Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha: an sprioc ná 50,000 duine a ‘aimsiú’ le giolcacha Gaeilge

Tá feachtas ar bun ar na meáin shóisialta chun céiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha ar an 21 Feabhra.

tweeting-150413_1280

Tá feachtas Twitter curtha ar bun ag an eagraíocht Rising Voices a dhéanfaidh céiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha an tseachtain seo chugainn. Tá iarrtha ar chainteoirí mionteangacha giolcacha a chur amach sa teanga sin ar feadh an lae – an Satharn an 21 Feabhra – chun éagsúlacht chultúrtha agus teangacha timpeall an domhain a chéiliúradh.

Iarrtar ar dhaoine ar Twitter a bhfuil Gaeilge a fhógairt leis an saol mór cén fáth a gcreideann siad go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a úsáid ar líne agus na nathanna cainte, seanfhocail agus focail is fearr leo a ghiolcadh.

Beidh dhá haischlib in úsáid ar an lá agus moltar do Ghaelghiolcairí úsáid a bhaint astu agus iad á chéiliúradh ar Twitter; #MotherLanguage agus #Gaeilge. Beifear in ann giolcacha ar fud na cruinne i dteangacha dúchais an domhain a fheiceáil faoin haischlib #MotherLanguage agus iad sin a bhaineann le Gaeilge a fheiceáil faoin haischlib #Gaeilge. Táthar ag súil go gcuirfear cainteoirí mionteangacha in aithne a chéile timpeall an domhain le linn an fheachtais agus go n-ardófar feasacht ar theangacha atá i mbaol a mbáis.

Oibríonn Rising Voices ar son na dteangacha seo agus táthar ag súil go mbeidh glacadh forleathan leis an bhfeachtas ar fud na cruinne.

Dúirt Eddie Ávila ó Rising Voices le Tuairisc.ie go bhfuil siad an-sásta leis an ngníomhaíocht atá feicthe acu go dtí seo.

“Seo í an dara bliain de Tweet Mother Language, bhí sé sách beag anuraidh agus bheartaigh muid níos mó poiblíochta agus fógraíochta a thabhairt dó i mbliana. Tá an suíomh féin aistrithe go thart ar 20 teangacha cheana féin – mórtheangacha ar nós na Gearmáinise agus na Fraincise chomh maith le mionteangacha ar nós na Gaeilge agus na Breatnaise.

“Táimid ag súil go spreagfaidh sé daoine, go háirithe an t-aos óg, a dteanga féin a labhairt ar-líne. Braitheann cainteoirí mionteanga go bhfuil siad ina n-aonar, táimid ag súil go léireoidh an feachtas seo dóibh go bhfuil duine ag giolcaireacht ina dteanga féin agus i mionteangacha eile ar fud na cruinne,” a dúirt Ávila le Tuairisc.ie.

Tá an tOllamh Kevin Scannell ó Indigenous Tweets ag obair ar an bhfeachtas freisin. Tá suíomh an fheachtais aistrithe go Gaeilge ag an Ollamh Scannell agus beidh sé in a mheasúnóir oifigiúil ar an lá é féin.

“Rinneamar feachtas cosúil leis seo anuraidh, ar scála níos lú, agus rinne mé anailís éadrom ar na tweetanna a luaigh #imld14 i dteangacha éagsúla, agus an borradh mór a chonaiceamar faoi thweetanna i dteangacha áirithe.

“I mbliana, ba mhaith liom féachaint ar na staitisticí sna romhainn freisin – an bhfeicfimid tweetanna i nGaeilge ar an 21ú lá ó dhaoine nach raibh aon tweetanna sa teanga acu roimhe? Agus an leanfaidh na daoine sin ar aghaidh leis an teanga amach anseo?” a dúirt an tOllamh Scannell le Tuairisc.ie.

Tá anailís déanta ag Kevin Scannell ar an nGaeilge mar a úsáidtear ar Twitter í cheana féin. De réir a thaighde, tá míle duine gníomhach ar Twitter i nGaeilge gach seachtain agus bíonn 30% acu sin ag giolcaireacht den chuid is mó i nGaeilge.

Creideann sé gur féidir níos mó daoine a mhealladh chun na teanga trí Twitter.

“Tá líne dhíreach againn via Twitter: dá mbeadh gach duine den 300 sásta tweet a sheoladh amach ar an 21ú, bheimis in ann 50,000 duine a shroichint, a mhíniú dóibh an tábhacht a chuirimid ar an teanga, agus fáilte a chur rompu an teanga a úsáid,” a dúirt Scannell.

Chuir na Náisiúin Aontaithe tús le Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha sa bhliain 200 le héagsúlacht chultúrtha agus teangacha agus an t-ilteangachas a chur chun cinn. Roghnaíodh an 21 Feabhra in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais, Bangla, sa Bhanglaidéis i 1952.

 

Fág freagra ar 'Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha: an sprioc ná 50,000 duine a ‘aimsiú’ le giolcacha Gaeilge'

  • Breathnóir

    Giolc an Ghaeilge agus mairfidh sí? B’fhéidir.
    Bainim féin úsáid as Twitter ach is dócha nach ionann pobal Twitter agus fíorphobal labhartha teanga. Ag an am céanna is bealach é le cur in iúl gurb ann don teanga.

  • Ciara

    “an bhfeicfimid tweetanna i nGaeilge ar an 21ú lá ó dhaoine nach raibh aon tweetanna sa teanga acu roimhe? Agus an leanfaidh na daoine sin ar aghaidh leis an teanga amach anseo?”

    Sin í an cheist.

    Bíonn ócáidí speisialta mar seo go deas, fiú mura tharlaíonn ach go mbíonn an teanga sofheicthe ar feadh tamaill, ach ba dheas é toradh fadtéarmach a bheith ann, leis.