Níl éinne á hiarraidh, más fíor, ach an í an riail dhíreach faoi choim an t-aon rogha amháin?

Is í an cheist, aimsir seo an Bhreatimeachta, cé aige a mbeidh aird ar ghnóthaí Thuaisceart Éireann? Rogha an dá dhíogha…

Níl éinne á hiarraidh, más fíor, ach an í an riail dhíreach faoi choim an t-aon rogha amháin?

Státrúnaí Tuaisceart Éireann, James Brokenshire

Dé Luain chuir Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, bille i dtaca le gnóthaí Stormont faoi bhráid na Parlaiminte i Westminster. Rithfear an reacht faoi dheireadh na seachtaine. Chinn sé gur ghá dó gníomhú cé gur chuir Comhaontú Chill Rímhinn bac ar reachtaíocht Pharlaiminte a bhaineann le cúrsaí díláraithe.

Bhí gá le reachtaíocht chun síneadh ama a cheadú i dtaca le Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a cheapadh toisc nach ndearnadh sin sna seachtainí i ndiaidh an toghcháin sa Mhárta. An 29 Meitheamh an spriocdháta nua.

Ní raibh an dara rogha ag an Státrúnaí ach déileáil leis an gcúram ar bhonn reachtúil ó rinneadh an cinneadh breis ama a thabhairt do na páirtithe chun na hinstitiúidí a athbhunú. É sin nó chaithfeadh sé toghchán Tionóil eile a ghairm.

Ní hionann an cás leis an dara cuid de bhille an Státrúnaí. Baineann sé sin le cúrsaí airgid abhus, gnó díláraithe. Theip ar an bhFeidhmeannas socrú a dhéanamh faoi na rátaí sular thit Stormont, faillí a d’fhág an rialtas áitiúil gan aon teacht isteach ó na rátaí ar thithe agus gnólachtaí. Sa bhille a mhol James Brokenshire d’ardófaí na rátaí de bheagán, i gcomhréir leis an ardú ar an mboilsciú.

Dá bhrí sin, eiseofar billí an mhí seo chugainn, rud a fhágfaidh nach mbeidh ach mí de mhoill ar íocaíochtaí.

Cé gur aistarraingt é sin ar chumhacht dhíláraithe, ní raibh sé conspóideach mar gur chéim eatramhach aonair é. Ní hamhlaidh an scéal leis an mbuiséad atá geallta, nó bagartha aige, má theipeann ar na páirtithe a theacht ar réiteach roimh an 29 Meitheamh.

Fad is a bhí ceannairí na bpríomhpháirtithe abhus ag bualadh le chéile Dé Luain, agus a bhformhór den bharúil nach raibh sna cainteanna ach cur i gcéill i bhfianaise an olltoghcháin, d’eisigh Brokenshire i Westminster plean do bhuiséad Stormont. Imlíne atá ann den chaiteachas a fhaomhfadh rialtas na Breataine mura mbeadh Feidhmeannas i Stormont faoi dheireadh an Mheithimh.

Cheadófaí méadú de bheagán, 3%, ar an mbuiséad sláinte, níos lú ná an gnáth-ardú bliantúil. Is í an Roinn Pobal an t-aon cheann a gheobhadh ardú suntasach – 9%. Drochsheans gur maoiniú le haghaidh na Gaeilge atá i gceist. Meastar go gcaithfear an chuid is mó den mhéadú ar an bhfaoiseamh a chinn Stormont a bhí riachtanach chun ciorruithe na dTóraithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh a chúiteamh. Bheadh titim 2.5% ar an mbuiséad Oideachais, údar mór imní.

An bhfuil Brokenshire ag dul thar a údarás leis an bplean seo do bhuiséad?

Bhuel, caithfidh duine éigin é a dhéanamh.

Státseirbhíseach atá freagrach as an roinn Airgeadais ó thús an Mhárta. Níl an t-údarás ag an bhfeidhmeannach sin an buiséad iomlán a chaitheamh agus laghdaíonn an céatadán den mhaoiniú a bhfuil fáil aige air de réir a chéile. Níl cead aige polasaí a cheapadh. Feighlí is ea é, go bunúsach, ach tá ualach trom air de bharr an fholúis pholaitiúil.

Seans go raibh an Státrúnaí Brokenshire ag iarraidh brú a chur ar pháirtithe Stormont lena phlean do bhuiséad. Bhain Peter Hain leas as bagairt in 2006/2007 chun iallach a chur ar an DUP cumhacht a roinnt le Sinn Féin. Ba mhinic a dúirt Ian Paisley nach raibh an dara rogha aige ach dul i bhFeidhmeannas le Sinn Féin – chun comhriail Londan agus Bhaile Átha Cliath a sheachaint.

Níl riail dhíreach ó Westminster ag teastáil ó na páirtithe logánta – ná ó rialtas na hÉireann. Má theipeann ar na cainteanna i Stormont faoin 29 Meitheamh, deir Sinn Féin go mbeadh sé mídhleathach riail dhíreach a thabhairt isteach. Deir siadsan nach mbeadh sé de cheart ag cibé Státrúnaí a bheidh ann i ndiaidh an olltoghcháin, Brokenshire nó duine éigin eile, aon cheo a dhéanamh ach toghchán eile a ghairm.

Is beag seans, ceaptar, go mbeifear in ann Stormont a athnuachan faoi dheireadh an Mheithimh, i mbéal shéasúr na máirseála. Ní bheadh ciall ar bith le toghchán Tionóil i rith an tséasúir sin. Spriocdháta eile sa bhfómhar? Sa ngeimhreadh? Sa bhliain nua, b’fhéidir nuair a bheadh tuairisc an Bhreitheamh Coghlin ullamh faoin RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite ba chúis le titim Stormont ach a bhfuil neamhshuim á déanamh di faoi láthair.

Má leanann an folús chomh fada sin nach mbeidh riail sheachtrach dosheachanta más riail ó Whitehall amháin é nó faoi anáil Shráid Mhuirfean?

Is í an cheist, aimsir seo an Bhreatimeachta, cé aige a mbeidh aird ar ghnóthaí Thuaisceart Éireann? Rogha an dá dhíogha, leathriail nó riail ar éigean, le drogall.

Fág freagra ar 'Níl éinne á hiarraidh, más fíor, ach an í an riail dhíreach faoi choim an t-aon rogha amháin?'