‘Ní mise imeacht. Mise ‘banacht,’ a dúirt an Babaí

AG TÓGÁIL CLAINNE: Fanacht nó imeacht? Ceist mhór Brexit agus ceist mhór sa bpáirc spraoi freisin…

Pidgeon

‘Ní mise imeacht. Mise ‘banacht,’ a dúirt an Babaí. Bhí dhá uair a chloig caite againn sa bpáirc spraoi agus bhí an mothú ag imeacht as méaracha mo chosa. Ní raibh sé de chroí ionam cluiche eile fiach agus folach a imirt. Bhí muid imithe timpeall trí huaire ar na siamsáin uilig, bhí scamaill dhorcha ar bhruach na spéire agus iad ag déanamh orainn go tréan agus, ar aon chaoi, bhí an dinnéar le cur síos.

Bhí chuile dhuine eile imithe abhaile agus gan fágtha sa gclós anois ach muid féin agus colúr aonarach amháin. Chaithfeadh go raibh mian bháis ag an éan nó gur andúilí aidréanailín a bhí ann. Nó cén fáth eile a mbeadh sé fós ansin ag pramsáil thart go dána i measc scata páistí ar bheagán féinsmachta agus ar mhórán fuinnimh?

‘Roille, ráille!’ a dúirt an Babaí agus rug sé greim ar mo dhá lámh agus thosaigh do mo tharraingt timpeall.  ‘Ok,’ a dúirt mé, ‘uair amháin eile, ach caithfidh muid imeacht ansin.’ Roille, roille, ráille, timpeall linn i bhfáinne…

‘Dí-dá, mardóirí dá,’ a dúirt sé ansin agus thosaigh sé ag rith i dtreo an mhaide corrach agus chaith sé a chos suas air. D’airigh mé an ghaoth ag athrú agus thit scáil dhorcha ar an gclós. “Seo linn,’ a dúirt mé, ‘tá sé in am againn imeacht,” agus thosaigh mé ag déanamh mo bhealaigh anonn chuig an ngeata.

Thosaigh na cailíní do mo leanúint, d’ardaigh mo chroí. Ní raibh cor as an mBabaí, áfach. “Mise, ‘banacht,” a dúirt sé. “Ó, bhuel,” a dúirt mé, “má tá tú ag iarraidh fanacht is dócha nach féidir liom tada a dhéanamh faoi.”

Rug Beainín na Naíonáin Bheaga greim ar mo mhuinchille is thosaigh ag tarraingt aisti agus í ag iarraidh m’airde go práinneach. “Ní fhéadfaidh tú é a fhágáil,” a dúirt sí, “b’fhéidir go ndéanfadh an colúr rud éicint air.”

Chaoch mé mo shúil uirthi. “Ná bíodh aon imní oraibh,” a dúirt mé i gcogar leis na cailíní, “nóiméad ar bith anois, tiocfaidh sé anall.” 

‘Tá sé chomh maith againne a bheith ag imeacht, mar sin,” a dúirt mé leis an mBabaí agus an geata á oscailt go fíormhall agam.

‘Slán, mar sin,” a dúirt mé go suairc agus an triúr againn ar an taobh eile den gheata faoin am seo. Níor chorraigh an Babaí den mhaide corrach. “Ó-tae, Mamaí, slán!” a dúirt sé agus meangadh mór air.