Níorbh ainrialaí teanga mise riamh.
Cinnte, ní raibh mé dall ar an randamacht a bhaineann le caighdeáin scríofa i dteanga ar bith; níl ‘feicimid’ a dhath níos cirte ná ‘feiceann muid’ agus níl ceachtar acu pioc níos cruinne ná ‘chí muid’. Bíodh sin mar atá, níor ghoill sé orm ‘feicimid’ a scríobh i dtéacsanna a bhfuil a bheagán ná a mhórán den oifigiúlacht ag baint leo. Tar éis an tsaoil, is é gnó an chaighdeáin scríofa leagan éigin a chur i dtreis.
Le blianta anuas, áfach, braithim go bhfuiltear ag déanamh ainrialaí teanga díom de mo sheacht n-ainneoin. Seo chugainn anois an tríú caighdeán gramadaí a foilsíodh faoi shéala Stát na hÉireann ó bhí 2011 ann. Tá ualach rialacha á charnadh againn a mharódh teangacha níos láidre ná an Ghaeilge. Agus ní luaithe a mholtar riail ná a dhéantar í a dhímholadh.
Foilsíodh Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe in 2012 a bhfuarthas lochtanna móra air. Lorgaíodh aighneachtaí agus bunaíodh coiste comhairleach le tabhairt faoina athbhreithniú. Tá toradh na hoibre sin le fáil san fhoilseachán seo, a dtabharfaidh mé ‘CO 2016’ air, de ghrá na héascaíochta.
An dea-scéal i dtosach: is fearr míle uair an foilseachán seo ná CO 2012. Athchuairt ar choinbhinsiúin na Gaeilge caighdeánaí atá ann. Tá an smörgåsbord foirmeacha scartha agus táite a cuireadh romhainn in 2012 bainte den chlár bia anois. Abair slán le ‘mholas, mholais, mholabhair’ agus ‘mholadar’. Tá gortghlanadh déanta ar an mhír dhiúltach ‘cha’, ar an bhriathar ‘chím’ agus ar leaganacha mar ‘níor chuaigh’ agus ‘gur chuaigh’.
Ní lú ná sin na ciorruithe atá déanta sa tuiseal tabharthach uatha. San áit a raibh macasamhail den dtalamh agus um an ndlí ceadaithe i saothar 2012, cuirtear ‘córas lárnach’ (ar an mbealach) agus ‘córas séimhithe’ (ar an bhealach) inár láthair. Is ionann na córais sin, cuid mhór, agus rialacha seanbhunaithe an CO.
Coinnítear cuid de na leasuithe ba chiallmhaire: ceadaítear urú in áit an tséimhithe i ndiaidh den, don agus sa (don fhear nó don bhfear) ar aon dul le faoin, ag an srl. Féadann na hUltaigh roimh an tsamhradh a scríobh feasta, amhail is gur séimhiú atá sa réamhlitir t. Glacfaidh sé tamall ar an Ultach seo dul i dtaithí ar leithéidí don údarás chéanna agus sa teas mhór a scríobh (an aidiacht a shéimhiú fiú má tá an t-ainmfhocal lom), ach seans gur sórt Siondróm Stócólm canúna is cúis leis sin.
Tríd is tríd, is slachtmhaire go mór na táblaí, na samplaí agus na nótaí míniúcháin. Tá corr-rud ann a d’fhéadfadh a bheith níos soiléire: má tá an fhoirm choibhneasta den bhriathar (an té a mholas, an bhean a dhéanfas) le ceadú, ba cheart níos mó suntais a thabhairt dó ná nóta beag sa chaibidil dheireanach (nó an amhlaidh atá sí ‘leathcheadaithe’?).
Is ait liom fosta samplaí mar beach cealgtha an pháiste (the bee that stung the child) a bheith sa téacs i ndiaidh do Mhicheál Ó Cearúil a léiriú go foighneach fóiréinseach gurb é nós na Gaeilge beach chealgtha a scríobh.
Ní léir cad chuige a bhfágfaí an séimhiú ar lár, mura bhfuiltear ag iarraidh ‘débhríocht’ a sheachaint (the child’s stung bee?). Dar ndóigh, níl débhríocht ar bith ann; tá an chiall breá soiléir i gcomhthéacs an natha.
Beidh cur agus cúiteamh faoi na rialacha maidir le hinfhilleadh ar shraitheanna focal. Fadó riamh a rinne muintir na Gaeltachta cinneadh faoi phéirí focal mar ‘fíon dearg’ nó ‘caidreamh poiblí’ a chur sa ghinideach: buidéal fíon dearg a deirtear, agus oifigeach caidreamh poiblí. Géilleann CO 2016 don nós sin i gcomhthéacsanna áirithe, mar shampla i ndiaidh ainm briathartha (ag casadh ceol tíre), i ndiaidh réamhfhocal comhshuite (i gcomhair cupán tae) agus fiú amháin i ndiaidh focail a chuireann cainníocht éiginnte in iúl (roinnt arán cruithneachta).
Thit mo chroí, mar sin, nuair a léigh mé samplaí mar ár gcuid oibre baile agus a ndóthain bia the. Bímis ionraic: ní déarfadh duine ar bith beo ár gcuid oibre baile. Nuair is í foirm an ainmnigh atá á moladh ina oiread sin comhthéacsanna eile, shílfeá nár dhochar an rogha a thabhairt do scríbhneoirí amhrán ceol tíre a scríobh seachas amhrán ceoil tíre. Mo thrua an múinteoir a chaithfidh a mhíniú cad chuige a bhfuil roinnt arán cruithneachta inghlactha nuair atá toirmeasc ar blas arán cruithneachta.
Ba mhíréasúnta a bheith ag súil le CO 2016 gach uile fhadhb a bhaineann leis an Ghaeilge scríofa a réiteach. D’fhéadfaí an bhearna idir an teanga bheo agus rialacha na teanga scríofa a chúngú rud beag eile, dar liomsa. Mar sin féin, tá an t-ábhar ainrialaí seo sásta géilleadh d’fhormhór mór na rialacha in CO 2016. Agus is mór an faoiseamh dom é.
3 athrú atá le moladh go mór
- Tugtar aitheantas don struchtúr nócha a naoi bád costasach seachas naoi mbád chostasacha is nócha.
- Tugtar rogha do dhaoine an t-alt a chur roimh ghiorrúcháin, mar shampla san AE (san Aontas Eorpach) seachas in AE.
- Níl iomrá ar bith níos mó ar na coincheapa diamhaire sin ‘an ginideach comhbhainte agus an ginideach aidiachtach’.
3 riail a mbeifear in amhras fúthu
- An tuiseal ginideach a úsáid i ndiaidh ‘na céadta’ agus ‘na mílte’ (na céadta daoine, na mílte dathanna).
- Séimhiú a chur ar ‘beirt’ i bhfrásaí mar seo: moltaí bheirt mhisniúla; tuairimí bheirt cháiliúla.
- Innill buailte an arbhair agus seachtain bailithe na rátaí a scríobh in áit innill bhuailte agus seachtain bhailithe.
An Chearnóg
Féaplé, a Antain, breithmheas stuama, tomhaiste mar is dual duit i gcónaí. Tá do chuid scríbhinní ar Tuairisc le moladh go hard na spéire (nó ‘go dtí ard an spéir’ – CO 2010 – GOA!).
Fear Galltachta
‘Is fearr míle uair an foilseachán seo ná CO 2012′, a deireann an tUasal Mac Lochlainn? B’fhéidir é más Ultach thú agus áthas ort a fheiscint go bhfuil meas léirithe ag coiste an Chaighdeáin ar do chanúintse. Ba chóir go mbeadh trua aige don Muimhneach bocht atá ionam áfach.
Dá mba rud é go raibh fonn ar choiste an Chaighdeáin srian a chur leis an iomarca ‘roghnachais’ a bhí ann tráth, cén fáth go bhfuil an rogha a bhí ag muintir na foirmeacha scartha, iad siúd a sheachnaíonn an fhoirm tháite i ngach aimsir, tagtha slán ón gCaighdeán Athbhreithnithe?
Is léir ón gCaighdeán nua go bhfuil níos mó tábhachta ag baint le ‘roghanna’ éigint ná le ‘roghanna’ eile: Tá dhá chóras ann maidir leis na réamhfhocail, mar shampla, ‘Córas Lárnach’ ‘s ‘Córas an tSéimhithe’. Chomh maith leis sin, is léir go bhfuil dhá chóras ann ó thaobh foirm an bhriathair a úsáidtear i bhfochlásail choibhneasta de, toisc go bhféadtar ‘an fhoirm [choibhneasta] a úsáid sa chlásal coibhneasta.’
Taibhsítear domhsa nach gá rogha córais a bheith ann muna bhfuil sa gCaighdeán ach treoracha dóibh siúd a bhfuil cáipéisí oifigiúla le scríobh acu. Más Caighdeán Oifigiúil é, pioc do rogha agus cloí leis: ‘Córas Lárnach’ nó ‘Córas an tSéimhithe’; ‘Córas na foirme coibhneasta’ nó ‘An Córas gan an fhoirm choibhneasta.’ Níl mar sin a tharlaíonn sé, áfach.
B’fhéidir nach bhfuil an oiread céanna roghnachais le feiscint sa gCaighdeán nua ach tá roghnachas ann fós. Agus tá a fhios ag an ndomhan mór ‘s ag a mháthair cad is cúis leis na roghanna atá ceadaithe de réir an Chaighdeáin nua: Baintear úsáid go nádúrtha as ‘Córas an tSéimhithe’ i nGaolainn Uladh; Baintear úsáid go nádúrtha as ‘Córas na Foirme Coibhneasta’ i nGaolainn Uladh ‘s i nGaolainn Chonnacht.
Bhuel, is í an fhírinne ghlan ná go mbaintear úsáid go nádúrtha as na foirmeacha táite i nGaolainn na Mumhan: Ní deirimse go ‘raibh mé’, deirimse go ‘rabhais’; ní deireann mo mháthair gur ‘chonaic tú’, deireann sise gur ‘chonaicís’; ní deireann m’athair go ‘bhfuil siad’, deireann seisean go ‘bhfuilid’. (Agus ní deireann duine ar bith dínn gur ‘dhein sibh’, deirimidne go léir gur ‘dheineabhair’.)
Tá dhá chóras i réimse na réamhfhocal agus dhá chóras i réimse na mbriathra sa bhfochlásal coibhneasta. An mbeadh sé dodhéanta dhá chóras a chur ar bun i réimse na briathra: ‘Córas na Foirme Scartha ‘is ‘Córas na Foirme Táite’? An mbeadh sé dothuigthe rogha a thabhairt dúinne a bhaineann úsáid as an bhfoirm tháite go nádúrtha ‘s go rialta úsáid a bhaint aisti agus sinne i mbun pinn go hoifigiúil? An mbeadh rogha den tsaghas so níos dodhéanta nó níos dothuigthe ná an rogha go dtugann an Caighdeán nua don Ultach foirm scartha le ‘muid’ a scríobh seachas foirm tháite sa gcéad pearsa den uimhir iolra?
Ag deireadh an tsaoil, is í an cheist atá agam ná an cheist seo: Cén fáth go dtugann coiste an Chaighdeáin cead don Ultach ‘s don gConnachtach cloí le saintréithe a gcanúna fhéinig (e.g. an fhoirm scartha, Córas an tSéimhithe) agus iad ag scríobh cáipéisí oifigiúla de réir an Chaighdeáin Oifigiúil (nua)? Cén fáth gur chóir nach mbeadh an cead san ach acusan amháin?
Mar atá ráite agam cheana féin: Dá mba rud é nach mbeadh sa gCaighdeán Oifigiúil ach treoracha oifigiúla le haghaidh státseirbhísigh ‘s aistritheoirí gairmiúla, ní bheinn ag cáineadh easpa ‘roghnachais’ – nó easpa cothroim ó thaobh na canúna de fiú – ach a mhalairt glan. Do bheinn ag súil leis nach mbeadh rogha ar bith ann; do bheinn ag súil leis go mbeadh canúint nó dhó – nó trí, fiú – fágtha in áit na leathphingine: B’fhéidir nach mbeadh an tUltach sásta leis an gCaighdeán toisc nach mbeadh cead aigesean séimhiú a chur i ndiaidh a chuid réamhfhocal; b’fhéidir nach mbeadh an Connachtach sásta leis toisc nach mbeadh cead aigesean úsáid a bhaint as an bhfoirm choibhneasta; b’fhéidir nach mbeadh an Muimhneach sásta leis toisc nach mbeadh ach na foirmeacha scartha ceadaithe; nó b’fhéidir go gcuirfeadh an Caighdeán isteach orthu go léir toisc nach mbeadh saintréithe canúna ar bith ceadaithe. Níl sé sin tar éis tárlúint áfach, agus ní chuireann sé aon ionadh orm go bhfuil an tUasal Mac Lochlainn sásta leis an gCaighdeán nua.
Sin é an méid a rith liom agus an Caighdeán nua á léamh agam, ar aon nós. Níl ach dóchas amháin agam anois, sin é go mbeadh go leor muiníne agesna Muimhnigh astu ‘s as a gcanúint chun dul i ngleic leis an Caighdeán nua. Cuirimís in iúl dóibh siúd a chur an Caighdeán nua le chéile nach Gaolainn den dara grád í Gaolainn na Mumhan. B’fhéidir é go mbeadh go leor measa ag coiste an Chaighdeáin ar na Muimhnigh chun cluas a thabhairt dúinn ‘s leasú a dhéanamh ar an gCaighdeán éagórach míchothrom a chumadar.
Antain Mac Lochlainn
“ní chuireann sé aon ionadh orm go bhfuil an tUasal Mac Lochlainn sásta leis an gCaighdeán nua”
Leoga, chan fhuil mé lánsásta leis, a dhuine, ach thig liom a bheith beo leis.
Fear Galltachta
Is fuirist bheith beo le Caighdeán a thugann cead duitse cloí le saintréithe do chanúnasa, nach ea?
Is ionadh liom nár dheinis aon iarracht freagra a thabhairt orm fén gceist a bhí agam, dála an scéil. B’in í an cheist fé cad is cúis leis an ‘roghnachas’ a cheadaítear go hoifigiúil (e.g. ‘Córas an tSéimhithe’, úsáid an deiridh choibhneasta, úsáid na foirme scartha den mbriathar sa gcéad phearsa iolra ‘i ngach uile mhodh agus aimsir’) agus an roghnachas ná gceadaítear go hoifigiúil (e.g. úsáid na foirme táite den mbriathar i mbeagnach gach uile mhodh, aimsir agus pearsa).
B’fhéidir go mbeadh trácht ar an gceist sin sa gcéad leabhar eile dod chuid, nó b’fhéidir go mbeadh sé níos tábhachtaí chur in iúl aríst dúinn go bhfuil ‘cluin’ agus ‘fosta’ ceadaithe de réir an Chaighdeáin’…
Déiseach
Nach mear a bhíonn daoine áirithe ag cáineadh siúd a dhéanann éachtaí ar nós seo. Ní féidir daoine áirithe a shásaimh. A “Fhear Ghalltachta” – ní úsáidtear an fhoirm tháite sna Déise ar ao’ chor agus sílim gur gnáth do mhuintir Chorca Dhuibhne agus roinnt de mhuintir Mhúscraí dearmad a dhéanamh orainn anseo. Bhí roinnt de mhuintir na Mumhan ar an bpainéal agus níos fearr fós, bhí daoine ar an bpainéal le saineolas i ngach canúint ar a dtoil acu. Tá a seacht ndícheall déanta acu leagan cothrom a chur ar fáil gan fábharachas a léiriú d’aon chanúint ar leith. Molaim iad.
“Bíonn na hiománaithe is fearr ar an gclaí”
Tomás
An Déiseach bocht, mar a shamhlaítear dó/di an saol anso ó dheas bheith ag déanamh neamhairde de na Déise.
Caighdeán Oifigiúil Púúú
Fear Galltachta
Is iad ‘na hiománaithe is fearr’ iad siúd a bhíonn i láthair ag an gcluiche, cé go mbíonn a gcinneadh déanta acu gan páirt a ghlacadh ann. Ní bhfuair an chuid is mó dínn a bhaineann úsáid as an bhfoirm tháite cuireadh chun cluiche an Chaighdeáin. An bhfuil orainn fanacht inár dtost agus glacadh leis an dtoradh anois?
Feardorcha
Éacht? Éacht, mhuis – cad atá ann ach mórán an seanarud céanna le dúdláil dathanna ar an gclúdach.
Is léir go bhfuil an ghaoth aduaidh ar na saolta seo agus tá sí cruaidh agus fuar.
Ná dúrt libh ná raibh ceart againn oideachas a chur orthu…
Seosamh O Ciardha
Tfd grma-ni folair dom dul ar scoil anois
Lughaidh Ó hEacháin
“Tugtar aitheantas don struchtúr “nócha a naoi bád costasach”…”
Níl ann ach Béarlachas gránna. Mór an náire go nglacann an CO lena leithéid… Cha ndéarfadh duine ar bith é sin muna mbeadh Béarla aige ó dhúchas.
Mícheál
Maith go leor – ach an gcuirfidh CO16 deireadh le “tádar”?
Seán Ó Riain
Níl sé de cheart ag Caighdeán ná ag duine ar bith deireadh a chur le “ceartfhoirmeacha eile”, rud a d’aithin an chéad Chaighdeán i 1958.
Leanaimisne Muimhnigh orainn ag scríobh “táid, bhíos, ná fuil srl”! Foirmeacha traidisiúnta na teanga is ea iad, a bhíodh in úsáid ar fud na tíre, rud a léirigh leabhar Neilson faoi Ghaeilge an Dúin a foilsíodh ar dtús in 1806. Is saibhre an Ghaeilge ná aon chaighdeán.