Dáta toghcháin fógartha sa Tuaisceart

Is ar an 2 Márta a chaithfidh muintir Thuaisceart Éireann a vótaí don séú Tionól

Dáta toghcháin fógartha sa Tuaisceart

Rachaidh toghlach an Tuaiscirt i mbun vótála ar an 2 Márta. Fógraíodh go gairid i ndiaidh 17.30 tráthnóna go mbeidh toghchán ann le Tionól nua a thoghadh i ndiaidh don Fheidhmeannas titim as a chéile ag tús na bliana.

Chuaigh Stormont in aimhréidh nuair a d’fhógair an t-iarLeasChéad-Aire Martin McGuinness an tseachtain seo caite go raibh sé ag éirí as an bpost i bhfianaise na conspóide a bhain leis an scéim RHI. Meastar go gcosnóidh an scéim, a thug an t-iarChéad-Aire Arlene Foster isteach nuair a bhí sí ina hAire Fiontar, Trádála agus Infheistíochta, suas le £490 milliún ar cháiníocóirí an Tuaiscirt.

Luaigh McGuinness “biogóideacht” an DUP i gcoinne lucht labhartha na Gaeilge agus mionlaigh eile ó thuaidh ina litir éirí as. Tá cinneadh an Aire Pobal Peter Givan deireadh sa chur leis an sparánacht Gaeltachta ‘Líofa’ á lua le titim an Fheidhmeannais freisin, cé gur thug an tAire Givan an maoiniú ar ais Déardaoin seo caite.

Beidh 90 CTR (Comhalta an Tionóil Reachtúil) le toghadh sna 18 toghcheantair éagsúla. Seo an séú toghchán do Thionól Stormont ó cruthaíodh an Tionól i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Fág freagra ar 'Dáta toghcháin fógartha sa Tuaisceart'