An gcuireann ceapadh breithiúna imní ar dhaoine dáiríre?

Is ábhar iontais é an t-am agus an dua agus an t-achrann a bhaineann le ceist na mbreithiúna, a deir ár gcolúnaí, a chaitheann súil freisin ar chúrsaí toghcháin sa Fhrainc...

An gcuireann ceapadh breithiúna imní ar dhaoine dáiríre?

Is é bunriachtanas na córa, a dúirt Cicero fadó, nach ndéantar éagóir ar dhuine ar bith, agus go gcuirtear leas an phobail chun cinn.

Má tá ciall leis an amhras atá á léiriú ag Shane Ross le tamall, ní bheadh an fealsamh Rómhánach sásta in aon chor le córas dlí agus cirt na hÉireann faoi láthair.

Teastaíonn córas nua ón Aire Iompair a dheimhneoidh go mbeidh móramh ag gnáthdhaoine (seachas lucht dlí) ar choiste a chuirfidh liosta daoine a bheadh oiriúnach le ceapadh mar bhreithiúna faoi bhráid an rialtais. Teastaíonn clár oifigiúil freisin, dar leis, ionas go mbeidh faisnéis faoi acmhainní (tithe, réadmhaoin, scaireanna srl.) na mbreithiúna ar fáil go poiblí.

Fógraíodh córas ceapacháin nua do bhreithiúna i gclár an rialtais, ach níor moladh go forleathan athrú dá leithéid roimh an olltoghchán, ná ó shin. Tá leagan amach an chórais á phlé go fóill ag Ross leis an Taoiseach, le Frances Fitzgerald agus leis an Ard-Aighne Máire Whelan.

Chuir Ross i leith na mbreithiúna le gairid go raibh siad ag cur in aghaidh na leasuithe atá molta aige. Tharraing sé siar an ráiteas sin tar éis cúpla lá. Ach tá moill curtha ag an rialtas ar cheapadh breithiúna nua go dtí go mbeidh reachtaíocht dréachtaithe a shásaíonn an tAire.

Chuir Uachtarán na Cúirte Cuarda, an Breitheamh Raymond Groarke, ceist dhíreach faoi mhoill an Rialtais Déardaoin: ‘How can I do the work the Government expects me to do,’ a dúirt sé, ‘when they won’t give me the judges I need?’.

Cuimhnigh ar na deacrachtaí atá ar chlár oibre an rialtais faoi láthair. Pá sa tseirbhís phoiblí, mar shampla, nó táillí uisce, nó Breatimeacht, nó srianta ar dhíol deochanna meisciúla. Is ábhar iontais é, le hais na n-ábhar casta sin, an t-am agus an dua agus an t-achrann a bhaineann le ceist na mbreithiúna.

Spreagann amhras Ross ceist níos bunúsaí freisin. Gan dabht, níl gach breitheamh gan locht. Ach an gceapann mórán daoine, i dTeach Laighean nó lasmuigh de, nach mbeidh na cúirteanna cothrom ná cóir go dtí go gcuirtear córas nua ar bun chun breithiúna a cheapadh? Ní léir aon fhianaise a bheith ann gurb amhlaidh go gceapann.

Dé Domhnaigh: le premier choix…

Marine-le-Pen

Chas na roghanna a rinne vótóirí i reifreann na Breataine agus i dtoghchán na Stát Aontaithe ár mbuntuairimí faoin bpolaitíocht bunoscionn in 2016.

Déanfaidh vótóirí na Fraince an rogha is cinniunaí fós agus uachtarán nua le toghadh acu i gceann sé mhí.

 

De réir gach pobalbhreithe, (cloisim do gháire, gan dabht, a léitheoir dhil) bainfidh iarrthóir an Front National Marine Le Pen an dara babhta vótála amach. Síltear mar sin féin go mbeidh móramh ag an iarrthóir a sheasfaidh ina coinne.

Is é tuairim na coitiantachta thall nach bhfuil seans ar bith ag an Uachtarán Hollande dul chomh fada leis an dara babhta vótála, fiú. Mar sin, ba chóir go mbeadh cóir ghaoithe ag an té a bhuafaidh an dara babhta de thoghchán tosaigh (le primaire) na gcoimeádach De Domhnaigh.

Beidh rogha le déanamh Dé Domhnaigh idir iarrthóir ón eite chlé François Fillon (62) agus an t-iarrthóír lárnach Alain Juppé (71). Is leor táille €2 a íoc agus síniúchán ar dhearbhú, go n-aontaíonn vótóir le luachanna na n-iarrthóirí, chun cead vótála a fháil.

Is i mí na Bealtaine a dhéanfar an rogha chinniúnach. Má thoghtar Marine le Pen mar uachtarán, beidh bean i gceannas a gheallann go dtarraingeoidh sí an Fhrainc amach as córas an euro, agus go reáchtálfaidh sí reifreann ar bhallraíocht na Fraince san AE. I mbeagán focal, má bhuann Le Pen beidh an euro agus b’fhéidir an tAontas Eorpach i mbaol báis.

Chuirfeadh an tionchar a bheadh ag ceachtar cinneadh ar Éirinn, gan trácht ar an dá cheann in éineacht, creathanna talún 2016 in áit na leathphingine.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ I lathair ar RTE Raidió a hAon