An Ghaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta – 10 ngeis an éisteora

Tá cuid de na cainteoiri is ábalta agus is cruinne sa tír ar RnaG ach mar sin féin cuireann cuid dá gcloiseann sí ar an raidió saidhleam dearg ar ár gcolúnaí

Maire RnaG

Bhuail maidhm sciolladóireachta Raidió na Gaeltachta le déanaí agus mhionnófá ar an leabhar go raibh chuile dhuine san áit briotach míchruinn.

Ar ndóigh a mhalairt an cás, mar ar an bhfoireann sin atá cuid de na cainteoiri is ábalta agus is cruinne sa tír, mná fíorchumasacha ach go háirithe, agus ba mhór an feall é dá gcuirfeadh an taom is deireanaí seo aon drochmhisneach orthusan.

Ní chuireann sciorradh teanga na Muimhneach ná na nUltach múisiam na ngrást orm féin mar gurb iadsan na húdair ar a gcanúint féin. D’fhéadfadh Damien Binn Ó Dónaill liodán na Maighdine a léamh agus dhéanfadh sé ceol de!

Ní dhéanann muide sa mbaile leithscéal ar bith  d’aon chraoltóir bocht a mbíonn brú teicniúil, pearsanta ná ama air nó uirthi.

Bíonn muid níos géire ar RnaG mar gur dínn féin é.

Deirtear go mbíonn chuile iascaire go maith ar an teallach agus is é a fhearacht sin againne na héisteoirí é.

Ach meas tú nár cheart go mbeadh cailleach sa gclúid léirithe/stiúrtha/cruinnis ag RnaG a chuirfeadh comhairle chuibhiúil ar an iriseoir siléigeach, sleamchúiseach atá ag cur saidhleam dearg orainne sa mbaile?

An rud iontach faoi na meáin seachas an chuid eile dár saol go bhféadfaidh tú an craoltóir a thachtadh le cnaipe beag, agus sin a dhéanaim féin má sháraíonn craoltóir aon cheann de na geasa seo:

  1. ‘Mar a deir lucht an Ghaeilge nua’ – caitear uainn an leithscéal agus an náire faoin gcruinneas is an ghairmiúlacht, sin nó abraítear amach i mBéarla uilig é. Ní tréigean canúna ná cine é an cruinneas ná an grinneas.
  2. ‘ag’ leis an ainm briathartha:  Má chloisim an ‘g’ sin  leis an ainm briathartha, ag déanamh (in áit a’déanamh) – tachtadh láithreach. Cuimilt bheag den dúch dearg ar na ‘g-anna’ sin uilig sa script, ba bhreá an slacht ar an scéal é. An bhfuil sióg éigin i nGarraí Pheter William ag ‘eigeáil’ léitheoirí áirithe fógraí agus nuachta. Tachtar í láithreach!
  3. Ginideach bradach: tá ráig thógálach den aicíd seo thart – craoladh na Máirte, clár an lae amáraigh, roimh na Cásca, srl á rá ag daoine as an taobh seo tíre a bhíonn seachantach go maith ar an séimhiú agus an Ginideach i gcásanna eile – ‘roimh deireadh an chlár’. Cuirtear buarach ar an nginideach sin nó déanfaidh sé beithé daoibh ag bradaíl leis i ngarraí na gcomharsan.
  4. Aidiacht Bhriathartha in áit briathar breá díreach– tá sé déanta soiléir ag Joe v. shoiléirigh/mhínigh Joe é. Beidh an tairiscint pléite ag cruinniú de cheardchumann v. pléifear an tairiscint ag cruinniú ceardchumainn.
  5. Cumadóireacht agus leaganacha Béarlaithe  – níl a leithéid d’áit ann agus Inisiar – Inis Saor(Oírr) atá ann–agus níl aon tír ann darbh ainm an Ind. An Innia/an India – sin a bhí riamh orthu. Ní fheicimse aon aduaine bhreise leis an leagan Gaeilge de Venezuela, Bangladesh, srl. Tá focloir.ie, tearma.ie, logainm.ie agus ainm.ie inár bpócaí againn agus dhá chluais orainn.
  6. Cathair ghríobháin na bhfochlásal – ní hamháin go gcuireann siad giorra anála ar an gcraoltóir bocht agus é ina aibéis ag iarraidh meabhair a bhaint astu ach cuireann siad an t-éisteoir seo ar an gcnaipe. Céard faoin lánstad? Ní á léamh atá na héisteoirí agus is mór idir eolas scríofa agus eolas ó bhéal nach mbíonn agat air ach an t-aon deis amháin.
  7. Aidiacht an Bhéarla  – níl orm ach a bholadh a fháil agus tagann dinglis i mo mhéar –daoine áitiúla v. daoine as an áit/muintir na háite; bean Éireannach v. bean as Éirinn/ Éireannach mná.
  8. Míreanna ina bhfuil plá ginideach i mullach a chéile – cruinniú pleanála bainistíochta caomhnaithe ceantair tuaithe  – nach diabhlaí an moghlaeir é sin ar do chéalacan, ach ag Dia amháin atá a fhios céard é. Theastódh siséal géar uait le mant a bhaint as agus cúpla réamhfhocal a shacadh isteach, beag beann ar an bpreasráiteas sin a fuair tú.
  9. Fógraí sochraide – an scríofa ar chúl bosca toitíní a bhíonn siad agus iad á sineadh isteach ag an léitheoir bocht agus an mhír nuachta ar siúl? Nach bhféadfaí iad a fhágáil go dtí an chéad mhír eile? Tá de dínit ag gabháil don té atá os cionn cláir nach mbeifí ag plucsáil lena ainm ná lena ghinealas.
  10. Foghraíocht – tá áit don chaol agus don leathan inár mbéal. Ní hionann caill agus cáil, ní hionann clár agus cláir, ní hionann séimhithe agus maol, ní hionann fuaim don chonsan i nGaeilge agus i mBéarla agus tá défhoghair againn!     

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta – 10 ngeis an éisteora'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Sin racht! Féar-plé duit mar a deir siad san Iarthar.

  • Kevin Hickey

    An-alt, a Mháire.

    Tá go leor againn a’ triall ar an Ind inár n-intinn le fada, áfach, i gcead duit.

    https://roghaghabriel.blogspot.ie/2016/02/comhra-san-ind.html

    C.

  • Fachtna

    ‘An Ind’ a múineadh domsa ar scoil agus tá m’atlas bunscoile Gaeilge fós agam agus ‘An Ind’ ann. Sin an fáth go dtagann ‘An Ind’ níos nádúrtha chugamsa ná ‘An India’ cé gurbh é sin an leagan oifigiúl anois.

  • Eoin Ó Murchú

    Speisiuil go maith, ach ní aontaím leí ar chor ar bith maidir le ainmneacha tíortha. Is Bearla é An Innia; agus fiú mura gcloistear An Ind sa gcaint go minic tá an leagan sin bunaithe ar an gcaoi gur cumadh ainmneacha tíortha sna blianta roimhe.
    Is minic mar shampla gur chuala mise cainteóir dhúchais as Conamara ag caint faoin seal a chaith sé i Scotland; ach nach bhfuil muid ceart cloí le Albain?
    Leagan oifigiúil cinnte is ea an Innia, ach céardf faoi? B’fhéidir gur béarlachas an leagan oifigiúil sa gcás seo.

  • Robert McMillen

    Tá claonadh ionainn a chreidbheáil gur ón Bhéarla a thagann gach focal i nGaeilge atá cosuil le Béarla. De gnách is é an Béarla ceann scríbe focal a bhfuil turas fada ama agus tíreolaíochta déanta acu. Tá an India agus a comfhuaim i gcuid mhór teangacha. Ón tseanPheirsis a d’eascair an t-ainm i dús ama https://www.dropbox.com/s/xkjl4xdpbp1cdy9/Screenshot%202016-04-09%2011.15.00.png?dl=0

  • Padraic

    Nár laga (nó lagaí) Dia thú, a Mháire! An féidir tada a dhéanamh faoina mbíonn á rá ag tráchtairí Rugbaí Beo ar TG4? Clibirt na Connachtaigh; tá an úd aimsithe; tá an liathróid á n-iompar ag x; i dtreo na postaí; faoi na bpostaí; tá na coinníollacha deacair (nuair is drochaimsir nó gaoth láidir nó talamh báite nó a leithéidí atá i gceist); i gcoinne na Muimhnigh; i dtreo an taobhlíne; cuairt do 22 an fhreasúra (sna fotheidil, nuair is cuairt air atá i gceist); agus céard í an fhisiciúlacht seo a mbítear go síoraí ag labhairt faoi? Ach is buí le bocht an beagán – tá tuiscint éigin ag teacht acu ar an gcluiche ar deireadh.

  • Jamie Ó Tuama

    Na cinn is mó a leagaim féin suntas orthu ná ‘faoi láthair na huaire’ agus ‘ocras’ i gcúrsaí spóirt nuair is díocas nó uaillmhian atá i gceist.

  • padraig

    craoladh na Máirte, clár an lae amáraigh …gach ceann acu ceart i gcanúint na Mumhan..
    roimh na Cásca…roimis na Cásca nó roimh an gCáisc

    • Cormac

      Ní ag caint ar Mhuimhnigh atá an scríbhneoir.