‘Dracula’ ar fáil ar Kindle in am d’Oíche Shamhna

Tá leagan athchóirithe den aistriúchán a rinne Seán Ó Cuirrín ar shaothar Bram Stoker anois ar fáil do ghléasanna Kindle

Dracula, íomhá clúdaigh

Tá scéal an tsúmaire fola is cáiliúla ar domhan anois ar fáil ar an Kindle i nGaelainn na nDéise.

Tá An Gúm tar éis Dracula le Bram Stoker a eisiúint an athuair agus é in am d’Oíche Shamhna. Eagrán ríomhleabhair de leagan athchóirithe den tiontú a rinne an Déiseach Seán Ó Cuirrín sa bhliain 1933 ar leabhar Stoker atá ann.

Scríobh Stoker, a d’fhás aníos i mBaile Átha Cliath, a scéal uafáis sa bhliain 1897. Bhain an leabhar cáil dhomhanda amach dó féin agus is minic a shamhlaítear an Cunta ard, tanaí bán nuair a chloistear an focal vaimpír sa lá atá inniu ann.

Chuir an Cuirríneach Gaeilge ar an saothar mar chuid de scéim aistriúcháin an Ghúim sna 1930idí agus foilsíodh leagan athchóirithe a chuir Maolmhaodhóg Ó Ruairc in eagar do chomóradh céad bliain an leabhair sa bhliain 1997.

Rinneadh caighdeánú i leagan 1997 ar chanúint Uí Chuirrín agus fuair roinnt léitheoirí locht ar an gcleachtadh sin. Bunaithe ar bhunleagan an Déisigh atá an t-eagrán nua seo agus cuid mhaith de chanúint a cheantair dúchais caomhnaithe ann.

Tá an t-eagrán seo á chur amach mar chuid den tsraith nua atá á foilsiú ag an nGúm i bhfoirm ríomhleabhair. Tá trí leabhar sa tsraith ar fáil cheana féin: An Mothall Sin Ort, le Seán Ó Ruadháin; Mám as mo Mhála, le Seán Mac Meanman, agus Timpeall Chinn Sléibhe, le Seán Ó Dálaigh.

Ba é an t-ealaíontóir cáiliúil Aubhistín Ó Maolaoidh a dhear an íomhá chlúdaigh do leagan Uí Chuirrín sa bhliain 1933 agus bhain clúdach an aistriúcháin Gaeilge cáil amach ar fud na cruinne mar léirshamhlú neamhghnách den charachtar ‘Dracula’.

Is spéisiúil fós, a deir An Gúm, a laghad de “thionchar Hollywood” atá le sonrú ar an íomhá.

Féadfar teacht ar eagrán Kindle de Dracula anseo.

Fág freagra ar '‘Dracula’ ar fáil ar Kindle in am d’Oíche Shamhna'

  • Gabriel Rosenstock

    Níor thaitin an cló Rómhánach le Seán Ó Cuirrín agus bhí na ‘h’anna ag teacht idir é agus codladh na hoíche, iad ag eiteallaigh ar fud an tseomra ina sciatháin leathair! Tá an méid sin ar fad sa chomhfhreagras idir é agus An Gúm – agus tuilleadh! Ach mar Iar-Ghúmadóir, tá cosc orm níos mó ná sin a rá. Tréaslaím an leagan nua den aistriúchán iontach seo leis an nGúm. Dracula, go maire sé go deo!

  • sean@hotmail.com

    Sár-leabhar ag sár-aistritheoir .i. Seán ó Cuirrín. An chéad leabhar eile ná ‘B’fhiú an braon fola’ Séamus Ó Maoileoin!

  • Aífe

    Tá an nasc chuig an leabhair briste!