‘We just don’t have a capacity to deliver a letter in Irish’ – státseirbhíseach sa Roinn atá freagrach as soláthar foirne le Gaeilge

Moladh eolas áirithe a choinneáil ón Choimisinéir Teanga a bhí ag fiosrú faoin moill ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Phlean Forbartha Náisiúnta

‘We just don’t have a capacity to deliver a letter in Irish’ – státseirbhíseach sa Roinn atá freagrach as soláthar foirne le Gaeilge

Mhol státseirbhíseach sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe gur cheart mioneolas a choinneáil siar ó Oifig an Choimisinéara Teanga faoi fhad na moille a bhainfeadh le leagan Gaeilge a chur ar fáil don Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN) a foilsíodh i mBéarla amháin ar an 16 Feabhra i mbliana.

Tugadh le fios freisin nach bhfeadfadh an Roinn sin aon gheallúint a thabhairt go gcomhlíonfaí amach anseo dualgais reachtúla a bhaineann le doiciméid áirithe a chur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.

I gcáipéisí atá faighte ag Tuairsic.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, mhol státseirbhíseach i rannóg chorparáideach na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe dá chomhghleacaí ar an 7 Márta srian a choinneáil ar an eolas a thabharfaí don Choimisinéir Teanga a bhí ag fiosrú gearáin faoi fhoilsiú an Phlean Forbartha Náisiúnta i mBéarla amháin.

Ag tagairt d’aistriú an phlean go Gaeilge agus na sonraí a bhí tugtha ina thaobh, dúirt an státseirbhíseach ‘I think less detail on the length of time this will take would be advisable’.

Léiríonn na cáipéisí nach raibh aon soláthar déanta ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe d’aistriú an phlean go Gaeilge ag tráth a sheolta agus go raibh orthu tabhairt faoi phróiseas tairisceana poiblí le seirbhís aistriúcháin a earcú.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá freagrach as riaradh foirne na státseirbhíse agus as a chinntiú go bhfuil dóthain státseirbhíseach ar fáil a bhfuil cumas acu sa Ghaeilge.

Is nuair a rinne an Coimisinéir Teanga teagmháil leo a d’fhiosraigh an Roinn an scéal maidir leis an bplean a aistriú. Measadh ar dtús nach dtógfadh aistriú an phlean i ndiaidh a sheolta ach idir dhá agus trí seachtaine ach thug an Oifig um Sholáthar Rialtais le fios don Roinn go dtógfadh sé sé seachtaine le próiseas tairisceana a reáchtáil agus conradh a bhronnadh ar chomhlacht aistriúcháin. Ba é tuairim na roinne dá bharr sin nach mbeadh an cháipéis aistrithe go Gaeilge go ceann tuairim is ocht seachtaine.

Níor tagraíodh don amscála sin sa fhreagra a cuireadh chuig an Choimisinéir Teanga.

Ina áit sin, thug an Roinn le fios go raibh “na socruithe i bhfeidhm chun leagan Gaeilge a chur ar fáil chomh luath agus gur féidir linn” agus tagraíodh do phróiseas tairisceana poiblí a bheadh le reáchtáil ag an Roinn.

Mhol an státseirbhíseach céanna dá chomhghleacaí go dtabharfaí gealltanas don Choimisinéir Teanga go ndéanfaí iarracht feasta a chinntiú go bhfoilseofaí cáipéisí go comhuaineach i mBéarla agus i nGaeilge i gcomhréir le dualgais na Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“It may also be helpful to state in the letter that efforts will be made to ensure that this does not reoccur.”

Mar fhreagra ar an moladh sin, thug an státseirbhíseach a bhí ag plé le foilsiú an phlean le fios nach bhféadfaí a leithéid de ghealltanas a thabhairt, nach raibh ar chumas a rannóige litir i nGaeilge a scríobh agus nach bhféadfaí fiú sonraí an ghearáin ón Choimisinéir Teanga a dheimhniú ó tharla gur i nGaeilge a rinneadh é.

“We just don’t have a capacity to deliver a letter in Irish, and can’t validate the detail of the complaint made (as it is in Irish). We also can’t particularly undertake that efforts will be undertaken to ensure this won’t recur, as presumably the Commissioner will expect a DPER corporate response to that effect.”

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an státseirbhíseach sa Rannóg Chorparáideach gur ghlac sí leis an phointe gurbh fhearr gan dearbhú a thabhairt nach dtarlódh a leithéid arís.

“…I accept your point that you can’t particularly undertake that efforts will be undertaken to ensure this won’t recur at this time,” a dúradh.

Sa fhreagra a seoladh chuig an Choimisinéir Teanga níor thagair an Roinn d’aon ghealltanas faoi cháipéisí cuí a fhoilsiú go comhuaineach i mBéarla agus i nGaeilge.

Dúirt an Roinn gur “doiciméad buiséid go príomha é an PFN a cuireadh le chéile mar thacaíocht do na prionsabail polasaithe atá leagtha amach go mion san Phlean Forbartha Náisiúnta”.

Dúradh sa litir a chuir an Roinn chuig an Choimisinéir Teanga go raibh an PFN “forbartha laistigh den amscála dhocht, rud a chiallaigh nach raibh an téacs sheasmhach oiriúneach aontaithe ag an Rialtas go dtí an maidin a sheoladh an tionscnaimh Tionscadal Éire 2040”. 

Dúradh freisin go raibh míniú simplí ar an phlean a fhoilsiú i mBéarla amháin –  gur ‘de bharr na dúshláin oibríochtúla dosháraithe’ [‘insurmountable operational challenges’] a tharla sé .

Léiríonn na cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie fosta go raibh an Roinn ag iarraidh imscrúdú foirmiúil faoin chás a sheachaint.

“…It is most important that we respond correctly at this stage rather than have the matter escalated to a formal investigation by An Coimisinéir Teanga, which would be a lengthy and costly process given the amount of translating that your division would then have to be involved in.”

Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Roinn go raibh sé an-tábhachtach go bhfoilseofaí cáipéis chuimsitheach mar seo i nGaeilge agus i mBéarla agus go gcuirfeadh sé as do chuid mhór daoine nár tharla sin.

Níl an plean 106 leathanach a foilsíodh i mBéarla ar an 16 Feabhra ar fáil i nGaeilge go fóill.

Fág freagra ar '‘We just don’t have a capacity to deliver a letter in Irish’ – státseirbhíseach sa Roinn atá freagrach as soláthar foirne le Gaeilge'

  • Mise freisin

    Ar iontaisí an tsaoil, sin é an leithscéal ceannann céanna a úsáideann mise agus mé ag plé leis na Coimisinéirí Ioncaim, lucht an NCT, dreamanna stáit eile, agus nuair nach mbíonn m’obair bhaile déanta agam – ‘de bharr na ndúshlán oibríochtúil dosháraithe’. Níor chlis sé riamh orm.

  • Pól Ó Braoin

    Bhuel ní gá cumas sa nGaeilge ag na stáitseirbhísigh níos mó. Níl aon bhuntáiste níos mó ag an stáitseirbhíseach atá in ann feidhmiú i nGaeilge. B’shin an rud a chaithfear a fhiosrú agus gan a bheith ag caitheamh aníos faoi phleananna teanga ná a leithéid. Tuigim go maith tosaíochtaí an rialtais seo agus níl ár dteanga san áireamh.

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Breathnóir

    Murar socraíodh an téacs deiridh den doiciméad go dtí lá a sheolta tá sé intuigthe ar bhealach go mbeadh sé deacair aistriúchán Gaeilge a chur ar fáil ag an am céanna; cé go bhfuil mé cinnte go mbeadh sé indéanta dá mbeidís dáiríre faoin dualgas teanga.
    Ach níl leithscéal ar bith acu gan an téacs a bheith aistrithe acu 3 mhí níos déanaí.
    Agus is lú leithscéal atá acu gan bheith in ann teacht ar dhuine amháin, laistigh den Roinn nó seachfhoinsithe, a bheadh ábalta litir a léamh agus a fhreagairt.

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Lá i ndiaidh an lae, bíonn a leithéid de scéalta éadóchasacha faoin nGaeilge de shíor ann. Tar éis an tsaoil, nárbh fhiú dúinn fiafraí “an é beartas um dhátheangachas [mar dhea] Ṗoblacht na hÉireann is ciontach as an teip ar athbheochan theanga dhúchais na hÉireann go dtí seo?” Cad iad na cinéalacha dlite teanga atá i bhfeidhm sna tíortha siúd nach bhfuil baol an éaglaigh ar a dteangacha féin (an Fhraincis sa Fhrainc, an Indinéisis san Indinéis, an Béarla i Sasana, an Eabhrais san Iosrael 7 a leithéidí)??