An Ghaeilge ‘i mbaol a báis’ – cáipéis nua de chuid Thithe an Oireachtais

Ag deireadh 'The Irish language – a linguistic crisis?', a d’ullmhaigh Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais, tugtar rabhadh do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí faoi staid na teanga

An Ghaeilge ‘i mbaol a báis’ – cáipéis nua de chuid Thithe an Oireachtais

Tá an Ghaeilge i mbaol a báis mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus mar theanga náisiúnta ar fud na tire, de réir cáipéise de chuid Thithe an Oireachtais.

Ag deireadh na cáipéise, The Irish language – a linguistic crisis?, a d’ullmhaigh Seirbhís leabharlainne agus Taighde an Oireachtais, tugtar rabhadh do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí faoi staid na teanga.

Luaitear sa pháipéar taighde ceithre chúis leis an teanga a bheith i mbaol a caillte: cúrsaí staire, socheolaíochta agus eacnamaíochta agus cúinsí a bhaineann “le hinstitiúidí an stáit”.

Deirtear go bhfuil an teanga i mbaol a caillte in ainneoin a stádais sa bhunreacht agus mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach, agus in ainneoin thorthaí an Daonáirimh 2011 a léirigh go raibh méadú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge.

D’ullmhaigh lucht taighde Thithe an Oireachtais, The Irish language – a linguistic crisis?, mar gheall ar a bhfuil geallta i gclár an Rialtais faoin nGaeilge agus toisc go bhfuil buanchoiste Oireachtais nua bunaithe chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Bhí a gcéad chruinniú ag an gcoiste Gaeilge an tseachtain seo caite agus i ndiaidh an chruinnithe sin, scaip Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly, an cháipéis ar na baill.

Tá cur síos in The Irish language – a linguistic crisis? ar staid reatha na Gaeilge bunaithe ar fhigiúirí Daonáirimh agus ar shaothair eile, ina measc an nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, 2007.

De réir an taighde sin, is ar éigean go mbeidh an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail aon áit sa Ghaeltacht faoi cheann deich mbliana.

Déantar cur síos chomh maith sa pháipéar taighde de chuid Thithe an Oireachtais ar na beartais stáit éagsúla a tugadh isteach ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, ina measc an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ‘i mbaol a báis’ – cáipéis nua de chuid Thithe an Oireachtais'

  • TG Lurgan

    1. Bunaigh Bord Oideachais Gaeltachta – áit a dtabharfaí tús áite do ghlór & riachtanais an óige agus ní do thuairimí seanchaite a d’fhág í san rocht ina bhfuil sí.
    2. Líonra tacaíochta ina mbeadh an tsiamsaíocht / saol sóisialta & gnéithe ata lárnach do shaol an óige mar thosaíócht.
    3. Dún Roinn na Gaeltachta agus cuir deireadh leis an mí-úsáid pholaitiúil atá, thar aon rud eile, ag tarraingt na boinn de phé seans atá ag an nGaeltacht. Daoine a spreagadh le híocaíochtaí an t-aon cur chuige ata ag an “Roinn” seo agus tá teipthe go tubaisteach orthu.

  • Léitheoir

    An bhfuil an cháipéis sin le léamh in aon áit? B’fhearr liom leagan Gaeilge a léamh más ann dá leithéid ach déanfaidh Béarla cúis.

  • Manus

    1. Eirímis (pobal scaipithe na Gaeilge) as na “think-ins” agus bunaímis eastát tithíocht lánGhaeilge. Féach comh maith is a déirigh le h-eastát glas i gCloch Siúrdáin.
    2. Bíodh feachtas láidir ar son churaclam Ghaeilge ardchaighdeán dos na scoláirí sna scoileanna lánGhaeilge/ fíorGhaeltachta. Nuair is curaclam Ghaeilge dírithe ar foghlaimeoirí atá i bhfeidhm sna scoileanna LánGhaeilge cén todhchaí atá ann don teanga?
    3. Glacaimis leis feasta go bhfuil an Státchóras in aghaidh na Gaeilghe agus go mbeidh slánú teanga dúchais na tíre ag braith 100% ar iarrachtaí phobail.

  • Manus

    An nuacht dáiríre atá sa scéil seo? Deineadh fíricí atá sa Staideéar Chuimsitheach ó 2002 agus aidmheanna atá i gcáipéisí eile a chur ar súile an Choiste. Arb é go bhfuil an Teachta Connolly théis teacht ar tuairim nua faoi leith faoin thragóid atá os ár gcomhair?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cáipéis / tuairisc eile fan Ghaeltacht – scríofa i mBéarla ar tús…

    An bhfuil Dáil Éireann fá choinne aitheantas ceart a thabhairt don teangaidh dúchasach seo agus í a úsáid go laethiúl agus go nádúrtha mar theangaidh cumarsáide agus teangaidh díospóireachta i dTithe an Oireachtais agus ar urlár na Dála?? Cad chuighe a bhfuil riarú an stát seo á dhéanamh go hiomlán i mBéarla go fóill?? Cá huair a bheas an rogha ag comhairleoirí contae an Ghaeilg a úsáid mar theangaidh oibre ina saol polaitiúil?? Nach iad seo na ‘ceannairí’ atá ag pobal agus sochaí na tíre?? Cá bhfuil an ‘ceannasaíocht’ i dtaca leis an Ghaeilg de??

    Agus tá earnáil an ghnó agus na turasóireachta ag marú na Gaeltachta nó níl ceachtar acu ag déanamh rud ar bith go hiomlán tré mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus níl ceachtar acu ag tabhairt aitheantas ar bith don Ghaeilg taobh amuigh den Ghaeltacht – i gceantar an dátheangachais.

  • Eoghan ONeill

    Fonn – féach youtube l’Internationale (cumtha ag Pierre Degueter 1884)

    Táid ann a deireann nacha fiú muid
    Gurb fhearr í chaitheamh i leataobh,
    Go sotallach ar chaiplí árda
    Ba chosúil gur leo an chraobh;
    Ach fan, táid ann nár ghéill ariamh,
    An dúchas beoga ina gcroí’
    Sean-scéalta ár sinsir ag na páistí
    Spórt is scléip amuigh ag spraoí.

    Eirígí suas a chomráidí
    Tá Ré an Dúchais ag teacht,
    Is seasfaimíd le chéile
    Tá Ré an Tosta thart:
    Eirígí suas a chomráidí
    Go taobh na gréine ar Shliabh na mBan
    Is seasfaimíd le chéile
    Dorn san aer, no pasarán!