LÉIRMHEAS: Sásta leis an gCaighdeán nua, cé nach ndéarfadh duine ar bith beo ár gcuid oibre baile!

Tabharfaidh an leagan is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil, a foilsíodh tráthnóna inné, dúshlán na n-ainrialaithe teanga…

Word Boy reading

Níorbh ainrialaí teanga mise riamh.

Cinnte, ní raibh mé dall ar an randamacht a bhaineann le caighdeáin scríofa i dteanga ar bith; níl ‘feicimid’ a dhath níos cirte ná ‘feiceann muid’ agus níl ceachtar acu pioc níos cruinne ná ‘chí muid’. Bíodh sin mar atá, níor ghoill sé orm ‘feicimid’ a scríobh i dtéacsanna a bhfuil a bheagán ná a mhórán den oifigiúlacht ag baint leo. Tar éis an tsaoil, is é gnó an chaighdeáin scríofa leagan éigin a chur i dtreis.

Le blianta anuas, áfach, braithim go bhfuiltear ag déanamh ainrialaí teanga díom de mo sheacht n-ainneoin. Seo chugainn anois an tríú caighdeán gramadaí a foilsíodh faoi shéala Stát na hÉireann ó bhí 2011 ann. Tá ualach rialacha á charnadh againn a mharódh teangacha níos láidre ná an Ghaeilge. Agus ní luaithe a mholtar riail ná a dhéantar í a dhímholadh.

Foilsíodh Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe in 2012 a bhfuarthas lochtanna móra air. Lorgaíodh aighneachtaí agus bunaíodh coiste comhairleach le tabhairt faoina athbhreithniú. Tá toradh na hoibre sin le fáil san fhoilseachán seo, a dtabharfaidh mé ‘CO 2016’ air, de ghrá na héascaíochta.

An dea-scéal i dtosach: is fearr míle uair an foilseachán seo ná CO 2012. Athchuairt ar choinbhinsiúin na Gaeilge caighdeánaí atá ann. Tá an smörgåsbord foirmeacha scartha agus táite a cuireadh romhainn in 2012 bainte den chlár bia anois. Abair slán le ‘mholas, mholais, mholabhair’ agus ‘mholadar’. Tá gortghlanadh déanta ar an mhír dhiúltach ‘cha’, ar an bhriathar ‘chím’ agus ar leaganacha mar ‘níor chuaigh’ agus ‘gur chuaigh’.

Ní lú ná sin na ciorruithe atá déanta sa tuiseal tabharthach uatha. San áit a raibh macasamhail den dtalamh agus um an ndlí ceadaithe i saothar 2012, cuirtear ‘córas lárnach’ (ar an mbealach) agus ‘córas séimhithe’ (ar an bhealach) inár láthair. Is ionann na córais sin, cuid mhór, agus rialacha seanbhunaithe an CO.

Coinnítear cuid de na leasuithe ba chiallmhaire: ceadaítear urú in áit an tséimhithe i ndiaidh den, don agus sa (don fheardon bhfear) ar aon dul le faoin, ag an srl. Féadann na hUltaigh roimh an tsamhradh a scríobh feasta, amhail is gur séimhiú atá sa réamhlitir t. Glacfaidh sé tamall ar an Ultach seo dul i dtaithí ar leithéidí don údarás chéanna agus sa teas mhór a scríobh (an aidiacht a shéimhiú fiú má tá an t-ainmfhocal lom), ach seans gur sórt Siondróm Stócólm canúna is cúis leis sin.

Tríd is tríd, is slachtmhaire go mór na táblaí, na samplaí agus na nótaí míniúcháin. Tá corr-rud ann a d’fhéadfadh a bheith níos soiléire: má tá an fhoirm choibhneasta den bhriathar (an té a mholas, an bhean a dhéanfas) le ceadú, ba cheart níos mó suntais a thabhairt dó ná nóta beag sa chaibidil dheireanach (nó an amhlaidh atá sí ‘leathcheadaithe’?).

Is ait liom fosta samplaí mar beach cealgtha an pháiste (the bee that stung the child) a bheith sa téacs i ndiaidh do Mhicheál Ó Cearúil a léiriú go foighneach fóiréinseach gurb é nós na Gaeilge beach chealgtha a scríobh.

Ní léir cad chuige a bhfágfaí an séimhiú ar lár, mura bhfuiltear ag iarraidh ‘débhríocht’ a sheachaint (the child’s stung bee?). Dar ndóigh, níl débhríocht ar bith ann; tá an chiall breá soiléir i gcomhthéacs an natha.

Beidh cur agus cúiteamh faoi na rialacha maidir le hinfhilleadh ar shraitheanna focal. Fadó riamh a rinne muintir na Gaeltachta cinneadh faoi phéirí focal mar ‘fíon dearg’ nó ‘caidreamh poiblí’ a chur sa ghinideach: buidéal fíon dearg a deirtear, agus oifigeach caidreamh poiblí. Géilleann CO 2016 don nós sin i gcomhthéacsanna áirithe, mar shampla i ndiaidh ainm briathartha (ag casadh ceol tíre), i ndiaidh réamhfhocal comhshuite (i gcomhair cupán tae) agus fiú amháin i ndiaidh focail a chuireann cainníocht éiginnte in iúl (roinnt arán cruithneachta).

Thit mo chroí, mar sin, nuair a léigh mé samplaí mar ár gcuid oibre baile agus a ndóthain bia the. Bímis ionraic: ní déarfadh duine ar bith beo ár gcuid oibre baile. Nuair is í foirm an ainmnigh atá á moladh ina oiread sin comhthéacsanna eile, shílfeá nár dhochar an rogha a thabhairt do scríbhneoirí amhrán ceol tíre a scríobh seachas amhrán ceoil tíre. Mo thrua an múinteoir a chaithfidh a mhíniú cad chuige a bhfuil roinnt arán cruithneachta inghlactha nuair atá toirmeasc ar blas arán cruithneachta

Ba mhíréasúnta a bheith ag súil le CO 2016 gach uile fhadhb a bhaineann leis an Ghaeilge scríofa a réiteach. D’fhéadfaí an bhearna idir an teanga bheo agus rialacha na teanga scríofa a chúngú rud beag eile, dar liomsa. Mar sin féin, tá an t-ábhar ainrialaí seo sásta géilleadh d’fhormhór mór na rialacha in CO 2016. Agus is mór an faoiseamh dom é.

3 athrú atá le moladh go mór

  1. Tugtar aitheantas don struchtúr nócha a naoi bád costasach seachas naoi mbád chostasacha is nócha.
  2. Tugtar rogha do dhaoine an t-alt a chur roimh ghiorrúcháin, mar shampla san AE (san Aontas Eorpach) seachas in AE.
  3. Níl iomrá ar bith níos mó ar na coincheapa diamhaire sin ‘an ginideach comhbhainte agus an ginideach aidiachtach’.

3 riail a mbeifear in amhras fúthu

  1. An tuiseal ginideach a úsáid i ndiaidh ‘na céadta’ agus ‘na mílte’ (na céadta daoine, na mílte dathanna).
  2. Séimhiú a chur ar ‘beirt’ i bhfrásaí mar seo: moltaí bheirt mhisniúla; tuairimí bheirt cháiliúla.
  3. Innill buailte an arbhair agus seachtain bailithe na rátaí a scríobh in áit innill bhuailte agus seachtain bhailithe.