ÚnaG i ‘i ngreim an dá bhruach’ – Roinn na Gaeltachta

In olcas a rachaidh an scéal don Údarás de réir mar a mheádaíonn ar a bhillí sna blianta amach romhainn

udaras_051-1024x681

I ngreim an dá bhruach atá Údarás na Gaeltachta de dheasca fadhbanna maoinithe agus costaisí arda pá agus pinsin, dar le Roinn na Gaeltachta.

San aighneacht réamhbhuiséid a chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi bhráid an Rialtais, deirtear go bhfuil an tÚdarás fágtha i “perilous position” ag na ciorruithe atá déanta air le blianta beaga anuas.

“As the Department’s current funding has contracted in recent years so too has the level of contribution towards Údarás’ costs. The body has consequently had to fund an increasing proportion of its pay bill from within its own resources,” a deir aighneacht na Roinne.

Deirtear go bhfuil brú chomh maith ar an Údarás mar gheall ar an gcaiteachas atá le déanamh ar na foirgnimh atá ina sheilbh.

“The upward pressures primarily derive from the maintenance of the bodies’ property portfolio. The building infrastructure in many cases is old and the costs of upkeep are increasing as a result,” a deir an aigheancht réamhbhuiséid.

I 2014 cheadaigh Roinn na Gaeltachta €8.8m d’Údarás na Gaeltachta chun a bhille pá agus pinsin a íoc, ach fós beidh ar an eagraíocht féin €1.1m a íoc i mbliana chun a chostaisí sa réimse seo a ghlanadh.

Maítear gur in olcas a rachaidh an scéal don Údarás sna blianta amach romhainn mar gur i méid a rachaidh a bhille pá agus pinsin.

“Given the age profile of Údarás staff and the general thrust of Government policy towards staff numbers and reductions the volume of pensions and lump-sums to be covered from within this provision will increase considerably in the coming years,” a deir aighneacht réamhbhuiséid na Roinne Gaeltachta.