Saothar stuama faoin agallamh teilifíse ba mhístuama riamh

Cuntas críochnúil atá i ‘Scoop’ ar conas mar a chuir Newsnight an tsúil ribe ar Phrionsa Andrew Shasana

Saothar stuama faoin agallamh teilifíse ba mhístuama riamh

Scoop
Stiúrthóir: Philip Martin
Cliar: Billie Piper, Gillian Anderson, Rufus Sewell, Keeley Hawes

Faoi 2019 bhí uair na cinniúna sroichte ag Newsnight, clár cúrsaí reatha measúil an BBC. Ní raibh an oiread tóra a thuilleadh ag an lucht féachana ar anailís phointeáilte agus agallaimh théagartha. Is timpeall an ama sin a fostaíodh Sam McAlister (Billie Piper) mar chuid de mheitheal an chláir. An cúram tábhachtach, achrannach a bhí aici ná aíonna a aimsiú don chlár, go háirithe iad siúd nach mbeadh ar aon chlár eile. Theastaigh uaithi meon níos tablóidí a tabhairt go dtí an gclár. Ní nach ionadh chothaigh seo teannas is achrann i measc na meithle.

Tugann sin ann féin léargas ar mheon an scannáin Scoop (Netflix); sé sin, cé go bhfuil an t-agallamh le Prionsa Andrew Shasana lárnach sa scannán is é príomhaidhm an tsaothair léargas a thabhairt ar conas mar a fuarthas an t-agallamh agus an t-ullmhúchán ar fad a bhí i gceist.

Tosnaíonn agus críochnaíonn an scéal le Jeffrey Epstein. Faoi 2010 bhí Jeffrey Epstein ciontaithe as coireanna a bhain le striapachas is striapachas leanaí agus bhí a thréimhse príosúnachta curtha isteach aige. É saor arís agus a shaol ag leanúint ar aghaidh mar ba ghnáth. Go deimhin tógadh pictiúr de féin agus Andrew in Central Park in 2010. Bhí an bheirt acu ag tabhairt na gcosa leo. Thosaigh an bhróg ag teannadh, áfach. Tháinig an pictiúr d’Andrew agus Virginia Giuffre chun solais in 2016 agus faoi 2019 ní fhéadfadh Andrew éalú ón scannal.

Thosaigh Sam ag tochailt agus ag déanamh teagmhála le giolla an Phrionsa, Amanda Thirsk (Hawes). Léirítear Andrew (Sewell) mar dhuine geanúil ach é leanbaí agus ábhairín seachráin air. É gafa lena cháil féin agus ní thuigeann sé canathaobh go bhfuil alltacht ar an bpobal faoina ghníomhartha. Tagann cúrsaí go cnámh na huillinne nuair a chúisítear Epstein arís in 2019.

Léirítear an tslí go dtuigeann an mheitheal gur gaisce é go bhfuil an t-agallamh faighte acu, tuigeann siad chomh maith go bhfuil botún á dhéanamh ag comhairleoirí an Phrionsa. Iad ag ullmhú go cáiréiseach, pointeáilte. Tá Piper iontach mar Sam, í ceanndána agus diongbháilte. Léiríonn Anderson Maitlis mar iriseoir stuama atá ábhairín deoranta. Déanann Sewell a chúram go slachtmhar.

Ansan tá an t-agallamh againn agus léirítear conas mar a chuir Maitlis an tsúil ribe ar Andrew go tomhaiste. É róchinnte de féin agus é ag bladráil faoi chuairteanna ar Pizza Express and an tslí nach gcuireann sé aon allas agus é ag maíomh nach bhfuil aon aithreachas air faoina chairdeas le Epstein. Bhí sé bodhar is dall ar mheon an phobail agus fulaingt na n-íobartach. Tar éis an agallaimh bhí sé féin agus a ghiollaí cinnte go raibh a chúram déanta go maith aige. Ansin a cuireadh an lasair sa bharrach.

Saothar stuama é seo a dhéanann a chúram go cumasach. Ní hé seo deireadh an scéil áfach óir go bhfuil Amazon chugainn go luath le sraith trí chlár faoin gcúram le Ruth Wilson agus Michael Sheen sna príomhróil.

Fág freagra ar 'Saothar stuama faoin agallamh teilifíse ba mhístuama riamh'