‘Biogóideacht’ an DUP i leith phobal na Gaeilge luaite ag McGuinness lena chinneadh éirí as

D’fhógair Martin McGuinness go bhfuil sé ag éirí as mar LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann i bhfianaise na conspóide faoin scéim RHI agus thagair sé do ‘crude and crass bigotry’ an DUP i leith phobal na Gaeilge

‘Biogóideacht’ an DUP i leith phobal na Gaeilge luaite ag McGuinness lena chinneadh éirí as

Tá ‘biogóideacht’ an DUP i leith na Gaeilge luaite ag Martin McGuinness sa litir éirí as a sheol sé chuig Ceann Comhairle Stormont inniu.

D’fhógair Martin McGuinness go bhfuil sé ag éirí as mar LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann i bhfianaise na conspóide faoin scéim fuinnimh inathnuaite, RHI.

Luaigh sé ina litir éirí as chomh maith ‘biogóideacht’ an DUP i leith phobal na Gaeilge agus mionlaigh eile ó thuaidh.

“The equality, mutual respect and all-Ireland approaches enshrined in the Good Friday Agreement have never been fully embraced by the DUP. Apart from the negative attitude to nationalism and to the Irish identity and culture, there has been a shameful disrespect towards many other sections of our community.

“Women, the LGBT community, and ethnic minorities have all felt this prejudice. And for those who wish to live their lives through the medium of Irish, elements in the DUP have exhibited the most crude and crass bigotry.”

Fágann cinneadh McGuiness gurb é is dóiche ná a mhalairt go mbeidh toghchán tionóil ann ó thuaidh.

Ag labhairt dó ag tionól de chuid Shinn Féin Chúige Uladh Dé Sathairn, dúirt Gerry Adams gur “chinneadh aineolach ag duine aineolach” é deireadh a chur leis an maoiniú do scéim Ghaeltachta Líofa.

Rinne ceannaire Shinn Féin cáineadh láidir ar an DUP agus a ndearcadh i leith na Gaeilge agus ar an Aire Pobal Paul Givan.

“Tá an-dímheas ag an DUP ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge. Cad é mar is féidir fuath a bheith ag duine ar bith do theanga? Bhí an cinneadh a ghlac an DUP oíche Nollag chun an t-airgead a ghearradh de Líofa iontach maslach ar fad. Cinneadh aineolach ag duine aineolach,” a dúirt Adams.

Fág freagra ar '‘Biogóideacht’ an DUP i leith phobal na Gaeilge luaite ag McGuinness lena chinneadh éirí as'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Seo seans íontach ag Sinn Féin usáid stráitéiseach a bhaint as Ionadaíocht Cionmhaire (PR) sa toghchán atá le tíocht tré tíocht ar shocrú roimhré leis an UUP faoi na nithe a bhí á bhlocáil ag an DUP ar náisiúntóirí agus iarraidh ar a lucht tacaíochta vótaí a aistriú ag an UUP, ach an socrú caoi a bheith déanta, in aon cheantar a bhfuil iomaíocht idir an DUP agus an UUP don suíochán deireannach. An fhad is atá an Príomhaireacht ag an DUP ní dhéanfar aon dul chun cinn, ar fiú trácht air.

  • Colmán

    Le caoinchead ó na vótairí dar ndóigh a Dhonncha. Is beag an baol go vótáladh lucht UUP do Shinn Féin cibé. Is tábhachtaí daofa an bratach dearg agus gorm sin ná ór ná airgead, bia ná cothú, teas ná foscadh. Ach is é an DUP an fhadhb sa tuaisceart. Is iad atá ag cur moill ar dhul chun cinn an tsochaí agus más mall féin é is mithid do Shinn Féin éirí as an chomhrialtas leis an DUP.

  • donncha Ó hÉallaithe

    Ach PR a usáid go cliste agus go stráitéiseach d’fhéadfadh vótaí na náisiúntóirí an líon suíochán ag an DUP a laghdú. Le stráitéis mar sin a chur ag obair ní theastódh go mbeadh an UUP ag vótáil do Shinn Féin ach theastódh do Shinn Féin agus don SDLP a rá go soiléir lena gcuid tacaíochta, PR a usáid leis an oiread damáiste is féidir a dhéanamh don DUP.