Sa lá atá inniu ann, ní dhéantar teagmháil súl i Meiriceá le daoine anaithnide…

Fiú sular tharla na heachtraí i St. Paul, Baton Rouge agus Dallas, bhí teannas idir ghorm agus geal sna Stáit Aontaithe a bhí chomh tiubh sin go bhféadfaí scian a thógáil agus slisín a ghearradh de…

county police

Tráthnóna Céadaoin ag tús mhí na Bealtaine agus é ag dul ó sholas. Tá mé i mo sheasamh ag crosbhóthar tréigthe i gcomharsanacht Washington Park i ndeisceart chathair Chicago. Táim ar mo bhealach chuig teach cara liom a bhfuil cónaí air níos gaire do Loch Michigan agus dúirt Google maps liom busanna a athrú ag an gcrosbhóthar seo.

Is féidir le duine a rogha rud a rá faoi ghléas léarscáileanna Google, ach ní féidir leatrom aicme nó cine a chur ina leith. Is minic cheana a thug mé faoi deara sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, nach mbíonn leisce ar bith ar Google duine a chur caol díreach isteach i gceantar nach gcuirfeadh duine a bhfuil iPhone aige cos ann, má tharlaíonn go bhfuil an ceantar sin ar líne dhíreach idir A agus B.

Is léir dom ar an toirt agus mé tar éis tuirlingt den bhus ag crosbhóthar South State Street agus East Garfield Boulevard go bhfuilim in áit nár cheart do mo leithéid a bheith. Duine geal mé i gcomharsanacht ar daoine gorma iad 97 faoin gcéad den daonra (agus daoine ón Áise tromlach an trí faoin gcéad eile.) 

Níor cheart go mbeadh aon fhadhb ansin, a deirim liom féin. Nach bhfuil cónaí orm, sa Bhrasaíl, i gcathair ar dhaoine gorma iad 89 faoin gcéad den daonra? Tá cleachtadh agam ar an gcineál seo ruda! 

Ach is léir go bhfuil cúrsaí difriúil sna Stáit Aontaithe.

Tá gaoth fhuar ag séideadh agus tá fonn orm dul ar foscadh siopa eischeadúnais atá gar do stad an bhus, ach níl cuma róshoicheallach ar fhuinneog bhriste an tsiopa. Seasaim in aghaidh chomhartha stad an bhus mar sin, ag ligean orm féin go bhfuil mé go hiomlán ar mo chompord agus go mbím san áit seo gach lá.

Gan mhoill, druideann cailín gorm sna fichidí leis an stad bus. Déanaim miongháire léi, mar a dhéanann daoine sa Bhrasaíl nuair a chastar ar a chéile ag stad bus iad, bealach éifeachtach chun a chur in iúl do dhuine anaithnid nach bhfuil contúirt ar bith ann. Táimid ar fad sa bhád – nó sa bhus – céanna, nach bhfuil? Brothers agus sisters sinn ar fad, tá ceangal idir gach rud beo! Ní déarfá stuif den sórt seo i bhfocail go brách, ach is fearr miongháire ná míle focal.

Sheachain an cailín mo shúile agus sheas i bhfoscadh an tsiopa eischeadúnais dhúnta.

Tamall ina dhiaidh sin tháinig paisinéir eile. Fear gorm sna fichidí, mála droma air. Caithim an miongháire céanna chuige, ach breathnaíonn an fear díreach tríom agus seasann deich méadar uaim. Tá deich nóiméad eile ar an mbus. Níl duine ná deoraí ar an tsráid ach an triúr againn. Tost marfach.

Is maith atá a fhios agam go bhfuil difríochtaí móra cultúrtha idir an Bhrasaíl agus Meiriceá agus gur cathair saghas fuar í Chicago thar aon áit eile, ach bhí níos mó i gceist anseo ná neamhshuim. Tá rudaí ann nach féidir a fheiceáil ach gur féidir iad a mhothú. Bhí teannas ag an stad bus sin a bhí chomh tiubh sin go bhféadfá scian a thógáil agus slisín a ghearradh de. Ag an gcrosbhóthar sin i ndeisceart chathair Chicago ba mheasa a mhothaigh mé an teannas sin le linn m’aistir trí Mheiriceá. Ach bhí sé ann pé áit a ndeachaigh mé, pé áit ar tharla duine geal ar dhuine gorm agus nach raibh aithne ag an mbeirt ar a chéile.

Tharla sé seo ar fad dhá mhí ó shin, sular bhain dúnmharuithe Philando Castile in St. Paul, Minnesota agus Alton Sterling in Baton Rouge, Louisiana, agus na dúnmharuithe a tharla in Dallas, Texas ina dhiaidh sin creathadh as na Stáit Aontaithe. Ach bhí dúnmharú Michael Brown in Ferguson, Missouri, dúnmharú Eric Garner i Nua-Eabhrac, dúnmharú Trayvon Martin in Sanford, Florida agus an sléacht ar theampall de chuid an phobail ghoirm in Charleston, South Carolina tar éis tarlú cheana. 

Dearbhaíodh dom nach raibh dul amú orm faoin teannas a mhothaigh mé ag an gcrosbhóthar sin in Chicago nuair a d’inis mé an scéal do chara Meiriceánach de mo chuid, duine geal, liobrálach a bhfuil cónaí air i stát Ohio. ‘Rud mór is ea é seo, ar mhí-ámharaí an tsaoil. Sa lá atá inniu ann, ní dhéantar teagmháil súl sa tír seo le daoine anaithnide. Agus mholfainn duit gan iarracht a dhéanamh teagmháil súl a dhéanamh thar dheighilt chine go háirithe.’

Ach chuir an teannas a mhothaigh mé idir ghorm agus geal sna Stáit Aontaithe as chomh mór sin dom gur thug mé neamhaird ar chomhairle mo chara. Ní hamháin sin, ach thug mé dúshlán dom féin an deighilt chine seo a thrasnú deis ar bith a gheobhainn le linn mo thurais timpeall Mheiriceá. 

Ceird inti féin a bhí ansin. Níor mhaith le duine dul timpeall ar nós geilte ag déanamh straoiseanna leis an saol mór. Lena chois sin, bheadh an baol ann go mbainfí an bhrí mhícheart as meangadh gáire. D’fhéadfadh duine a cheapadh go raibh cuireadh chun collaíochta á thabhairt nó, níos measa fós, go raibh ‘uasal le híseal’ ar bun agam. Ach bhí muinín agam as mo shéú céadfa agus thairis sin is dóigh liom go n-aithneodh duine ar bith aoibh nádúrtha.

An toradh ar an turgnamh go hiomlán neamheolaíoch seo? Seachaint súl, mar a tharla ag an gcrosbhóthar sin in Chicago, den chuid is mó. Ach ar thrí nó ceithre ócáid, fuair mé meangadh mór gáire ar ais agus comhrá gairid nó dhó lena chois. Na heisceachtaí a chruthaigh an riail? Domsa, b’fhianaise iad gur féidir droichead a thógáil thar dheighilt chine, aicme nó chreidimh le rud chomh simplí agus miongháire nádúrtha.

D’fhág an rud ar fad, ar ndóigh, go raibh ceist na deighilte idir ghorm agus geal, ní hamháin i Meiriceá ach in áiteanna eile ar fud an domhain, ar bharr m’aigne an t-am ar fad. Agus rith sé liom nach bhfuil an deighilt seo ann ach ar chúis amháin: níor cúitíodh an duine gorm riamh as éagóir na sclábhaíochta. Tá a fhios sin ag gach duine gorm, agus ina chroí istigh tá a fhios sin ag gach duine geal. 

Sin í an bhunchúis leis an amhras a bhíonn ar an dá dhream faoina chéile. Sin í an bhunchúis a bhí le bás Trayvon Martin, Eric Garner, Michael Brown, Alton Sterling agus Philando Castile. Sin í an bhunchúis a bhí le bás an chúigear póilíní a dúnmharaíodh in Dallas Déardaoin seo caite.

Cén chaoi ar féidir éagóir chomh mór millteach leis an sclábhaíocht a chúiteamh? 

Ní féidir. 

Ach ní chiallaíonn sé sin nach gá iarracht a dhéanamh. 

Tugann sé sin chomh fada muid le hualach ciontachta an duine ghil agus lena phribhléid, ach fágfaidh mé na ceisteanna sin go dtí Dé Céadaoin seo chugainn.

Seo an chéad cholún i sraith dhá alt. Foilseofar an dara colún Dé Céadaoin seo chugainn