Leabhar nua Mháire Mhac an tSaoi, IMRAM na nÓg, taispeántas grianghraf den deilf cháiliúil Fungi, agus clár Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Leabhar nua Mháire Mhac an tSaoi, IMRAM na nÓg, taispeántas grianghraf den deilf cháiliúil Fungi, agus clár Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe

LEABHAR

Ar fáil anois den chéad uair tá leaganacha nua de dhánta móra na Sean- agus na Meán-Ghaeilge le Máire Mhac an tSaoi. Leaganacha a chóirigh sí de thrí dhán atá sa leabhar nua ó Leabhar Breac – Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille.

“Sa bhliain 1999, d’iarras ar Mháire Mhac an tSaoi trí cinn de na dánta is diamhaire sa Sean- agus Meán-Ghaeilge a chóiriú sa Nua-Ghaeilge le haghaidh scannáin go rabhas ag obair air leis an stiúrthóir Tom Collins. Is iad na dánta a bhí gceist ná ‘Amhráin Amhairgin’, ‘An Chailleach Bhéarra’, agus ‘Amhra Choilm Chille’. Cé nach raibh uainn ach sleachta as na dánta san, shocraigh Máire ar leagan iomlán de gach ceann acu a sholáthar,” a deir Louis de Paor i réamhrá an leabhair.

Tar éis dul i gcomhairle le Frances Tallon, Leabharlannaí Sinsearach le Leabharlann Chomhairle Chontae na Mí, agus le clann Mháire, Patrick agus Margaret Cruise O’Brien, socraíodh go rachadh Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe agus Leabharlann Chomhairle Chontae na Mí i bpáirt le chéile chun an leabhar seo a réiteach agus a chur i gcló.

Tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Leabhar Breac.

FÉILE

Féile litríochta do pháistí – IMRAM na nÓg

Tá clár na féile IMRAM na nÓg fógartha agus beidh féile na bliana seo ar bun ó 7 go 13 Bealtaine. Féile litríochta do pháistí é IMRAM na nÓg agus beidh ceardlanna agus seónna le scoth na scríbhneoirí Gaeilge á gcur ar bun i leabharlanna thart timpeall Bhaile Átha Cliath agus i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, beidh ócáid do scoileanna leis an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn bunaithe ar an leabhar Óstán na bhFeithidí atá scríofa ag Ní Ghlinn agus maisithe ag Mr Ando (ainm cleite an ealaíontóra Andrew Whitson). Cuirfear an ócáid ar bun i Leabharlann na bPáistí sa Lexicon i nDún Laoghaire ar an 7 agus 9 Bealtaine agus i Leabharlann Dhroim Conrach ar an 8 Bealtaine.

Beidh seal scéalaíochta leis an scríbhneoir Sadhbh Rosenstock i nDún Laoghaire ar an 7 Bealtaine agus i Leabharlann Pheambróg an lá dár gcionn. Cuirfidh Muireann Ní Chíobháin ceardlann ar bun i Leabharlann Ráth Eanaigh ar an 8 Bealtaine do pháistí idir 7 agus 9 mbliana d’aois.

 

Fungie

Pobal Fungie – taispeántas grianghraf

Beidh taispeántas grianghraf le Seán Ó Mainnín ar bun mar chuid d’Fhéile na Bealtaine sa Daingean. Chaith Seán Ó Mainnín go leor ama ag glacadh pictiúr i mBéal Chuan an Daingin idir na blianta 1988 agus 1992 agus é faoi dhraíocht ag gnaíúlacht na deilfe Fungie. Is ón tréimhse sin a thagann leabhar Sheáin, Ireland’s Friendly Dolphin. Bhí an deilf ina laoch ag pobal na háite agus ag cuairteoirí an cheantair agus deirtí go raibh sé cosúil le carachtar a léim amach as scéal Fiannaíochta nó Rúraíochta. ‘Setanta na Farraige’ ceann de na leasainmneacha a ghlaoití ar an deilf agus é á shamhlú mar gharda ar chuan an Daingin.

Sa taispeántas seo ‘Pobal Fungie’ caitear súil siar ar Fungie agus a chairde ó na blianta 1988–1992. Tréimhse agus scéal nach mbeidh a leithéid arís ann. Is grianghrafadóir é Seán Ó Mainnín atá ina chónaí i gConamara agus a mbíonn a shaothar le feiceáil go rialta ar Tuairisc.ie. Bhí Seán ina iriseoir leis an nuachtán náisiúnta Scéala Éireann. Beidh an taispeántas ar bun in Oifig Turasóireachta an Daingin ó 2 go 6 Bealtaine. Tuilleadh eolais anseo.

 

Tionól poiblí chun an Ghaeilge a chur chun cinn i nGaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe

tionól poiblí á eagrú ag an ngrúpa ‘An Bruach Thoir’ chun cur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail i nGaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe a phlé. Beidh an ócáid ar bun in Óstán Maldron atá suite in Ionad Siopadóireachta Thír Oileáin ar an gCéadaoin, 24 Aibreán ag 7:30 i.n.

Grúpa deonach iad coiste pleanála ‘An Bruach Thoir’ a tháinig le chéile chun plean a ullmhú is a chur i bhfeidhm leis an nGaeilge a chur chun cinn sa gceantar ionas go mbeadh sí ar fáil do na glúnta atá le teacht. Tá Gaeilge á labhairt mar theanga dhúchais sa gceantar ach tá an baol ann go mbrisfear an nasc sin mura ndéantar iarracht faoi leith anois í a chaomhnú. Beidh fáilte ag an ngrúpa roimh smaointe an phobail ag an ócáid agus roimh aon mholtaí faoi na deiseanna atá ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gceantar.

Tá an Bruach Thoir (Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe) ar fad i gceantar uirbeach na Gaillimhe. Is iad na bailte fearainn atá sa gceantar ná: An Caisleán Gearr (cuid de), An Pháirc Mhór, Baile an Dúlaigh, Baile an Phoill, Mionlach, Cúil Each agus Tír Oileáin. Is mian leis an gcoiste dearcadh, cumas agus iompar teanga an cheantair a fhorbairt agus a chothú, agus líon na gcainteoirí Gaeilge sa gceantar a mhéadú 2% sa tréimhse atá leagtha síos sa phlean teanga.

 

Clár Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe seolta

Seoladh clár Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe ag ócáid in Amharclann Mick Lally i nGaillimh an tseachtain seo. Beidh féile na bliana seo ar bun ón Aoine 3 Bealtaine go dtí an Satharn, 11 Bealtaine.

Bunaíodh Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe in 2008 chun ardán a thabhairt d’ealaíontóirí neamhspleácha agus d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn i nGaillimh agus in Iarthar na hÉireann.

Tá sí ar cheann de na féilte is mó in Éirinn atá dírithe ar an drámaíocht agus ar an léirithe neamhspleácha.

Ar chlár na bliana seo, tá an dráma nua Ní Liomsa an Teach Álainn Seo ina bhfuil drámaíocht trialach á sníomh le monalóg, ceol agus ealaín dhigiteach. Léiriú de chuid ‘The Cult Collective’ atá sa dráma agus é scríofa ag Anna Ní Dhúill (Exit Music for Our World) agus á chur i láthair ag Seoirsín Bashford (The Crow’s Way). Beidh sé á léiriú ar stáitse na Taibhdheirce ar an 3 agus 4 Bealtaine. Ticéid anseo.

CEOL

 

Éisteachtaí ar bun do chomórtas Junior Eurovision Éire

Tá iarratais á lorg ag TG4 agus Adare Productions don chomórtas Junior Eurovision agus amhránaithe idir 9–14 bliain d’aois á lorg acu don tsraith nua Junior Eurovision Éire. Beidh éisteachtaí ar bun ar fud na tíre i gcaitheamh an earraigh agus iad i nGaillimh an deireadh seachtaine seo, 13 & 14 Aibreán.

Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta JUNIOR EUROVISION 2024 a bheidh ar siúl sa Spáinn. Bíonn breis agus 7.5 milliún duine ar fud na hEorpa ag féachaint ar an seó.

Is féidir le daoine aonair, beirteanna agus grúpaí suas go dtí seisear ar a mhéad iarratas a dhéanamh. Chun iarratas a dhéanamh, ní mór mír 40 soicind den iarratasóir ag canadh a sheoladh chuig TG4 anseo.

Fág freagra ar 'Leabhar nua Mháire Mhac an tSaoi, IMRAM na nÓg, taispeántas grianghraf den deilf cháiliúil Fungi, agus clár Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe'