Cur chuige ‘soiléir stuama’ ann maidir le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge – McHugh

Ag labhairt dó roimh chruinniú faoi dhul chun cinn na Straitéise anocht, deir Joe McHugh go bhfuil sé sásta leis an obair atá ar bun maidir leis an bplean a chur i gcrích, ach níl ann ach cur i gcéill dar leis an Teachta Dála Éamon Ó Cuív

Stráitéis 20 bliain

Tá cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, a deir Aire na Gaeltachta.

I ráiteas a thug sé do Tuairisc.ie roimh chruinniú anocht i gConamara faoin Straitéis, thug an tAire McHugh le fios go bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt do phlean Gaeilge an Rialtais.

“Is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

“Ar ndóigh, tá dúshlán anseo dúinn uile agus ní mór dúinn na céimeanna cuí a thabhairt de réir a chéile,” a dúirt an tAire McHugh.

Cuirfear tús anocht in Indreabhán i gCois Fharraige le sraith cruinnithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a bheidh cúig bliana ar an bhfód an mhí seo chugainn.

Agus an tsraith cruinnithe á fógairt an tseachtain seo caite aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gurb í an aidhm a bhí leo ná “breathnú siar ar an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas agus breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse cúig bliana atá romhainn”.

Dúirt McHugh le Tuairisc.ie gurb í an Straitéis an chloch is mó ar a phaidrín ó ceapadh ina Aire é.

“I bhfianaise a thábhachtaí is atá an Straitéis mar chloch coirnéil don Ghaeilge, leanfaidh mé orm ag plé le mo chomhghleacaithe Aireachta le cinntiú go dtugtar tosaíocht don Straitéis sna Ranna ábhartha.

“Ina theannta sin, leanfaidh mo Roinn uirthi ag obair i gcomhpháirtíocht leis na Ranna sin chun na bearta éagsúla a bhaint amach thar shaolré na Straitéise, mar shampla, ag aithint an róil lárnaigh atá ag an Roinn Oideachais i gcur chun cinn na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta”.

Dúirt an tIar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, gur “cur i gcéill” a bhí ann a bheith ag maíomh go bhfuil an Straitéis á cur i bhfeidhm, agus gur léiriú atá sna cruinnithe atá beartaithe ag an Roinn go “bhfuil an rud ar fad bunoscionn acu”.

“Shilfeá nach raibh i gceist leis an rud ar fad ach iarrachtaí pobail nuair atá an chuid is mó de na dualgais ar an Rialtas. Tá an Rialtas seo ag iarraidh é a chaitheamh ar an bpobal gan aon tacaíocht ar chor ar bith a chur ar fáil dóibh. Baineann siad airgead d’eagraíochtaí pobail agus tugann siad ar ais arís dóibh ar mhaithe leis an bpleanáil teanga, mar dhea. Athchúrsáil airgid atá ar siúl acu.

“Aon t-aon rud suntasach atá déanta ag an Rialtas ó thaobh na Gaeilge ná dréachtmholtaí oideachais don Ghaeltacht a thabhairt isteach, ach níl an Straitéis á cur i bhfeidhm acu agus níl iarracht ar bith fiú déanta acu í a chur i bhfeidhm.”

Dúirt Ó Cuív nach raibh sa tsraith cruinnithe agus an próiseas comhairliúcháin atá beartaithe ag an Roinn sna seachtainí romhainn ach “tuilleadh den chur i gcéill”.

“Níl ann dáiríre ach iarracht eile an rud a bhrú anonn ar an bpobal arís. Is cuid den iarracht é atá ar bun ag an Rialtas faoi láthair cuma an ghnímh a chur orthu féin trí mhí roimh thoghchán,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Mar chuid den ‘díospóireacht oscailte’ faoina bhfuil bainte amach ag an Straitéis agus a bhfuil i ndán di, eagrófar cruinnithe in Indreabhán i gCois Fharraige anocht, Dé Máirt an 24 Samhain, i gCill Airne i gCiarraí Déardaoin, an 26 Samhain agus i nGaoth Dobhair Dé Máirt seo chugainn, an 1 Nollaig.

Eagrófar chomh maith comhdháil i mBaile Átha Cliath ar an 9 Nollaig a dhíreoidh ar ghnéithe éagsúla den Straitéis “go háirithe oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin chumarsáide agus an teicneolaíocht”.

Díreoidh na cruinnithe Gaeltachta go háirithe “ar chur i bhfeidhm praiticiúil” an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Mar chuid den ‘díospóireacht oscailte’, tá plépháipéar foilsithe ar shuíomh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhfuil an Roinn ag lorg aighneachtaí ón bpobal ina thaobh.

Sa phlécháipéis, lorgaítear tuairimí an phobail faoina éifeachtaí is a bhí an Straitéis 20 Bliain go nuige seo agus faoi cén chaoi a bhféadfaí cur i bhfeidhm na mianta inti a fheabhsú.

Táthar ag lorg moltaí chomh maith maidir le conas cur le feasacht teanga an phobail agus na seirbhíse poiblí agus conas feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge.

Tá cáineadh láidir déanta ag daoine éagsúla maidir le cur chuige an Rialtais i dtaobh na Straitéise. Tá sé ráite, mar shampla, ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin gur cheart an Straitéis “a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua” i bhfianaise a laghad dul chun cinn, dar leis, atá á dhéanamh ag an Rialtas.

Fág freagra ar 'Cur chuige ‘soiléir stuama’ ann maidir le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge – McHugh'