Tabhair peann don déagóir sin agat an Nollaig seo. Cá bhfios cén draíocht a bhainfí as?

Is ionann an peann agus ionstraim chun iontais, féirín chun fantaisíochta. Bronn ceann ar dhuine éigin an Nollaig seo...

Tabhair peann don déagóir sin agat an Nollaig seo. Cá bhfios cén draíocht a bhainfí as?

Between my finger and my thumb   

The squat pen rests; snug as a gunDigging, Seamus Heaney

An fada go mbeidh orainn a mhíniú don mhuintir óga cad is ‘peann’ ann? An fada go mbeidh orainn rang a reáchtáil le míniú go bhfuil a leithéid de ghléas beag ann, é lán dúigh? Ní hionann an peann agus an Bic nó an Biro. Níl sa Bhic agus sa Bhiro ach maide beag gan bhrí. Is ionann an peann agus ionstraim chun iontais, féirín chun fantaisíochta.

Cá bhfuil an scríbhneoir nach bhfuil peann maith aige, peann atá le coinneáil agus le caomhnú? Ná bac an méarchlár nó an aip, ná bac ríomhaire Apple nó PC, níl rud ar bith níos fearr a chuireann in iúl gur scríbhneoir tú ná peann fiúntach.

Tráth peann atá ann sa Nollaig, nach ea? Seo an t-am den bhliain a thugtar mar bhronntanais iad. B’fhéidir nach mbeadh aird ag gach duine ar an pheann mar bhronntanas. Bíodh acu. Ní thuigeann siad luach na huirlise atá ina nglac acu. B’fhéidir gur chóir dúinn a rá le glúin Harry Potter gurb ionann an peann agus slaitín draíochta Harry, go dtig leat focail a mhealladh as do shamhlaíocht leis an pheann bheag sin, go dtig leat domhain úra a chruthú le focail, scéalta a insint, eolas a roinnt, gur treise é ná claíomh? (Tig leo, gan amhras, an rud is ‘claíomh’ a lorg ar wikipedia!)

Arú, nach mór an trua iad, an mhuintir óga? Is míle trua liom an bhean nach bhfuair litir ghrá – agus is míle míle trua liom an fear fuarchroíoch nár thuig an éifeacht a bhí le litir ghrá a scríobh. Níl rómáns ar bith ag baint le ríomhphost.

Tá cnuasach beag (neamhchostasach) peann agam. Peann Parker a thug mo thuismitheoirí dom lá den tsaol an chéad pheann a fuair mé riamh agus ba é a bhí galánta. Briseadh sa deireadh é ach bíonn peann Parker liom i gcónaí, cuimhneachán beo ar chineáltas agus ar thús aistear seo na scríbhneoireachta. Sea, géillim don rómánsachas chomh fada agus a bhaineann sé le pinn de.

Thug mo chéile mná peann Cross dom agus muid le pósadh. Tugaim ‘peann na filíochta’ air nó má thig an Spiorad Naomh chun cainte, is leis a scríobhaim ranna beaga filíochta (nach léitear). Tugadh peann deas de chuid Lamy dom le comóradh a dhéanamh ar lá breithe ar leith; ceann Caran d’Ache le críoch ar chúrsa ollscoile a cheiliúradh; ceann Conallach a cheannaigh mé sa Ghaeltacht, é déanta as dair phortaigh agus samhlaím mé féin i dtiúin leis an tír ar fad agus mé ag scríobh leis; ceann adhmaid a cheannaigh mé i bhFear Manach agus muid ar thuras lae; ceann déanta as miotal i siopa áitiúil agus cheannaigh mé é mar go raibh an peann chomh dubh dorcha mistéireach le hoíche tuaithe agus gur thaitin an smaointeamh liom (an rómáns arís) go raibh objet d’art chomh gleoite leis á dhéanamh i gcríocha fiáine Lár Uladh.

Ní raibh costas mór leo agus is luachmhaire iad ná a gcostas. Tugaim aire mhaith dóibh. Is ina mboscaí ar an tábla a bhíonn siad. Scríobhaim le gach ceann acu lena seal. Ligim do gach aon cheann acu labhairt liom; focail a chur ar an leathanach. Ansin, nuair a bhíonn a seal i mbun pinn tugtha, cuirim ar ais ina gcuid boscaí iad, go dtí an chéad bhabhta eile scríbhneoireachta, go dtí go mbíonn rud inteacht eile le rá, le breacadh síos.

Ba bhreá liom a rá go bhfuil lorg mo láimhe deas néata. Níl. Chaill mé lúth na scríbhneoireachta ar feadh tamaill fhada de bharr cúrsaí oibre. Bhí mé ag caitheamh barraíocht ama os comhair scáileáin, mo mhéara gafa le méarchlár gan anam. Bhí dearmad déanta agam ar an teagmháil idir méara, lámh agus páipéar, an chuimilt ghrámhar sin agus tú ag scríobh ar leathanach.

Tabhair peann don déagóir sin agat an Nollaig seo, do do leannán, do do chéile, do gach aon duine a chastar ort. Cá bhfios cad é an draíocht a bainfidh siad as?