Treoirleabhar faoi thatúnna i nGaeilge chruinn a fháil foilsithe

Tá faoi The Irish Gaelic Tattoo Handbook cúnamh a thabhairt do dhaoine drochthatú a sheachaint agus taitneamh a bhaint as an nGaeilge ‘go muiníneach agus go bródúil’

Treoirleabhar faoi thatúnna i nGaeilge chruinn a fháil foilsithe

Tá treoirleabhar scríofa ag cainteoir Gaeilge as California do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu ach ar mhaith leo tatú de nath cainte nó focal i nGaeilge a fháil mar thatú.

The Irish Gaelic Tattoo Handbook an teideal atá ar an leabhar atá á fhoilsiú ag Bradan Press, an dream céanna a d’fhoisligh The Scottish Gaelic Tattoo Handbook leis an Dochtúir Emily McEwan anuraidh.

Tá sé mar aidhm ag údar The Irish Gaelic Tattoo Handbook, Audrey Nickel, daoine a “shábháil ó thromluí an tatú Cheiltigh”.

“Tá na céadta duine feicthe agam a rinne botún costasach agus náireach mar nár thuig siad a chasta is atá ceist an aistriúcháin, nó mar gur chuir siad a muinín sa duine mícheart.

“Tá go leor leor drochGhaeilge ar an idirlíon. Is é an aidhm atá ag an leabhar seo cúnamh a thabhairt do dhaoine drochthatú a sheachaint agus taitneamh a bhaint as an nGaeilge go muiníneach, go bródúil agus go cruinn,” a dúirt Nickel.

Tá os cionn 400 nath, focal, agus seanfhocal Gaeilge sa leabhar nua a bhíonn coitianta, ní hamháin ar thatúnna ach ar sheodra, ar chártaí, ar bhronntanais agus ar shaothar ealaíne freisin.

Tugtar comhairle sa leabhar freisin maidir leis an aibítir Ghaelach, clófhoirne Gaelacha agus siombailí a shamhlaítear le cultúr na hÉireann –  an difríocht idir an tseamróg agus an tseamair Mhuire, mar shampla. Dírithe ar dhiaspóra na hÉireann atá an leabhar agus súil ag an údar go gcabhróidh sé líon na dtatúnna míchruinne a laghdú.

Is ceoltóir í Nickel atá ina cónaí i Santa Cruz i California. Chuir sí spéis sa Ghaeilge ar dtús tríd an gceol nuair a bhí sí an-óg. Thaitin ceol traidisiúnta na hÉireann go mór léi agus thug sí uirthi féin an oiread agus ab fhéidir léi faoin tír agus faoin gcultúr as ar eascair sé a fhoghlaim. Thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge as a stuaim féin nuair a bhí sí 15 bliain d’aois.

Tá an leabhar The Irish Gaelic Tattoo Handbook agus The Scottish Gaelic Tattoo Handbook ar fáil anois ó Bradan Press san Albain Nua agus tá súil ag na foilsitheoirí leagan don Bhreatnais a fhoilsiú an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Treoirleabhar faoi thatúnna i nGaeilge chruinn a fháil foilsithe'

  • Braoin Ó Braoin

    Thar cionn uilig…
    Beidh sé sin an-úsáideach go deo agus sábhálfaidh sé neart fulangtha cheapfainn féin…