Vicky Phelan agus caint mhíchúramach an Taoisigh

Ba chóir don Taoiseach aird a thabhairt ar a ndúirt Vicky Phelan leis inné, agus gach ráiteas faoin scannal seo a mheá go cúramach sula n-osclaíonn sé a bhéal

Vicky Phelan agus caint mhíchúramach an Taoisigh

Vicky Phelan. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Ní dhéanann ár mbunáite mórán smaoinimh de ghnáth sula labhraímid. Mar sin féin, tuigimid go léir nár chóir focal a rá uaireanta gan a bhrí agus a thoradh a mheá roimh ré. 

B’fhéidir gurb é an seanfhocal, ‘Is minic a bhris béal duine a shrón’, an chomhairle maidir le réamh-mhachnamh is túisce a d’fhoghlaimíomar ar scoil. Ach chualamar go léir iliomad leagan di ó dhaoine fásta sular thuigeamar i gceart an dochar a dhéanann caint gan smaoineamh.

Gan dabht, ní leor tost mar fhreagra ar chruachás, fiú má deirtear rud éigin a mbeidh aiféala faoi ar ball. Is treise an brú ar dhaoine a bhfuil freagracht oifigiúil orthu fadhb a réiteach.

Is treise faoi dhó an brú ar airí rialtais, agus ar Thaoiseach go háirithe. Is é scannal na dtrialacha ceirbheacsacha an sampla uafásach is deireanaí den chineál scéal náireach a thagann aniar aduaidh ar gach ceannaire rialtais.

Fearacht gach scéal náireach eile, theastaigh freagraí gan mhoill ón bpobal, agus ón 221 bean a bhí thíos leis an scéal go háirithe, ar cheisteanna a bhain leis an gcúis gur tharla sé agus leis an bhfiosrú faoi. Agus ar cheisteanna a bhaineann leis an gcabhair atá tuillte ag na mná a d’fhulaing, agus atá ag fulaingt i gcónaí.

Ní hionann agus an gnáthdhuine, áfach, ní bhíonn Taoiseach ná aire rialtais cheal dea-chomhairle riamh agus ceist le freagairt acu. Go deimhin, más cruacheist ó thaobh dlí a bhíonn le freagairt, is leor glaoch roimh ré ar an Ard-Aighne lena réiteach.

Chas Leo Varadkar le Vicky Phelan inné, trí mhí beagnach tar éis dó geallúint a thabhairt nach bhféadfaí a chomhlíonadh.

Is ar an 11 Bealtaine a labhair an Taoiseach faoi dhearcadh an rialtais ar an gcúiteamh do mhná a ndearnadh scagthástáil lochtach orthu, nó mná nár tugadh lán-eolas dóibh láithreach faoi athbhreithniú a rinneadh ar thoradh na scagthástála.

Ní bheadh orthu dul chun cúirte, a dúirt Leo Vardkar, chun cúiteamh a fháil. Thairgfí idirghabháil dóibh, a dúirt sé, ionas nach mbeadh cás cúirte riachtanach. Is ina dhiaidh sin a rachfaí sa tóir sna cúirteanna ar na saotharlanna a rinne an scagthástáil.

D’admhaigh an Taoiseach Dé Luain nach raibh a ndúirt sé an uair sin sách “soiléir”. Ghabh sé leithscéal arís le Ruth Morrissey as Luimneach, a bhfuil ailse cheirbheacsach uirthi agus gan aon leigheas i ndán di. Cuireadh iachall ar Ruth fianaise a thabhairt ar feadh dhá lá san Ard-Chúirt i gcás ina bhfuil cúiteamh á lorg aici.

Bhí an t-ádh ar Leo Varadkar nach raibh deis ag ceannairí an fhreasúra é a cheistiú sa Dáil faoi na bearnaí a d’fhág sé sna ráitis thuas. Gheall sé cur chuige i mí na Bealtaine nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm, agus nach bhféadfaí a chosaint dá mbeadh sé á cheistiú sa Dáil.

D’admhaigh an Taoiseach an tseachtain seo go raibh ceart ag gach duine dul chun cúirte. Tá an ráiteas sin chomh ‘soiléir’ anois agus a bhí sé trí mhí ó shin, mar a déarfadh an tArd-Aighne nó abhcóide ar bith leis dá bpléifí an scéal leo.

Ní féidir le duine ar bith scéal an uafáis seo a phlé go stuama go mbeidh faisnéis mhuiníneach ar fáil maidir le dhá phríomhábhar:

1. Na cásanna inar tugadh breithiúnas faillíoch nó lochtach ar scagthástáil cheirbheacsach (seachas scagthástáil nár léirigh contúirt ailse cheal fianaise).

2. An fáth nár dúradh gan mhoill le mná go raibh ailse cheirbheacsach orthu ainneoin scagthástáil a thug le fios go raibh siad slán ó bhuairt.

Ní bheidh fiú bunábhar na bhfreagraí a theastaíonn ar fáil go gcríochnóidh an Dochtúir Gabriel Scally a réamhfhiosrúchán – deirtear anois go mbeidh a thuairisc ar fáil roimh dheireadh na míosa seo nó an mhí seo chugainn.

Idir an dá linn, ba chóir don Taoiseach aird a thabhairt ar a ndúirt Vicky Phelan leis inné, agus gach ráiteas faoin scannal seo a mheá go cúramach sula n-osclaíonn sé a bhéal.

Fág freagra ar 'Vicky Phelan agus caint mhíchúramach an Taoisigh'