Béarla amháin ceadaithe d’iarratais ar chonarthaí aistriúcháin Gaeilge ar fiú €2.5 milliún iad

I gceann de na cáipéisí a bhaineann leis an bhfógra do thairiscintí ar sholáthar seirbhísí aistriúcháin Gaeilge, deirtear nach ceadmhach d’iarrthóirí ach tairiscint nó iarratas a dhéanamh i mBéarla

Béarla amháin ceadaithe d’iarratais ar chonarthaí aistriúcháin Gaeilge ar fiú €2.5 milliún iad

Tá an Stát ag lorg tairiscintí ar chonarthaí aistriúcháin Gaeilge ar fiú €2.5 milliún iad, ach i mBéarla amháin a cheadaítear iarratais.

I gceann de na cáipéisí a bhaineann leis an bhfógra do thairiscintí ar sholáthar seirbhísí aistriúcháin Gaeilge, deirtear nach ceadmhach d’iarrthóirí ach tairiscint nó iarratas a dhéanamh i mBéarla.

Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag ball den phobal go dtabharfadh comhlacht poiblí freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras a dhéantar sa teanga sin.

D’fhéadfadh, mar sin, iarratasóir nach n-éireodh leis i próiseas tairisceana poiblí ina lorgófaí iarratais i mBéarla amháin, dúshlán cúirte a thabhairt sa chás go gcruthófaí go raibh amhras ann go raibh lúb ar lár sa phróiseas tairisceana.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie nach béas lena oifig tagairt do chásanna nach bhfuil gearán ón bpobal faighte ina dtaobh, ach dheimhnigh sé nach bhfuil cead ag comhlacht poiblí éileamh gur i dteanga oifigiúil amháin a dhéanfaí cumarsáid leis.

“Ní féidir le comhlacht poiblí aon chonstaic ná caiteachas breise a leagan ar bhall den phobal de thoradh gur roghnaigh siad comhfhreagras a dhéanamh i dteanga oifigiúil de chuid na tíre seo.

“Is ar an gcomhlacht poiblí féin a thiteann an dualgas a chinntiú go bhfuil córais chuí in áit acu chun aistriúchán cruinn a dhéanamh sa chás go dteastódh sin uathu.

“Leagadh síos an bunphrionsabal seo in imscrúdú a rinne an Oifig [Oifig an Choimisinéara] le linn na bliana 2008,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.
Tá Tuairisc.ie ag fanacht ar ráiteas a d’iarramar ar an Oifig Um Sholáthair Rialtais faoin scéal gur gá iarratais a dhéanamh ar na conarthaí aistriúcháin Gaeilge i mBéarla.

Fág freagra ar 'Béarla amháin ceadaithe d’iarratais ar chonarthaí aistriúcháin Gaeilge ar fiú €2.5 milliún iad'