Ón gCartlann: Anocht Oíche Shin Seáin, agus an tine mar shiombail na gile agus na cumhachta…

Bhíodh Oíche Shin Seáin áirithe i measc na bhféilte ba thábhachtaí ar fhéilire na nGael. Caitheann ár gcolúnaí súil ar an mbéaloideas a bhaineann léi agus ar obair chaomhnóirí an traidisiúin

Ón gCartlann: Anocht Oíche Shin Seáin, agus an tine mar shiombail na gile agus na cumhachta…

IMG_7733

Dúirt bean ó Inis Meáin liom babhta gurb é an radharc a bhí le feiscint ar aghaidh an oileáin amach Oíche Shin Seáin an íomhá ba dhraíochtúla a chonaic sí le linn a hóige. Fan an chósta, ó iarthar Chonamara soir isteach go dtí cathair na Gaillimhe bhíodh fíor na spéire ina dhearglasadh ag tinteacha Shin Seáin.

Is ait mar a d’fhan traidisiún Fhéile Shin Seáin níos treise in áiteanna áirithe seachas a chéile. Tá an cleachtas agus a chuimhne ligthe i ndearúd i mórán áiteanna ach tá paróistí agus limistéir níos a fhairsinge a fhanann dílis go fóill don nós. Cé go samhlaítear an fhéile le saol na tuaithe, sna cathracha agus sna bailte móra is treise a léirítear an traidisiún go minic.

Ar an 23 Meitheamh gach bliain deintear ‘Bonfire Night’ – nó ‘Bonna Night’ mar a tugtar uirthi i gcathair Chorcaí – a cheiliúradh le fonn agus le fiántas. Gach bliain cloisimid tuairiscí sna meáin fé sheirbhísí dóiteáin agus iad ar a seacht ndícheall ag iarraidh na tinteacha a chur fé smacht. N’fheadarsa an bhfuil cúlra agus éirim na seanfhéile mar spreagadh ag na comhthaláin seo, ach fós fhéin ní foláir nó go bhfuil mianach dochloíte éigin sa tine sin a mheallann agus a bhuanaíonn.

Screen Shot 2015-06-22 at 22.15.33
Mícheál ‘Toose’ Mac Gearailt caomhnóir an traidisiúin i gCorca Dhuibhne

Bhí tamall ann agus bhí Oíche Shin Seáin áirithe i measc na bhféilte ba thábhachtaí ar fhéilire na nGael. Is fíor go n-aithnítear an bhaint atá aici le breithlá Naomh Eoin, ach tá macalla i bhfad níos sine ná san léirithe inti. Is é tuairim fhormhór na scoláirí ná gur ghlac an Chríostaíocht seanfhéile Phágánach chuici féin. Iarsma d’fhéile ársa í seo a bhain le lár an tsamhraidh, le hadhradh gréine agus le torthúlacht talún.

Is í an tine croí an cheiliúrtha; siombail na gile agus na cumhachta. Bhí deasghnátha ar leith a lean tine Shin Sheáin a chleachtaí ar mhaithe na n-ainmhithe, na mbarraí agus an duine daonna féin. Shamhlaítí cosaint leis an dtine seo agus leis an ndeatach a d’éirigh aisti.

Ar aon dul le Lá Bealtaine, thiomáintí an stoc tríd an dtine, tríd an ngríosaigh agus tríd an ndeatach. Bhí cosaint sa mhéid sin ar ghalair. Bhíodh sé mar nós ag feirmeoirí áirithe sméaróid a thógaint leo as an dtine agus í a chaitheamh le bó. Dheineadh a thuilleadh fíor na croise a dhó ar chnámh droma na bó leis an sméaróid chéanna.

IMG_7724

Dheintí spreotaí beaga adhmaid a choigilt agus an tine a thabhairt abhaile i mbuicéad stáin le cur in adhartaí na dtithe. Chreidtí go leanfadh ádh an chéad duine a thabharfadh spréach Shin Seáin thar tairseach isteach. In Uíbh Ráthach i gCo. Chiarraí ba nós leis an líon tí an cúram sin a d’fhágaint ag an nduine ba shine sa tigh.

Bhí agus tá sé fós mar chleachtas go dtabharfadh na héinne a spreota adhmaid féin leo i gcomhair na tine agus é a chaitheamh inti. Gníomh siombalach atá sa mhéid seo. Maithiúnachas na bpeacaí atá ann dóibh siúd a ghéilleann do chreideamh eaglaise. Tine á tabhairt don bpeaca agus fuascailt don té a chaitheann uaidh é. I dTír Chonaill bhíodh fonn ar mhná óga léim a chaitheamh trí na lasracha – bheadh pósadh gan mhoill i ndán dóibh agus tarrac ar leanaí dá bharra acu.

IMG_7737

Bhí luach ar luaithreach na tine chomh maith. Thugadh feirmeoirí dorn luaithrigh ón dtine leo chun é a chaitheamh i gceithre chúinne na páirce. I gCléire in iarthar Chorcaí chreid na hoileánaigh go raibh barra maith prátaí ag brath ar thinteacha Oíche Shin Seáin.

Deirtí go dtagadh ceo díobhálach tar éis Lá Fhéile Shin Seáin. Mar chosaint air seo, dheintí luaithreach Shin Seáin a leathadh i ngarraí na bprátaí chun an dubh a bhí á iompar ag an gceo seo a choimeád ó gheata. Dheintí ábhar luaithrigh a leathadh i dtigh na mba chomh maith.

Is é Mícheál ‘Toose’ Mac Gearailt caomhnóir an traidisiúin i gCorca Dhuibhne. Lastar tine go fóill ar an mBaile Riabhach – ainneoin an nós a bheith tréigthe le fada sa chuid eile den leithinis. Bhí sé de phribhléid agam bheith ina chomhluadar anuraidh. Sa Teampall Geal a bhíonn an tine ag muintir an Bhaile Riabhaigh. Bheadh thiar ort láthair níos áille agus níos  suaithinsí a aimsiú. Fothrach sáipéilín luathchríostaí neadaithe ar thaobh an chnoic. Radharc ar Sceilg Mhichíl ó dheas, barra Chnoc Bréanainn lastuaidh agus béal chuan an Daingin ar d’aghaidh amach.

Bhí ‘Toose’ ag prapáil chuige ó mhaidin. Peailití adhmaid, seanachearrachailí, toir aitinn. Aon rud a chuirfeadh leis an mbladhm, bhí sé tairrgthe leis aníos ‘dtín dTeampall Geal aige. Siúd leis ansan lena ‘quad bike’. Buidéil bheorach agus fuiscí, milseáin agus cannaí cóc dos na leanaí; bord, seanchanna bainne líonta le huisce. Cosán dearg déanta ag an nGearaltach ar leaca an chnoic. Ní bhíonn spal ar aoinne Oíche Shin Seáin ar an mBaile Riabhach.

Óna seacht a chlog amach bíonn an slua ag bailiú. Tugtar turas ar thobar i mbun an chnoic ar dtúis. Bhíodh an Monsignor Ó Fiannachta, trócaire aige,  i láthair chun paidreacha a rá – stíl dhrámatúil phágánach san aithris aige. É ina dhraoi i bhfeighil an deasghnátha. Óltar an t-uisce beannaithe agus scaoiltear fé i gcoinne an aird suas ‘dtín dTeampall Geal.

Tá draíocht ann. Óg agus aosta. Cuireadh oscailte é seo. An té a tógadh sa pharóiste agus an stróinséir. Spéir chraoraic agus luí gréine, corrmhíola, crónán íseal an chomhrá, cnagarnach an adhmaid sa tine agus deatach chumhra an aitinn mar chlóca ar an gcomhluadar.

A chúis féin ag gach duine: creideamh láidir, b’fhéidir; dílseacht don dtraidsiún; iarsma Páganach sa smúsach; fiosracht. Is cuma cad a thug ann iad – tá spioradáltacht san aer. Loinnir na sástachta ar ghnúis ‘Toose’ agus scáth na lasracha ag rince ina shúile. Tá an tsnaidhm idir an saol so agus ár sinsir a chuaigh romhainn fáiscthe athuair. Sprid agus anam Gaelach le brath ar shleasa an Bhaile Riabhaigh.

Fág freagra ar 'Ón gCartlann: Anocht Oíche Shin Seáin, agus an tine mar shiombail na gile agus na cumhachta…'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tá suim agam sa bhfocal sin “spal”. Innis tuilleadh dhúinn, a Sheáin.

  • Hiy

    Aiste alainn liofa scriobhneoireachta ag an Sitheach anseo. Togaint chroi e a leamh. Ach is le Crom Dubh an fheile seo le ceart (an gcloistear ‘in ainm Chroim’ in aon ait a thuilleadh?). Na dean imeallu air a Shithigh no togfaidh se ort e.