáin Ghaeilge agus ‘An Cailín Ciúin’ ag barr an liosta

Agus deich gcinn d’ainmniúcháin aige, tá ‘An Cailín Ciúin’ ag barr liosta na n-ainmniúchán in éineacht le 'Belfast' le Kenneth Branagh

13 ainmniúchán IFTA do scannáin Ghaeilge agus ‘An Cailín Ciúin’ ag barr an liosta

Tá 10 n-ainmniúchán do na gradaim IFTA faighte ag an bhfadscannán Gaeilge An Cailín Ciúin.

Fágann sin go bhfuil an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi ag barr liosta na n-ainmniúchán in éineacht le Belfast le Kenneth Branagh.

Tá trí cinn eile d’ainmniúcháin faighte ag scannáin Ghaeilge – dhá cheann ag Foscadh agus ceann ag Doineann.

Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi

An Cailín Ciúin ainmnithe don ‘Scannán is fearr’ agus é á fhéachaint le leithéidí Belfast, Swan Song agus You Are Not My Mother agus tá Colm Bairéad ainmnithe sa rannóg don ‘Stiúrthóir is Fearr’.

Tá an t-aisteoir óg Catherine Clinch, atá sa phríomhpháirt sa scannán, ainmnithe don ‘Bhan-aisteoir is Fearr’.

Beirt aisteoirí atá ainmnithe do Foscadh, an chéad scannán ó Sheán Breathnach, stiúrthóir as Gaeltacht Chonamara, Dónall Ó Héalaí atá ainmnithe sa rannóg don aisteoir is fearr agus Cillian Ó Gairbhí atá ainmnithe sa rannóg don aisteoir tánaisteach is fearr.

Cillian Ó Gairbhí agus Dónall Ó Héalaí

Tá an t-aisteoir Peter Coonan ainmnithe dá ról in Doineann, scéinséir comhaimseartha.

Tá an An Cailín Ciúin bunaithe ar scéal le Claire Keegan agus rinneadh an scannánú i mBaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí.

Scéal casta leochaileach é faoi dhuine atá ag teacht in inmhe agus pléitear an teaghlach, an fhaillí agus an chailliúint trí shúile an phríomhcharachtair óig.

Tá Kate McCullough ainmnithe don chineamatagrafaíocht agus tá John Murphy ainmnithe don eagarthóireacht.

Tá Stephen Rennicks ainmnithe dá scór don scannán Gaeilge agus é san iomaíocht sa rannóg cheoil le Van Morrison agus David Holmes.

Tá Louise Stanton ainmnithe don dearadh feistis agus tá ainmniúchán faighte ag Steve Fanagan, John ‘Bob’ Brennan agus Brendan Rehill sa rannóg fuaime.

Ghnóthaigh An Cailín Ciúin Grand Prix sa rannóg Glúin/Generation ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín.

Cuirfidh an scannán tús tráthnóna amárach le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, an chéad fhadscannán Gaeilge a dhéanfaidh a leithéid.

Tá beirt Ghaeilgeoirí eile ar liosta na n-ainmniúchán IFTA. Tá Dathaí Keane, a rinne an tsraith An Klondike agus an scannán Gaeilge Finky roimhe seo, ainmnithe mar stiúrthóir don tsraith Smother. Tá Úna Ní Dhonghaile, Gaeilgeoir eile, ainmnithe i rannóg na heagarthóireachta do Belfast.

Faoin scéim Cine4, atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann, a rinneadh An Cailín Ciúin agus Foscadh, iontráil na hÉireann ar Gradaim Oscar na bliana seo.

TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann a chuir maoiniú ar fáil do Doineann.

Rinne Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, comhghairdeas le léiritheoirí na scannán.

“Comhghairdeas ó chroí arís le foireann Inscéal; Cleona Ní Chrualaoi agus Colm Bairéad agus leis an bhfoireann ar fad a léirigh An Cailín Ciúin.  Is aitheantas na deich n-ainmniúchán seo as an gcaighdeán atá sa scannán idir aisteoireacht agus scannánaíocht.

“Déanaim comhghairdeas freisin le Magamedia as an dá ainmniúchán do Foscadh agus le Doubleband Films don ainmniúchán do Doineann.  Beidh scannáin Ghaeilge d’ardchaighdeán le feiceáil i bpictiúrlanna agus ag féilte scannáin go rialta in 2022 agus is iontach an rud é go bhfuil TG4 agus Cine4 lárnach san earnáil scannánaíochta in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.”

Fág freagra ar '13 ainmniúchán IFTA do scannáin Ghaeilge agus ‘An Cailín Ciúin’ ag barr an liosta'