Súil siar ar nuacht idirnáisiúnta 2014

Breathnófar ar 2014 mar chasphointe stairiúil amach anseo. Súil siar (agus aniar, agus gan a bheith chríochnaitheach) ar bhliain achrannach.

Vladimir_Putin-6

Céad bliain i ndiaidh tús an Chéad Chogadh Domhanda, shílfeá go mbeadh dul chun cinn éigin déanta ag an gcine daonna. Ach i mbliana, thángamar níos gaire do mhórchoimhlint idirnáisiúnta ná ag aon phointe eile ó tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar.

Ní hí an bhliain 1914 a mheabhraigh mórscéal idirnáisiúnta 2014 domsa, áfach, ach na 1930í.

De bharr na tréanbholscaireachta agus de bharr na fáilte fuaire a cuireadh roimh ghrúpa áirithe (fir agus mná spóirt aeracha), mheabhraigh Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i gcathair Soitsí na Rúise Cluichí Bheirlín sa bhliain 1936.

Mheabhraigh gabháil na Crimé ag Vladimir Putin gabháil Sudetenland na Seicslóváice ag Adolf Hitler sa bhliain 1938.

Mheabhraigh iompar chumhachtaí an Iarthair sa chás seo iompar na gcumhachtaí céanna ceithre scór bliain ó shin.

Bhí an caidreamh idir an Rúis agus an tIarthar sách dona ó cuireadh an ruaig, i Mí Feabhra na bliana seo, ar uachtarán Viktor Yanukovych na hÚcráine tar éis scliúchais i bpríomhchathair na tíre sin, Cív, inar maraíodh ar a laghad céad duine.

Theith Yanukovych go dtí an Rúis (tír a raibh sé go mór faoina hanáil) agus b’fhacthas don Rúis gur thacaigh an tIarthar leis na fórsaí a chuir an ruaig air. Lean gabháil na Crimé agus thosaigh éirí amach in oirthear na hÚcráine, réigiún inar Rúisigh iad mórchuid an phobail.

Ach tháinig an teannas idir an Rúis agus an tIarthar chun buaice i lár na bliana, nuair a maraíodh 298 duine nuair a bhuail diúracán eitleán paisinéirí de chuid Malaysia Airlines os cionn oirthear na hÚcráine.

Meastar go forleathan gur ceannaircigh de bhunadh Rúiseach an réigiúin sin a bhí ciontach as an eachtra.

Níorbh é eachtra an MH17 an t-aon tubaiste a bhain do Malaysia Airlines i mbliana, dála an scéil. Chuaigh eitleán eile de chuid an chomhlachta, eitilt MH370, ar iarraidh i mí na Márta.

Ní bhfuarthas an t-eitleán riamh agus níl a fhios céard a tharla don 239 duine a bhí ar bord.

D’fhonn iarracht a dhéanamh brú a chur ar Vladimir Putin gan a ladar a chur isteach i bpolaitíocht na hÚcráine a thuilleadh – maraíodh os cionn 1,300 duine in achrann armtha sa tír sin i mbliana – chuir cumhachtaí an Iarthair, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá chun tosaigh, smachtbhannaí i bhfeidhm ar an Rúis.

Faoi dheireadh na bliana, ba léir go raibh tionchar ag an gcur chuige seo: thit luach an rúbail, airgeadra na Rúise, go tubaisteach.

Is é bun agus barr an scéil, áfach, ná gur cuireadh tús i mbliana le Cogadh Fuar nua. Ní haon ionadh é go músclaíonn sé sin droch-chuimhní in oirthear na hEorpa go háirithe, ón Eastóin anuas go dtí an Bhulgáir.

Breathnófar ar 2014 mar chasphointe stairiúil i gcaidrimh idirnáisiúnta an domhain amach anseo.

 

In áiteanna eile….

Ebola Screening Starts At O'Hare Airport
Tástáil Ebola a dhéanamh ar chuairteoir Sierre Leone in Aerfort O’ Hare, Chicago

Ar ndóigh, bhí go leor scéalta nuachta eile sna ceannlínte idirnáisiúnta nach raibh baint ag an Rúis leo. Ní chuirfeadh a bhformhór gliondar ar dhuine ach an oiread, áfach.

Scaip ráig den ghalar Ebola a thosaigh sa Ghuine in Iarthar na hAfraice i mí na Nollag na bliana seo caite go dtí tíortha eile sa réigiún ag tús na bliana seo.

Meastar go bhfuair nach mór 7,500 duine bás ón ngalar sa Ghuine, sa Libéir agus i Siarra Leon i mbliana agus níl aon fhianaise ann go mbeidh an ráig faoi smacht go luath.

 

Íobartaigh óga

Dhá chéad míle soir ón gceantar atá buailte ag Ebola, in oirthear na Nigéire, d’fhuadaigh an grúpa jiohádach Boko Haram nach mór trí chéad cailín scoile.

Ocht mí i ndiaidh na heachtra, a tharla i mí Aibreáin, níl tásc ná tuairisc ar fhormhór na gcailíní fós. I mí na Bealtaine, dhúnmharaigh Boko Haram breis is trí chéad duine in ionsaí ar dhá bhaile sa réigiún céanna.

Níorbh é an uair dheireanach é go mbeadh daltaí scoile ina n-íobartaigh ag grúpa míleata Ioslamach i mbliana. I mí na Nollag, dhúnmharaigh fir armtha de chuid an Talaban 145 duine, 132 daltaí scoile ina measc, in ionsaí ar scoil i gcathair Peshawar sa Phacastáin.

Bhásaigh na céadta dalta scoile sa Choiré Theas níos luaithe i mbliana, i mí Aibreáin, nuair a chuaigh bád farantóireachta ar a rabhadar ag taisteal go tóin poill. Chothaigh an tubaiste conspóid mhór shóisialta agus pholaitiúil sa tír.

Cogaíocht sa Mheán Oirthear 

OLYMPUS DIGITAL CAMERA
Saighdiúirí Iosrael sa Phalaistín

Lean an cogadh cathartha sa tSiria agus san Iaráic ar aghaidh i rith na bliana agus mhéadaigh ról an Stáit Ioslamaigh (IS) sna coimhlintí sin go mór i ndiaidh do na trodaithe seo, a chuir alltacht ar an domhan le físeáin ina gcuirtear daoine chun báis go brúidiúil, limistéar mór i dtuaisceart na hIaráice agus in oirthuaisceart na Siria a ghabháil.

Tá líon suntasach Muslamach óga ón Eoraip agus ó Mheiriceá Thuaidh ag troid in arm an Stáit Ioslamaigh agus tá imní ar mhórán tíortha san Iarthar faoina mbeidh ar bun ag na trodaithe seo ar fhilleadh dóibh.

Mar a bhíonn gach bliain, bhí an choimhlint idir Iosrael agus na Palaistínigh sna ceannlínte go minic i mbliana. Ghéaraigh ar an teannas i lár an tsamhraidh nuair a fuadaíodh agus a dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha i lár mhí an Mheithimh.

Chuir Iosrael tús le feachtas buamála agus ionsaí talún ar stráice Ghaza. Maraíodh 2,100 Palaistíneach agus 71 Iosraelach sa chogaíocht a lean.

Dul amú ar iriseoirí

Ní i gcónaí a bhionn an ceart ag iriseoirí agus súil chun cinn á caitheamh acu ar imeachtaí móra. Ba léir sin i mbliana i gcás Chorn Domhanda an tSacair.

Bhí imní ar go leor tráchtairí, mé féin ina measc, go gcuirfeadh léirsithe agus fadhbanna infreastruchtúrtha as do Chorn an Domhain sa Bhrasaíl, ach níor tháinig an tuar faoin tairngreacht.

D’éirigh níos fearr le Corn an Domhain ná mar a raibh súil leis; níor chuir sé ionadh ar mhórán gurb í an Ghearmáin a bhain an comórtas.

Dhá reifreann

Bhí neamhspleáchas na hAlban á thuar ag tráchtairí áirithe leis, go háirithe sna laethanta deireanacha roimh reifreann mór mhí Mheán Fómhair. Níor éirigh leo siúd a dteastaíonn neamhspleáchas uathu an iarraidh seo ach is deacair a chreidiúint nach dtiocfaidh an cheist seo aníos arís i gceann deich mbliana nó fiche bliain.

Ar chaoi ar bith, bhí rialtas Westminster le moladh as a dtoilteanacht glacadh le toradh an reifrinn, fiú más deireadh na Ríochta Aontaithe an toradh a bheadh air.

Ní fhéadfaí an rud céanna a rá faoi rialtas na Spáinne, a d’iarr ar chúirt bhunreachtúil na Spáinne cosc a chur ar reifreann faoi neamhspleáchas sa Chatalóin.

Mar sin féin, bhí vóta sa Chatalóin ar an 9 Samhain, an lá a raibh an reifreann beartaithe, cé nach raibh aon fheidhm ag an vóta ach tuairim an phobail a mheas.

Bhí breis is ochtó faoin gcéad díobh siúd a ghlac páirt sa vóta i bhfábhar neamhspleáchais. Má bhí féin, níor chaith ach rud beag le cois daichead faoin gcéad den daonra vóta.

Toghcháin eile

Cuireadh Yingluck Shinawatra, chéad aire na Téalainne, as oifig i gcoup d’état, ach lean rothaí móra an daonlathais ag obair i dtíortha eile.

Toghadh Joko Widodo ina uachtarán ar an Indinéis. Sa Tuirc, toghadh Tayyip Erdogan ina uachtarán tar éis dó 11 bhliain a chur isteach mar chéad aire.

Atoghadh Jacob Zuma san Afraic Theas agus Juan Manuel Santos sa Cholóim.

Jakob Zuma. Atoghadh é i 2014
Jakob Zuma. Atoghadh é i 2014

Thug muintir na Brasaíle aghaidh ar na bothanna vótála chomh maith. Mar a bhíothas ag súil leis, d’éirigh leis an uachtarán Dilma Rousseff ó Pháirtí na nOibrithe an dara téarma a bhaint amach.

Tá an chéad leath dá dhara téarma sa Teach Bán istigh ag Barack Obama agus is lú an cion atá ag muintir Mheiriceá air ná riamh; bualadh a Pháirtí Daonlathach go dona i dtoghchán lár téarma mhí na Samhna. Beidh móramh ag an bPáirtí Poblachtánach sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe don chuid eile de théarma deireanach Obama.

Go leor céimeanna siar, cúpla céim chun tosaigh

Idir an dá linn, tá léirsithe i roinnt mhaith cathracha sna Stáit Aontaithe i gcoinne an chiníochais a chuirtear i leith phóilíní na tíre sin tar éis aird an domhain a tharraingt. Shílfeá, ag breathnú ar íomhánna as cathair Ferguson, Missouri, gurb í an bhliain 1964, agus ní an bhliain 2014, a bhí ann.

Agus oiread céimeanna siar tugtha ag an gcine daonna i mbliana, tá sé tábhachtach cuimhniú go raibh céimeanna chun tosaigh ann chomh maith. D’éirigh le taiscealaí ón spásárthach Rosetta de chuid ESA, Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, tuirlingt ar réalta eireabaill – an chéad uair riamh gur cuireadh a leithéid i gcrích.

Bhí dea-scéal a bhaineann le caidrimh idirnáisiúnta ann, fiú amháin: tar éis breis agus leathchéad bliain, tá Cúba agus na Stáit Aontaithe ag caint lena chéile arís.

Aigní móra ar lár

Mayo Angelou a cailleadh in 2014
Mayo Angelou a cailleadh in 2014

Agus réiteach i ndán sa deireadh, is cosúil, don iarsma seo ón gCogadh Fuar, is é an trua go bhfuil tús curtha leis an gcéad Chogadh Fuar eile cheana féin.

Ar an drochuair, ní bheidh cuid de na scríbhneoirí ba ghéarchúisí a chuir síos dúinn ar an am atá thart inár measc chun cur síos dúinn ar an ré nua atá romhainn.

D’imigh mórchuid scríbhneoirí móra le rá ar shlí na fírinne i mbliana; Maya Angelou, Gabriel Garcia Márquez agus Nadine Gordimer ina measc.

Fág freagra ar 'Súil siar ar nuacht idirnáisiúnta 2014'