‘Foscadh’ – saothar teanntásach pointeáilte tugtha ar an bport ag Breathnach

Téann Dónall Ó Héalaí go feirc sa phríomhcharachtar sa chéad scannán ó Sheán Breathnach

‘Foscadh’ – saothar teanntásach pointeáilte tugtha ar an bport ag Breathnach

Foscadh
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Seán Breathnach
Cliar: Dónall Ó Héalaí, Fionnuala Flaherty, Cillian Ó Gairbhí, Macdara Ó Fátharta, Máire Ní Mháille, Eoghan Geoghegan, Diarmaid de Faoite

Tá saol scoite, neamhurchóideach caite ag John Cunliffe (Dónall Ó Héalaí) faoi chúram a thuismitheoirí róchosantacha ar fheirm iargúlta i dtuaisceart Chonamara. Cuirtear abhaile orainn sa chéad radharc nach bhfuil gach rud mar is ceart leis an bhfear seo. Nuair a chíonn sé a mháthair sínte marbh ar an talamh ní deir sé faic agus ní dhéanann sé faic. De réir mar a théann an radharc ar aghaidh címid é suite ar an gcúits ag féachaint ar an teilifís agus an corp fós sínte ar an talamh in aice leis.

Tá an t-athair imithe ar shlí na fírinne roimhe sin agus tá John anois fágtha leis féin. Beidh air a shlí féin a dhéanamh sa saol. Is ar éigean go bhfuil sé ann a shíniú a chur ar phár nó greim bia a chur ina bhéal. É ciotach i gcomhluadar agus é ag imeacht timpeall ina sheangheansaí. Cuirtear in luí orainn go bhfuil gabháltas breá talún, agus airgead leis, b’fhéidir, fágtha le huacht aige. I gcaitheamh an scéil, bímid, é féin agus carachtair eile, in amhras go bhfuil daoine atá cineálta leis ag iarraidh teacht i dtír air.

Nílimid cinnte riamh an bhfuil sé simplí ann féin nó éirithe ait i gcaitheamh na mblianta ceal teagmhála le daoine eile. Tá cuma shoineanta, shaonta air ach ag an am céanna tánn tú in amhras go bhféadfadh sé pléascadh le drochmhianach. Dá bharr ní carachtar báúil amach is amach é. Mar is dual dó téann Ó Héalaí go feirc sa charachtar seo agus mar a tharla in Arracht (2019) bíonn air radharcanna iomlána a iompar aige leis féin agus sinn i dtaobh le ciúnas agus seatanna teanna dá chuntanós chun sin a threorú. I radharc draíochtúil léanmhar amháin bíonn logainmneacha na dúthaí á gcantaireacht aige leis féin.

Lá de na laethanta déantar ionsaí fíochmhar gan choinne, gan chúis air agus bíonn air tréimhse fhada chaitheamh san ospidéal. Is ansin a chuireann sé aithne ar an altra Siobhán (Flaherty) agus Dave (Ó Gairbhí) othar atá sa leaba in aice leis. Cuireann na cairdis seo cor ina shaol. Tá Dave cuileachtúil agus lán de bhuaileam sciath agus is léir, cé nach ndéantar aon chíoradh air, go bhfuil a dheacrachtaí féin aige. Tá Siobhán lách is cainteach agus éiríonn sí féin agus John ceanúil ar a chéile. Tugann Ó Gairbhí agus Flaherty taispeántais iontacha uathu agus is mór an trua ar shlí nár deineadh a thuilleadh tochailte ar scéalta is cúlraí na beirte. Ní chuireann an radharc collaíochta idir Siobhán agus John aon fhiacail ann; é suaite agus liobarnach.

Tá taispeántais bhreátha leis againn ó Mhacdara Ó Fátharta, Máire Ní Mháille, Eoghan Geoghegan agus Diarmaid de Faoite.

Tá forbróir (de Faoite) ag iarraidh an talamh a cheannach le muilte gaoithe a thógaint. Cor eile sa scéal. An saol ag athrú tuilleadh ar John. Tá an fheirm, mar a bhí a mhuintir roimhe, mar fhoscadh agus mar phríosún aige. Ba cheart dó éalú ach an bhfuil sé in ann éalú?

Tá moladh mór ag dul don scríbhneoir/stiúrthóir Seán Breathnach as saothar chomh teanntásach, pointeáilte a thabhairt ar an bport, go mór mhór agus gurb é seo an chéad gheábh ar fhadscannán aige.

Is léir go bhfuil súil oilte aige agus bíodh is go bhfuil scéal gruama le hinsint aige, tá Foscadh go hálainn ar fad le féachaint air agus ceantar sceirdiúil Chorr na Móna mar a bheadh carachtar breise ann.

Fág freagra ar '‘Foscadh’ – saothar teanntásach pointeáilte tugtha ar an bport ag Breathnach'

  • JP

    D’fhéachas aréir air ar TG4. Tagaim leat. ‘Bhfuil duais ar bith buaite aige seo fós?Mura bhfuil is mór an peaca é. Níl aon bhreith ag na táirgí eile sin ‘Banshee of Inisheer’ srl air, mar scannán, dar liom. Is geall le shaman é Ó Héalaí sa tslí go mbánn sé é féin sa charactar. Scanrúil ar fad. Ní choimeádfadh na haisteoirí mór le rá eile úd ar Inisheer srl coinneal leis an bhfear seo. An scannánaíocht féin álainn suaithní chomh maith. Na logainmneacha á chantaireacht os íseal aige amhail is dá mba liodán grá ar thalamh a mhuintire iad. “Ní tada sinn gan talamh,” adeir a úncail. Mianach iontach sa chliar ar fad, sa Bhreathnach freisin go háirithe.