Úrscéal gairid a d’oirfeadh dá lán é a léamh agus Ku Klux Klan na hÉireann ag loscadh leo

Is beag rud is oiriúnaí faoi láthair ná scéal mar gheall ar an slua mór arbh éigean dóibh teitheadh óna bhfearainn chearta is chóra agus atá ag iarraidh tearmainn i dtíortha ramhra rófhorbartha na hEorpa

Úrscéal gairid a d’oirfeadh dá lán é a léamh agus Ku Klux Klan na hÉireann ag loscadh leo

Cé go bhfógraítear gurb úrscéal do dhaoine óga é Faoi Cheilt le Thierry Robberecht (An Gúm) d’oirfeadh dá lán é a léamh inniu le croí mór maith.

Níl aon chlaí na muice duibhe ná balla cosanta idir a scríobhtar don aos óg agus don duine fásta má tá an teanga agus an t-ábhar araon oiriúnach. Agus is beag rud is oiriúnaí faoi láthair ná scéal mar gheall ar an slua mór de theifigh arbh éigean dóibh teitheadh óna bhfearainn chearta is chóra agus atá ag iarraidh tearmainn i dtíortha ramhra rófhorbartha na hEorpa. Is mó is oiriúnach é nuair atá Ku Klux Klan na hÉireann ag dul timpeall ag loscadh ionaid éagsúla a meastar ‘baol’ a bheith ann go bhféadfadh díbeartaigh a gcloigeann a chur síos iontu.

Úrscéal gairid níos lú na ceithre scór leathanach é seo mar gheall ar chailín óg a bhfuil Elsa uirthi i gcathair mhór sa bhFrainc a thagann de thimpiste ar champa gruama gránna mídhaonna teifeach agus a chuireann roimpi cabhair a thabhairt dóibh oiread agus is féidir léi. Ocht míle duine faoi ainnise atá sa champa ‘na himircigh, na hocracháin, na fánaithe’. Baintear siar aisti, gan amhras, agus fiafraíonn di féin ag féachaint ar an radharc dearóil os a comhair amach ‘An ar mhaithe leis seo a rinne na daoine seo a dtithe a thréigean, an Mheánmhuir a thrasnú agus na céadta míle constaic a shárú – le bheith ag snámhaíl i láib seo na Fraince?’ Baintear geit níos mó aisti, áfach, nuair a dhiúltaítear di obair a dhéanamh sa champa toisc go bhfuil sí ró-óg, níl aici ach ceithre bliana déag.

Mar a deir bean eile atá ag obair san áit nach n-aontaíonn leis an gcinneadh sin: ‘A leithéid de chacamas agus ocras ar dhaoine! Cén fáth in ainm Dé a mbeadh cead speisialta uait chun anraith a chur i mbabhla?’

Is í éirim an scéil, áfach, go nascann sí cairdeas le buachaill dá haois féin, Bachir, arb as an tSiria dó féin agus dá mhuintir. Mar a thuigfí ní mó ná sásta atá a tuismitheoirí leis seo, i dtosach ar aon nós. Níl an scéal chomh simplí sin, óir insíonn a seanathair di gur teifeach ba ea é féin tráth den saol le linn an dara cogadh mór, agus gurbh éigean dó féin agus dá mhuintir imeacht le heagla roimh na buamaí, ‘Is scáfar an rud iad na buamaí, a Elsa,’ mar a mhíníonn sé di.

Nuair a thuigeann a tuismitheoirí cás an bhuachalla agus a theaghlaigh tá siad sásta seancharbhán atá acu a thabhairt dóibh mar áit lonnaithe go dtí go mbeidh rud éigin níos buaine acu. Mar a thuigfí cuireann seo cuid den phobal suarach biogóideach le báiní agus déanann siad léirsithe bagracha lasmuigh den charbhán agus íde dá réir acu do mhuintir Elsa. Tá, gan amhras, ‘brat na Fraince ina lámha ag a bhformhór’ agus iad ag liúirigh is ag béicigh agus ag séideadh gur gearr anois go ndéanfar ‘mosc de gach séipéal’. Cár airíomar é seo cheana, n’fheadar?

Ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh múinteoirí an Teastais Shóisearaigh ag santú an leabhair seo.. 

Tá radharc gairid amháin a chuimsíonn an eagla bhuan a bhíonn ar theifigh dá sórt. Agus béile á ithe acu laistigh den charbhán gabhann eitleán thar bráid os a gcionn lasnairde. ‘Nuair a chuala muintir na Siria torann an eitleáin, d’iompaigh lí an bháis orthu. Bhreathnaigh siad in airde ar shíleáil an charbháin amhail is go raibh tubaiste chucu agus an díon ar tí titim sa mhullach orthu. Léim líon an tí isteach faoin mbord…’ Ní gá dul i bhfad scéil leis an méid sin a mhíniú.

Tá go leor eachtraí eile sa scéal agus ní i gcónaí gur mar a shíltear a bhítear. Ach léargas simplí oscailte croíbhristiúil é (don té a bhfuil croí aige) ar chás na ndaoine sin ar scriosadh an saol orthu ar scáth na sainte, na cumhachta agus na polaitíochta.

Níl aon eolas agam ar an scríbhneoir, Thierry Robberecht, ach is cosúil go bhfuil go leor leabhar scríte aige don léitheoir óg, agus dá réir sin don léitheoir fásta chomh maith. Tá creidiúint cheart le dul don Ghúm a chuir orthu seo a aistriú agus a fhoilsiú dúinn.

Fág freagra ar 'Úrscéal gairid a d’oirfeadh dá lán é a léamh agus Ku Klux Klan na hÉireann ag loscadh leo'

  • Antóin

    A leithéid de mhí; Pádraig ina theifeach singil gan doiciméid taistil. Pádraig ina gníomhaí comhshaoil agus anois KKK na hÉireann!

    Níl a fhios agam cé acu, an iascaire Alan ina shuí ar bhruach na habhna, cuiteog mhéith ar a dhuán agus é ag fanacht go foighdeach ar chránaí mór de bhreac nó an síoladóir é ag scaipeadh síolta nó an diabhal lán diabhlaíochta é ach cibé.

    Fágtar mé ag tochas mo chinn nuair a chaitheann an scríbhneoir Gaeilge is bisiúla, is mó tábhacht, is mó samhlaíocht agus is mó cáil san aois seo a leithéid isteach sa phlé.

  • Kevin Hickey

    Go bhfága Dia againn Alan Titley – agus go raibh maith aige.