Sárleabhar a thugann ómós cuí d’fhir bhochta ar chiontaigh an Choróin go héagórach iad

LÉIRMHEAS LEABHAIR: Stíl ghonta, sholéite an iriseora a chleachtar ó thús deireadh in ‘Éagóir’ le Seán Ó Cuirreáin cuntas uafar beoga ar chás Dhúnmharuithe Mhám Trasna

Eagoir

Is cuimhin liom seasamh sa bhfuacht i gcarrchlós na hArdeaglaise i gcathair na Gaillimhe mí na Nollag 2012 nuair a deineadh comóradh ar Mhaolra Seoighe agus ar na fir eile a ciontaíodh go héagórach i ndúnmharuithe Mhám Trasna i 1882. Bhí tuairiscí léite agam faoin gcás brúidiúil, truamhéalach sin cheana agus bhínn á bplé le mic léinn ar chúrsa faoi chearta teanga ar an BA sa Ghaeilge. Tá bunfhíricí an cháis ar eolas cheana: ar 18 Lúnasa 1882, i ngleann iargúlta faoi shleasa na gcnoc i Mám Trasna, dúnmharaíodh Seán Seoighe agus a bhean Brighid, a iníon Peigí agus a mháthair Mairéad go brúidiúil faoi choim na hoíche. Cailleadh duine de mhic Sheáin Seoighe, Micheál, an lá dár gcionn. Bhain an t-uafás creathadh millteach as pobal an cheantair agus tuairiscíodh i bhfad is i gcéin é. Tar éis a gciontaithe i gcúirt i mBaile Átha Cliath an fómhar sin, ar 15 Nollaig 1882 crochadh triúr fear as Dúiche Sheoigheach – Pádraig Seoighe, Pádraig Shéamuis Ó Cathasaigh agus Maolra Seoighe ar chol ceathrar le Seán Seoighe é – lasmuigh de phríosún na Gaillimhe agus cuireadh a dtaisí ansin, san áit a bhfuil an Ardeaglais anois. Coimisinéir Teanga na linne, Seán Ó Cuirreáin a d’eagraigh an ócáid chomórtha 130 bliain go díreach tar éis an chrochta. Ar dhuine de na daoine eile a bhí sa charrchlós an lá feannta geimhridh sin bhí an Tiarna Alton as Learpholl, ar chainteoir Gaeilge as Tuar Mhic Éadaigh í a mháthair agus a bhfuil go leor déanta aige chun tabhairt ar rialtas na Breataine a admháil gur go héagórach a crochadh Maolra Seoighe.

Seo chugainn anois leabhar faoin dhúnmharuithe Mhám Trasna ó pheann an fhir a d’eagraigh an ócáid chomórtha sin, Seán Ó Cuirreáin. Foilsíodh leabhair agus aistí eile i mBéarla faoin uafás cheana ach seo an chéad chuntas cuimsitheach i nGaeilge ar eachtra a scoilt pobal labhartha Gaeilge go domhain ag deireadh an 19ú hAois agus arbh í an Ghaeilge an t-aon teanga a bhí ag formhór na bhfear áitiúil ar cuireadh na dúnmharuithe ina leith. Is ceart agus is tráthúil go dtabharfaí aitheantas dá scéal ina dteanga féin sa saothar tábhachtach seo.

Seán Ó Cuirreáin, údar "Éagóir"
Seán Ó Cuirreáin, údar “Éagóir”

Trí chuid atá sa leabhar: cur síos ar na dúnmharuithe féin, cuntas ar an gcás cúirte a lean iad agus tuairisc ar na cora drámatúla polaitiúla a thit amach ina dhiaidh sin agus a thuill míchlú níos mó fós don chás ar fud na hÉireann agus sa Bhreatain féin. Cuntas uafar, scanrúil a thugtar ar an marú i ndoircheacht na hoíche agus tugtar isteach faoi screamh na hingne sinn nuair a mhínítear an naimhdeas pearsanta a bhí idir cuid de phobal na háite agus Seán Seoighe féin. Déantar cur síos ar na cuntais a thug an tríur príomhfhinnéithe – ar chol ceathracha iad leis an bhfear a maraíodh – do na húdaráis, fianaise bhréige ba chúis le ciontú ochtar fear áitiúil i dtriail a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath. Tugtar cuntas ar an mbealach inar mheall dlíodóirí na Corónach beirt de na fir a cúisíodh le bheith ina mbrathadóirí díreach roimh thús na trialach. Déantar cur síos máistriúil ar an triail féin: buíon fear bocht as iarthar na hÉireann nár thuig an Béarla ach a raibh dlíodóirí gan Ghaeilge acu, armlón iomlán na Corónach ina gcoinne, giúiré arbh fhir ghustalacha Phrotastúnacha as Baile Átha Cliath a bhformhór agus iad ullamh len iad a chiontú. Cé go raibh poill mhóra i bhfianaise na bhfinnéithe, gearradh pionós an bháis ar Mhaolra Seoighe, Pádraig Seoighe agus Pádraig Shéamuis Ó Cathasaigh agus cuireadh príosún saoil ar chúigear eile. Déantar cur síos beoga, corraitheach ar laethanta deireanacha an triúir i bpríosún na Gaillimhe agus bhainfeadh an cuntas ar an gcrochadh féin deoir as cloch.

Téann cúrsaí teanga go cnámh na huillinne sa scéal seo: Gaeilge amháin a bhí ag go leor de na fir a ciontaíodh agus Béarla amháin a bhí ag na húdaráis. Ba i mBéarla amháin a éisteadh an cás cúirte, teanga nár thuig formhór na bhfear a bhí ar a dtriail. Póilíní de chuid an RIC a d’úsáidtí go minic chun ateangaireacht a dhéanamh, daoine a mbíodh an-amhras orthu i measc an phobail. Níor thuig an crochadóir féin, William Marwood, focal den achainí chráite dheireanach a dhein Maolra Seoighe nuair a bhí sé an tí an bháis lasmuigh de phríosún na Gaillimhe. I gcuid a trí den leabhar, léirítear impleachtaí polaitiúla an cháis i bhfianaise na corraíola a bhí ar siúl i bpolaitíocht na hÉireann ag an am. Tugtar tuairisc chuimsitheach ar na hiarrachtaí a dhein Feisirí Éireannacha i Westminster – go háirithe Tim Harrington a bhí ina fheisire do Cho. na hIarmhí – aird a tharraingt sa pharlaimint ar an éagóir a deineadh. Ghlac an Príomh-Aire Gladstone féin páirt sna díospóireachtaí sin agus go deimhin bhí tionchar ag cás Mhám Trasna ar thitim an rialtais in 1885. Níor admhaíodh iomrall ceartais riamh, áfach. 

Chaith Seán Ó Cuirreáin blianta fada i mbun iriseoireachta sular ceapadh ina Choimisinéir Teanga é agus tá a rian sin ar an leabhar seo. Stíl ghonta, sholéite an iriseora a chleachtar ó thús deireadh agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach dá bharr sin. Scríobhtar sa réamhrá gur deineadh ‘cinneadh coinsiasach’ gan tagairtí acadúla a úsáid ar mhaithe le leanúnachas an scéil agus cé gur chuir an easpa foinsí isteach ormsa ar dtús, níorbh fhada go rabhadar ligthe i ndearmad agam de bharr a sholéite agus a bhí an scéal féin. Luaitear na príomhfhoinsí sa réamhrá mar áis do thaighdeoirí ar mhian leo tuilleadh póirseála a dhéanamh agus ar cheann de mhórbhuanna an leabhair, tá na bunfhoinsí cartlainne faoin gcás a athfhoilsítear ann. Ina measc tá an teileagram ón RIC chuig na húdaráis i mBaile Átha Cliath a chuir in iúl gur tharla an t-uafás, litir thruamhéalach a scríobhadh thar ceann bhean chéile Mhaolra Seoighe ag impí ar na húdaráis a bheith trócaireach agus faoistiní ón mbeirt eile a bhí le crochadh inar mhóidíodar go raibh Maolra Seoighe neamhchiontach ar fad.

I ndeireadh na dála, leabhar don ghnáthphobal é seo seachas staidéar acadúil agus éiríonn leis an sprioc sin a bhualadh go críochnúil. Tá sé deartha agus leagtha amach go tarraingteach agus is mór an chabhair í an léarscáil de Mhám Trasna a fhoilsítear laistigh den chlúdach don léitheoir a bheadh ag iarraidh an ceangal idir na daoine éagsúla a thuiscint. Thar aon rud eile, tugann an leabhar seo ómós cuí d’fhir bhochta as iarthar na hÉireann ar chiontaigh an Choróin go héagórach iad agus léiríonn sé bá agus tuiscint lena gcultúr agus lena dteanga. Is sárleabhar ar fad é a mbaineann tábhacht mhór leis ní hamháin ó thaobh na staire ach ó thaobh cearta teanga chomh maith.

Léachtóir Sinsearach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr John Walsh.

Fág freagra ar 'Sárleabhar a thugann ómós cuí d’fhir bhochta ar chiontaigh an Choróin go héagórach iad'