Scéinséir ceart Gaeilge a chuirfidh faoi gheasa tú

Éiríonn le Damien McCann scannán snasta inchreidte a thabhairt i dtír lena chéad fhadscannán

Scéinséir ceart Gaeilge a chuirfidh faoi gheasa tú

Pat Butler

Doineann
le Damien McCann
Scriptscríbhneoir – Aislinn Clarke
Peter Coonan – Tomás
Bríd Brennan – Labhaoise
Clare Monnelly – Siobhán
Seán T. Ó Meallaigh – Macdara

Scéinséir comhaimseartha is ea Doineann, a rinneadh do TG4 le tacaíocht Northern Ireland Screen.

Ar oileán beag Gaeltachta amach ó chósta thiar thuaidh na hÉireann a tharlaíonn an t-aicsean go léir. Tá an cac ag creathadh ionam cheana féin!

Dream aisteach duairc iad pobal an oileáin. Tá an chuma orthu go bhfuil a rún dorcha féin ag gach aon duine díobh.

Lánúin óg – Gaeilgeoirí as Baile Átha  Cliath – a tháinig isteach ar dhroim na gaoithe iad Siobhán agus Tomás. Tá siad ag cur fúthu anois ar an oileán lena mac óg álainn i dteach saoire galánta cois cladaigh.

Iriseoir iniúchta teilifíse is ea Tomás (Peter Coonan), é meáite ar an bhfírinne a nochtadh faoi bhithiúnaigh mhóra na coiriúlachta. Tá an chosúlacht ar chúrsaí go bhfuil dúlagar iarbhreithe ar Shiobhán bhocht (Clare Munnelly). Í scáfar, ciúin, éiginnte inti féin. Fágtar seampú sa chuisneoir agus sú tráta sa chith. Bristear gloine, gearrtar lámh. Téann friochtán trí thine agus an leanbh fágtha ina aonar i ngar dó.

Tá stoirm mhór ar a bealach a ghearrfaidh an t-oileán amach ón mórthír. Ina ainneoin sin agus leochaileacht a mhná, imíonn Tomás leis go dtí an mhórthír chun cruinnithe, rud a fhágann Siobhán agus an leanbh ina n-aonar. Ar fhilleadh dhó – sea, tá an ceart agat – tá an bheirt acu imithe ar iarraidh.

An chéad deich nóiméad nó mar sin ní mór a bhíos ag súil leis an uair is ceathrú a bhí fágtha.

Samhlaíodh dom ag an bpointe sin nach raibh an script ná an insint thar mholadh beirte. Bhí blas mínádúrtha ar chaint Thomáis a chuir ‘Gaeilge Ardteiste’ leithéid Arms, Foil and Hog i gcuimhne dom.

Ansin tagann Labhaoise (Bríd Brennan) agus Macdara (Seán T. Ó Meallaigh) isteach sa scéal agus thuigeas ar an toirt gur ceardaí scripte den chéad scoth í Aislinn Clarke. Ise an saoiste a chuir snas agus loinnir na hinchreidteachta ar chaint is ar charachtair na beirte sin. Bheadh orm liobarnacht na chéad deich neomat sin a athmheas. Seans nach mar a shíltear bítear.

Luath nó mall, bhraitheas, beimid ag filleadh arís chun peirspictíocht eile d’fháil ar gach ar tharla agus ar dúradh sna míreanna míchompordacha tosaigh sin. Tá snáth an scéil ag dul chun castachta. Scéinséir ceart atá anois againn, agus táimse iomlán faoi gheasa aige.

Éiríonn le Damien McCann scannán snasta inchreidte a thabhairt i dtír lena chéad fhadscannán. Ní beag sin. Stiúrthóir nua Éireannach le háireamh atá ann. Agus cad é mar thacaíocht a fuair sé óna chliar – ceardaithe den uile chineál agus oirfidigh aisteora in éineacht.

Riachtanas plota faoi ndear an tús a chuir carachtar Peter Coonan isteach. Seasaigí siar, áfach, nuair a thagann sé ar a bhuile ceart amach sa scannán. Na bhfuil príomhaisteoir Gaelach a bharrtha ann faoi láthair? Ní dóigh liom é.

Ní bheadh Seán T. Ó Meallaigh as áit in aon scannán comhaimseartha domhanda. Aisteoir lom, bríoch, bagrach é. Aisteoir a sheasfadh an fód in aon scannán tíriúil leis na Coen Brothers, abair.

Ná bac le ‘Miss Marples’ Agatha Christie ná ‘Jessica Fletcher’ Angela Lansbury. Níl ceachtar acu inchurtha le Labhaoise iontach Bhríd Brennan. Seo bleachtaire mná in aois áirithe nach dtéann an ruainne is lú fianaise thairsti, ná an bhréag is inchreidte, ná an cur i gcéill is cliste.  Iarcheannfort sna Gardaí í Labhaoise seo againne. Bean feasa na súile móra a chuireann gach rud ina cheart le daonnacht, comhthuiscint, cineáltas, caoimhe agus cupán tae. Ach amhail Columbo fadó, ar a phriacal féin na bithiúnach a dheineann beag is fiú di!

Muna gcrochann Bríd Brennan léi príomhchraobh aisteoireachta d’aon saghas ag na IFTA’s i mbliana ní fiú tráithnín iad na gradaim sin.

Tá rud ann ar a dtugaim ‘Céad Phrionsabal Cathal Goan’. Deireadh sé linn agus sinn ag obair ar na gclár Cúrsaí fadó gan a bheith ‘ag bladar faoin nGaeilge. Cuirigí in úsáid os comhair an phobail i bhfoirm nádúrtha thaitneamhach í’.

Cuireann Doineann an teanga bheo i lár an aonaigh go nádúrtha taitneamhach. San áit is dual di a bheith. D’fhéadfadh leithéid Doineann níos mó a bhaint amach do sheasamh na Gaeilge i measc an phobail ná mar atá bainte amach ag aon choiste Oireachtais nó reachtaíocht Dála riamh.

Tá an scannán comhaimseartha Gaeilge tagtha in inmhe. Jab déanta. Beidh Doineann le feiceáil ón lá inniu ar rogha scáileán na tíre.

Hup!

Fág freagra ar 'Scéinséir ceart Gaeilge a chuirfidh faoi gheasa tú'