‘Dá mba scuab ghruaige mé, cá ngabhfainn i bhfolach?’

Tá barúil ag ár gcolúnaí go bhfuil poll draíochta sa teach a dtiteann rudaí síos ann

‘Dá mba scuab ghruaige mé, cá ngabhfainn i bhfolach?’

Ar a laghad uair sa lá, gan teip, imíonn rud éicint amú orm. Níl mé cinnte cén fáth go dtarlaíonn sé seo, ach tá barúil agam le deireanas go bhfuil poll draíochta sa teach a dtiteann rudaí síos ann.

Tá luchtairí don fhón póca tite síos ann, leathbhróga, leathstocaí, bille Barna Waste a bhí leagtha ar an gcuntar sa gcistin agam.  Is ann a théann na scuaba gruaige, agus ná labhair liom faoi fháiscíní gruaige.

Is dócha go bhfuil tú ag ceapadh anois go bhfuil craiceáil éicint orm. B’fhéidir, a déarfaidh tú, nach é go bhfuil poll draíochta i do theach, ach, b’fhéidir go bhfuil gá agat le córas; áit do chuile shórt agus chuile shórt ina áit féin.

Rith sé sin liom féin freisin.

Ach más ea, cén fáth nach mbíonn na boscaí lóin ar an gcuntar sa tráthnóna nuair is ann a d’fhág mé ar maidin iad? Cén míniú atá air sin? Níl aon mhíniú eile air ach go bhfuil poll dorcha ag imeacht ó áit go háit sa teach ag slogadh rudaí. Scaití caitheann sé aníos rud éicint in áit éicint eile, ach scaití eile ní fheicfidh tú an rud sin arís go deo.

Is éard atá agamsa ná saol i mbun tóraíochta. Tóraíocht na scuaibe, tóraíocht na bróige eile, tóraíocht an bhosca lóin. Ós rud é gur luaigh mé tóraíocht, tá sé chomh maith agam cúpla rabhadh a thabhairt duit, ar fhaitíos go mbeifeá ag ceapadh gur eachtraí móra spraíúla iad na tóraíochtaí seo ina mbíonn sióga, fathaigh agus laochra.

’Séard atá i gceist ná ag imeacht thart mar a bheadh duine faoi gheasa, ag breathnú uaim agus ag iarraidh mé fhéin a chur isteach in intinn na scuaibe gruaige.

‘Dá mba scuab ghruaige mé, cá ngabhfainn i bhfolach?’

Anois, b’fhéidir go gcuirfeadh sé seo iontas ort, ach níos minice ná a mhalairt, ní éiríonn liom rud ar bith a aimsiú leis an gcóras sin.  

Fós féin, tá roinnt cleas foghlamtha agam a bheadh cabhrach don té atá ag iarraidh rudaí atá imithe amú orthu a fháil ar ais.

Ar an gcéad dul síos, ná cuir amú do chuid ama, chomh maith le chuile shórt eile, is tú ag iarraidh cuimhneamh cá bhfaca tú an rud go deireadh. Is beag an baol go dtiocfaidh tú air san áit ar fhág tú é. Só, déan dearmad air sin.

Ná bí ag iarraidh cuimhneamh siar ar do lá. ‘Céard a rinne mé inniu ar aon chaoi?’

Is é an chaoi go gcuimhneoidh tú siar ar chuile rud fánach a rinne tú an lá sin, chuile thuras go dtí an cuisneoir, chuile leathuair a chaith tú ag breathnú ar sheaneagráin de Saturday Night Live. Glac uaimse é, is fearr an cineál sin féinscrúdaithe a sheachaint má tá aon neart agat air.

Is fíor gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, ach amháin sa gcás seo. Ar chraiceann do chluaise má tá do chuid eochracha caillte arís agat ná hiarr cúnamh ar aon duine. Tosóidh siad ag tabhairt moltaí cabhracha duit.

‘Bhfuil a fhios agat céard ba cheart duitse a dhéanamh ach…’