1,173 cás nua fógartha, daoine idir 19-34 bliain d’aois iad 50% díobh 

Deir Príomhoifigeach na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan go bhfuil líon na gcásanna ag ardú go tapa ar fud na tíre 

1,173 cás nua fógartha, daoine idir 19-34 bliain d’aois iad 50% díobh 

1,173 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, an líon is mó a fógraíodh in aon lá amháin ón 13 Feabhra.

79 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, duine amháin níos lú ná inné, agus tá 23 acusan in aonad dianchúraim.

Deir Príomhoifigeach na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan go bhfuil líon na gcásanna ag ardú go tapa ar fud na tíre.

“Tá líon na gcásanna den ghalar sa bpobal ag ardú go tobann, tá ardú i 22 contae as an 26 agus daoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu is ea formhór mór díobh.

“Má leanann cúrsaí mar atá faoi láthair is iad na daoine nach bhfuil aon vacsaín faighte acu is mó atá i gcontúirt an Covid-19 a tholgadh. Daoine idir 19-34 bliain is ea os cionn 50% de chásanna an lae inniu,” a dúirt an Dr Holohan.

1,380 cás a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt le 24 uair an chloig. Níor bhásaigh aon duine eile de dheasca an víris ansin.

92 othar Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn, 12 duine níos mó ná a bhí inné, agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i 21 d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,189,863 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 963,532 duine.

Ón lá inniu ar aghaidh féadfaidh daoine atá idir 25 agus 29 clárú ar shuíomh idirlín an chláir vacsaínithe agus tá an HSE ag súil go mbeidh vacsaín ar fáil dóibh laistigh de thrí seachtaine.

An imní is mó atá ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi láthair ná an líon daoine óga atá ag tolgadh an choróinvíris agus dochtúirí teaghlaigh á gcur chuig an ospidéal, a deir Paul Reid, Ceannasaí an HSE ar maidin ar Morning Ireland ar RTÉ. An imní is measa faoi sin ná an Covid fadmharthanach nó na hiarmhairtí a fhágann an víreas ar an té atá buailte, fiú daoine nach mbíonn cúram ospidéil ag teastáil uathu.

Dúirt Reid go raibh an vacsaín ar fad faighte ag 60% de dhaoine fásta na tíre agus an chéad snáthaid faighte ag 75% acu.

Ach bhí fainic aige faoin Delta: “Údar imní dúinn an t-ardú mór ar líon na gcásanna gach uile lá.” Dúirt sé gur daoine faoi 45 bliain 87% de na cásanna a deimhníodh le coicís agus mí Eanáir seo caite ní raibh ach 40% acu faoi 45 bliain.

“Is iad na daoine nach bhfuil aon vacsaín faighte acu atá leochaileach anois,” a dúirt Reid. “Tá dhá fhadhb againn. Mura bhfuil vacsaín faighte agat tá tú i gcontúirt níos mó agus tá an scaipeadh sa bpobal ag méadú.”

Dúirt Reid go bhféadfadh na daoine atá sna 50idí agus sna 60idí nár chláraigh leis an gClár Vacsaínithe go fóill clárú ar an suíomh sin i gcónaí.

Fág freagra ar '1,173 cás nua fógartha, daoine idir 19-34 bliain d’aois iad 50% díobh '