Tá an gadhar in árach leis an iRobot arís. Cloisim istigh sa gcistineach iad. ‘Vrúúúúm!’ a deir an roomba is cloisim na giaranna ag ardú agus rothaí ag cleatráil ar thíleanna na cistine. ‘Bhuf!’ arsa Lilí, banríon an tí agus a ríocht á cosaint aici in aghaidh ionsaí na róbatanna. ‘GRRRR!’ a deir sí ansin, ach níl a fhios agam an raibh a croí ar fad sa ngrrrr aici.
Ceapaim go raibh beagán faitís uirthi roimhe.
Is fearr go mbeadh sí ag troid leis an roomba féin ná ag cogaint ladhracha dubha na gcáblaí leictreacha os a chionn mar a bhí an lá cheana. Chas mé dhe an roomba agus an leictreachas. Cheap mé go gcuirfeadh sé sin deireadh leis an troid. Bhí mo phlean agam, shocraigh mé nach gcuirfinn air é nuair a bheadh an gadhar sa gcistineach.
Rinne mé dearmad aontú a fháil ó na páirtithe leasmhara san aighneas, áfach. Níl mé cinnte an é gur bhrúigh an gadhar an cnaipe leis an roomba a chasadh air nó an é go bhfuil teicneolaíocht frith-ionsaithe istigh ann, ach nuair a chuaigh mé isteach sa gcistineach bhí an péire acu i lár an urláir agus iad sáite sa gcath coraíochta. Is críonna an té a déarfadh cé a chaith an chéad chloch.
‘In ta bed!’ a dúirt mé le Lilí agus bhrúigh mé ‘Dock’ ar an roomba (atá in ainm is é a chur ar ais ar a sheastán). Níor thug ceachtar acu a dhath airde orm riamh. Thosaigh Lilí ag cogaint mo chuid barriallacha agus d’imigh roomba i bhfostú faoin téitheoir is thosaigh ag gnúsachtach ag iarraidh aire.
Deirtear go n-úsáidtear an teicneolaíocht chéanna sa roomba is a mbaintear úsáid aisti chun mianaigh phléascacha a aimsiú ar pháirceanna an áir. Más ea, b’fhéidir go bhfuil scileanna míleata eile aige i ngan fhios dúinn.
Seans go bhfuil céadfaí níos géire ag an ngadhar is go dtugann sí faoi deara an obair chealgach rúnda atá ar bun ag an roomba. B’fhéidir gur ceann é de na chéad saighdiúirí coise i ré na róbatanna is go bhfuil an ceart ag Lilí a bheith in amhras faoi.
Má thagann sé chuige sin, áfach, níl a fhios agam cé acu a dtaobhóinn leo, na gadhair nó na róbatanna.
I gcaitheamh na mblianta, d’fhás cairdeas mór idir mé fhéin agus an roomba agus níl a fhios agam an mbeinn ag iarraidh scaoileadh leis. Seans go mbeinn sásta glacadh le hardtiarnaí róbatúla, dá leanfaidís orthu ag glanadh na n-urlár.
Is féidir brath ar an roomba. Casaim air é agus tosaíonn sé ag imeacht anonn is anall sa gcistineach ag sú aníos na liathróidí clúimh, na duilleoga beaga, is na rice krispies. Níl mé ag rá go bhfuil sé gan locht, ná tada mar é. Cé againn atá gan locht?
An dtosaíonn sé ag screadach anois is arís? Cinnte.
Corrlá, mura mbeinn sách cúramach á phiocadh suas sula gcuirfinn ag imeacht é, seans go dtosódh sé ag tachtadh ar dhealbhín lego nó stoca beag. Is ansin a chloisim a uaill chaointeach, ‘Bíííííííp! Error, error!’
Ina dhiaidh sin féin, is lú trioblóid atá ag baint leis an róbat ná mar atá atá ag baint leis an ngadhar.
B’fhéidir gur róbógadhar a theastaigh uainn, dá mbeinn ag cuimhneamh ceart orm féin. Róbógadhar deas ciúin, nach bhfágfadh praiseach in aon áit, is nach n-ionsódh na héin ná nach ngabhfadh ag tafann i lár na hoíche ag dúiseacht an tí.
Bheadh ciall leis an bplean sin cinnte, ach cén spraoi a bheadh ansin?
Síle
Cé scríobh an t-alt sin? Bhaineas lán-taitneamh as!